Abhaile  | QUIZ  | Leabhair  | Ceol 60  | MTV  | Taekwon-Do  | K.Moran  | N.Quinn  | Galf  | Turas  | sacar99

Fear Léite Leabhar

Shane

Shane Forbes


To Kill a Mockingbird

Ábhar:

An óige, ag fás aníos, ciníochas agus caidreamh i measc daoine.

Téama:

Tábhacht an oideachais i bhforbairt an duine, ciall cheart an mhisnigh agus an tionchar a bhíonn ag dearcadh agus claonadh ciníoch ar chaidreamh daonna.

Láthair:

Maycomb, Alabama thart faoi na tríochaidí.

Scéalaí:

An chéad duine: Scout, Iníon Atticus Finch.

Cnámha an scéil:

Tá Scout sé bliana d'aois, cuireann sí síos ar na heachtraí a tharlaíonn di i rith an tSamhraidh lena deartháir Jem agus lena cara Dill. Is é an príomheachtra ná an iarracht chun Boo Radley a fheiceáil, mar ní thagann sé amach as a theach riamh. Téann Scout ar scoil. Níl an múinteoir ró-shásta, mar tá Scout ábalta léamh cheana féin. Ní thuigeann sí cén fáth go gcaithfidh sí dul ar scoil. Míníonn a hathair di nach mbeidh sí ábalta daoine a thuiscint gan féachaint ar chúrsaí ó thaobh an duine eile.

An Samhradh dar gcionn, téann na páistí suas go dtí teach Boo Radley os íseal. Scaoileann an tUasal Radley gunna san aer agus ritheann siad. Tá eagla ar na páistí.

Cosnaíonn Atticus Tom Robinson sa chúirt. Níl gach éinne sásta leis seo. Ceapann daoine áirithe go bhfuil Atticus ró-mhór leis na daoine gorma. Ní bhuann Atticus an cás cúirte ach cruthaíonn sé gur bréagadóir é Bob Ewell. Bagraíonn Bob Ewell díoltas ar Atticus. Tar éis tamaill maraítear Tom Robinson agus é ag iarraidh éalú ón bpriosún. Ionsaíonn Bob Ewell Jem agus Scout ach tagann Boo Radley i gcabhair orthu agus "titeann Bob ar a scian féin". Níor ghabh an sirriam Boo Radley. Ba é tuairim Scout go mbeadh sé sin cosúil le "shootin' a mockingbird''.