Abhaile  | QUIZ  | Leabhair  | Ceol 60  | MTV  | Taekwon-Do  | K.Moran  | N.Quinn  | Galf  | Turas  | sacar99


Fathach an tSacair

Seán Mac Shéamais

Niall Quinn

Is iomaí cor i saol an duine. I gcás an leaid seo, ba é an uair go bhfaca scabhta ón gClub Arsenal i Sasana é ag imirt peile a réitigh a chinniúint.
Rugadh agus tógadh Niall in Perrystown, Baile Átha Cliath agus d'fhreastail sé ar Scoil Pheadair. Ansin tháinig sé anseo go dtí Caisleán Druimnigh.
Bhí Niall go maith ag smachtú, ag seachadadh agus ag scóráil, ach ba é an bua ba mhó a bhí aige ná an chaoi a raibh sé ábalta a chloigeann a úsáid. Bhí Niall cliste glic ar scoil agus bhíodh sé sna ranganna "A".
Toisc go raibh sé ard (6'4") bhí sé ábalta an liathróid a fheiceáil ag teacht trasna sula bhfeicfeadh na cosantóirí í. Faoin am go raibh siadsan ag léim chun an liathróid a choinneáil amach bhíodh sé curtha isteach san eangach ag Niall. D'fhágtaí an cosantóir bocht ina sheasamh.

Chuaigh sé go dtí Arsenal ar dtús, áit ar imir sé 6 chluiche agus inar scóráil sé péire cúl. Bíonn sé deacair i gcónaí cruthú go maith sa chéad bhliain nó dhó ag an leibhéal is airde i Sasana.
An dara bliain rinne sé an rud céanna arís - 6 chluiche agus dhá chúl.

Ansin chuaigh sé go dtí Manchester City, áit a raibh súil aige cúl a fháil sa chéad chluiche.
Sa chéad chluiche, in aghaidh Chelsea, bhí sé lasta le díograis agus scóráil sé cúl. Chruthaigh sé seansanna do na himreoirí eile freisin - Clive Allen, Alan Harper agus Colin Hendry.
Thug sé obair mhór don chúl báire Dave Bessant an lá sin.

Roghnaíodh é le himirt ar fhoireann B na hÉireann in aghaidh Sasana B ag Crois Turner. Scóráil Niall dhá chúl sa dara leath agus is cinnte gur chabhraigh sé sin le Niall áit a ghnóthú ar an bhfoireann a bheadh ag dul go dtí an Iodáil le haghaidh Chorn an Domhain 1990.
Bhí an-tábhacht ag baint leis an gcluiche sin. Bhuaigh Éire an cluiche 4 - 1 agus bhí páirt mhór ag Niall agus ag David Kelly sa bhua sin.
Bhí Niall 24 bliana d'aois ag an am. Bhí 23 chluiche imeartha aige le Man City agus bhí 7 gcúl faighte aige dá thír dhúchais.

Seo mar a chruthaigh Niall le Manchester City:

Bliain Cluiche Cúil
1989/1990 9 4
1990/1991 38 20
1991/1992 35 12
1992/1993 39 9
1993/1994 15 5
1994/1995 35 8
1995/1996 32 8
IOMLÁN 203 66

In aghaidh Sasana, i Wembley, i gCraobh na hEorpa, scóráil Steve Staunton féinchúl os comhair lucht leanúna 77,750. Fuair Niall an cúl a chuir an dá fhoireann ar chomhscór.

Sa bhliain 1996/1997 thosaigh Niall ag imirt le Sunderland. D'imir sé 12 chluiche agus fuair sé dhá chúl. An bhliain dar gcionn, 1998/1999, tháinig Niall ar pháirtí iontach, Kevin Phillips. Ní raibh sé chomh cleachta céanna le Niall ach níorbh fhada gur thuig siad a chéile go maith. Bhuaigh Sunderland an léig gan stró agus suas leo go dtí an Léig Príomha.
Cá bhfios céard a tharlódh fós?

Go n-uige seo tá 72 chúl faighte ag Niall agus 255 chluiche imeartha aige.

CLUB Tosú Costas
Arsenal Samhain 1983 Saor in aisce
Man City Márta 1990 £750,000
Sunderland Lúnasa 1996 £1,300,000

Niall Quinn

Dáta Breithe: 6 Deireadh Fómhair 1966.

Áit ar Rugadh é: Baile Átha Cliath.

Airde: 6' 4''

Meáchan: 14 chloch 4 phunt

Clubanna Sóisir: Manortown, Lourdes Celtic (sacar) agus Robert Emmets (peil ghaelach)

Onóir agus Glóire: Roinn a haon buaite dhá uair, Corn Littlewoods.

Taithí Idirnáisiúnta: Foireann na nÓg, U 21, U 23, B agus an fhoireann shinsir.

An chéad chluiche aige i Sasana: Arsenal v Liverpool 14 Nollaig 1985
Scóráil Niall an chéad chúl agus chríochnaigh an cluiche 2 - 0.

An Inspioráid Mhór: Múinteoir de chuid Chaisleán Druimnigh agus bainisteoir an tsacair - John Molloy.




.