Daithí Ó Murchú
An Turas go Ceapach na gCapall
Dhúisigh daltaí na hIdirbhliana go moch ar maidin ar an aonú lá is fiche de mhí mhéan an Fhómhair.
Shroich gach duine an staísiún timpeall a seacht a chlog.
Bhíomar ag dul go dtí Ceapach na gCapall (Clonbur) i gContae na Gaillimhe.
Deich nóiméad tár éis a seacht d'fhág an traein an stáisiún.
Bhí áthas ar gach duine.
Tar éis cúpla uair an chloig shroicheamar stáisiún na Gaillimhe.
Ansin fuaireamar bus go dtí an teach.
Bhí sé leath uair tar éis a haon nuair a d'itheamar lón sa chistin.
Nuair a chríochnaigh gach duine an lón, ghlanamar an seomra agus chuamar ag rianóireacht sa choill.
Sa choill bhí sé salach agus fliuch.
Bhi tuirse ar gach duine agus bhíomar salach agus fliuch nuair a thángamar abhaile.
San oíche, chuamar ag rianóireacht arís i gcoill eile.
Ní raibh sé salach ach bhí se dorcha, fliuch agus fuar.
Tar éis tamaill bhí gach duine bréan den chraic agus chuamar a luí.
Is beag codladh a fuair aon duine an oíche sin mar chuaigh daoine ó sheomra go seomra agus chuir siad taos fiacal i ngruaig daoine agus scríobh siad ar a n-aghaidh!
Dé Céadaoin d'éiríomar ar a ceathrú chun a hocht.
Tar éis an bhricfeasta thógamar bád go dti an t-oileán i lár an locha.
Tá bac-chúrsa ar an oileán.
Bhí an bac-chúrsa salach agus bhí an talamh fliuch.
Shleamhnaigh Ian Breathnach síos cnoc beag, agus shleamhnaigh Liam Mac Conchoille ar bharraí an mhoncaí agus thit sé ar a dhroim ar an talamh.
Tar éis an dinnéir chuamar ag "absail-áil" sa choill síos an bóthar.
Bhíomar 60 troigh san aer agus dhreapamar síos an balla.
San oíche d'fhéachamar ar an gcluiche sacair i Léig na Seaimpíní idir Man.Utd agus Stum Graz, agus chuaigh cúpla duine go dtí an siopa.
I lár na hoíche tháinig daoine ó sheomra eile isteach i mo sheomra.
Thosaigh troid na bpiliúr sa seomra.
Tar éis cúpla nóiméad rith siad amach.
Tar éis cúpla uair an chloig rith Colm Mac Fhiachra agus Pól Mac Easmainn isteach sa seomra eile agus scríobh siad ar aghaidh gach duine sa seomra!
Tar éis an bhricfeasta ar an Déardaoin d'imíomar ag curachóireacht.
Thít mé amach as an mbád i lár an locha, ach dhreap mé isteach sa bhád árís.
Tar éis an dinnéir chuamar ag "kayak-áil" sa loch.
Thit mé san uisce arís nuair a chuaigh mo bhád síos faoin uisce.
Sán oíche d'ímríomar cluíchí ach bhí siad leadránach.
I lár na hoíche bhí gach duine ag troíd leis na piliúir.
Ní dheachaigh aon duine a chodladh: bhíomar ag imirt cártaí, ag éisteacht leis an raidió agus ag caint.
Tar éis cúpla uair an chloig thosaigh an troid aris.
Tháinig na múinteoirí amach agus thosaigh siad ag troid leis na daltaí.
Dé hAoine chuamar ag siúl sa ghleann.
Shiúlamar suas an abhainn agus léimeamar ó bharr an easa.
Nuair a shroicheamar an teach, d'itheamar an lón agus chuamar abhaile.