Abhaile | QUIZ | T1 | T2 | T3 | T4 | T5 | T6 | T7 | T8 | T9 | T10 | T11 | T12 | T13 | T14 | T15 | T16 | T17 | T18 | T19 |
Fear Faighte na gCúl
![]() |
Michael Owen
|
Thosaigh Michael Owen a shaol mar pheileadóir gairmiúil mí na Nollag 1996 nuair a d`fhág sé foireann shóisearach Liverpool ina dhiaidh. Laistigh de 18 mí ina dhiaidh sin bhí a ainm in airde ar fud an domhain i ngeall ar an taispeántas dochreidte a thug sé i gComórtas Chorn an Domhain sa bhFrainc. Chuir sé barr maise ar a chlú leis an gcúl ab fhearr dá bhfacthas riamh sa chomórtas sin sa chluiche in aghaidh na hAirgintíne. Ainneoin sin is uile is duine modhúil caoin é i gcónaí. |
D`imir
sé dá scoil agus fuair sé 97 gcúl dóibh,
rud a sháraigh curiarracht Ian Rush roimhe.
Ar an séú lá de Bhealtaine 1997 d`imir sé a chéad chluiche do Learpholl in aghaidh Wimbledon agus fuair sé cúl. Sa seasúr sin 97/98 ba é Michael an tosaí ab fhearr sa Léig - fuair sé 18 gcúl. Toghadh é mar Imreoir Carling na Bliana agus mar Imreoir Óg na bliana freisin. Ar an 11ú Feabhra 1998 chuir sé tús lena pheileadóireacht idirnáisiúnta nuair a d`imir sé ar fhoireann Shasana in aghaidh Chile. Ní raibh an t-ádh leo an lá sin, áfach, mar buadh orthu 2 - 0. Níl sé ach 23 bliana d`aois agus tá an t-uafás duaiseanna tuillte aige:
Is peileadóir iontach maith é Michael agus tá go leor clubanna ina dhiaidh ach tá sé breá sásta fanacht le Learpholl. |
|