Abhaile  | QUIZ  | Leabhair  | Ceol 60  | MTV  | Taekwon-Do  | K.Moran  | N.Quinn  | Galf  | Turas  | sacar99


Cleasaíocht ón Domhan Thoir

Gabhán Mac Searraigh

Taekwon-Do

Is é an Taekwon-Do an ealaín mhíleata is cumhachtaí ar domhan. Is ealaín mhíleata ón gCóiré é agus bhí sé in usáid san arm sa Chóiré. Thosaigh sé sa bhliain naoi déag caoga a cúig .

Choi HongBhunaigh Ginearál Choi Hong Hi é.

Ciallaíonnn Taekwon-Do ealaín lámh agus cos.Tá trí mhíle is dhá chéad gluaiseachtaí sa Taekwon-Do.

 

Ki Ha RheeThosaigh Taekwon-Do in Éirinn i naoi déag seachtó a dó. Bhunaigh Grand Master Ki Ha Rhee an R.I.T.A (Republic of Ireland Taekwon-Do Association).

Cleachtann daoine Taekwon-Do ar fud an domhain agus bíonn sé ar siúl i gCaisléan Druimnigh sa halla spóirt gach seachtain.

Taispeánann daltaí Taekwon-Do cúirtéis, ionracas, seasmhacht, féin-smacht agus spiorad dochloíte. Tosaíonn daltaí leis an gcrios bán. Ina dhiaidh sin, bíonn na creasa buí, glas, gorm, dearg agus dubh.

Déanaim féin an Taekwon-Do agus déanann mo dheartháir agus m'athair é. Thosaigh mé nuair a bhí mé naoi bliana d'aois. Tá crios dearg agam agus tá creasa dubha ag m'athair agus mo dheartháir.

Bhuaigh mé timpeall ocht mbonn agus trófaithe. Bhí mo dheartháir ,Leon, ar fhoireann Taekwon-Do na hÉireann agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann sóisearach na hÉireann i gCraobh an Domhain.

 

Is teagascóirí iad m'athair agus mo dheartháir sa halla spóirt i gCaisleán Druimnigh.

Tuilleadh Eolais