Abhaile  | QUIZ  | Leabhair  | Ceol 60  | MTV  | Taekwon-Do  | K.Moran  | N.Quinn  | Galf  | Turas  | sacar99

Fear an Eolais

SDL

Stiofán de Lása



Kevin Moran


Rugadh Kevin Moran i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1956. Nuair a bhí sé óg , chuaigh sé ar scoil i gCaisleán Druimnigh . Thosaigh sé ar an bpeil ghaelach i mBaile Átha Cliath leis an bhfoireann scoile.
kevinmoran Bhuaigh sé go leor leor bonn as an bpeil ghaelach. Bhí sé ar fhoireann bhuachach na nDubs sa bhliain 1977.

Shínigh sé le Manchester United sa bhliain míle naoi gcéad seachtó a hocht (1978) . Thóg sé tamall air socrú síos i Sasana . D'fheabhsaigh sé thar na blianta. Bhí sé misniúil cróga thar na bearta agus is minic a bhíodh fuil ar a bhaithis roimh dheireadh an chluiche.

D'ainneoin a íomhá crua , ní raibh mailís ná drochbhraon riamh i Kevin agus bhí náire an domhain air gurbh é féin an chéad imreoir riamh ar taispeánadh an cárta dearg dó i gcluiche ceannais Chorn an F.A in aghaidh Everton F.C (1985). Léirigh na ceamaraí teilifíse nach ndearna sé feall pearsanta ar Peter Reid agus tar éis tamaill bhronn F.A Shasana an bonn ar Kevin . Bhí sé go han-sásta. kevinmoran

Nuair a d'fhág sé Old Trafford sa bhliain míle naoi gcéad ochtó a hocht (1988) , chuaigh sé thar sáile le himirt sa Spáinn. Nuair a tháinig sé ar ais, shínigh sé le foireann Jack Walker, Blackburn Rovers sa bhliain míle naoi gcéad ochtó a hocht (1989) .

D'imir sé le Foireann na hÉireann uair agus seachtó.

D'éirigh Kevin as an imirt sa bhliain míle naoi gcéad nócha a ceathair (1994) . D'imir Kevin taobh le taobh leis na himreoirí móra - Paul McGrath , Packie Bonner , Tony Cascarino , John Aldridge , Ronnie Whelan agus Mick McCarthy .