Cuireann Áras
Uí Ghramhnaigh raon leathan cúrsaí ar bun
le haghaidh scoileanna agus le haghaidh scoláirí a
bhíonn ag ullmhú do scrúdaithe. |
![](../pic/buach.jpg) |
Bunscoileanna
Seachtain sa Ghaeltacht
-do dhaltaí Gaelscoile
-Luan go hAoine (Mean Fómhair go Meitheamh)
Deis iontach
í seo do phaistí Rang 5 & 6 saol na Gaeltachta a
bhlaiseadh ar feadh 5 lá. Téann siad 'ar scoil' lena
mhúinteoir féin i rith an lae agus eagraíonn cinnirí
imeachtaí spóirt, amhránaíocht, rince agus turas dóibh
um thráthnóna. Féadfaidh múinteoirí a rogha dátaí
agus clár imeachtaí a roghnú. |
Le
haghaidh sonraí ar Chúrsaí Lae an tSamhraidh,
deán teagmháil leis an
bPríomhoifig. |
Meanscoileanna
Cúrsaí Gníomhaíochta Dhá Lá
-i rith na seachtaine/deir. seachtaine ( M.Fómh -
Meith.)
Bíonn
ranganna, turais, spóirt, drámaíocht, céilithe agus
go leor eile ar fáil do ghrúpaí meánscoile le linn
na scoilbhliana ar fad. Eagraionn foireann múinteoirí
agus cinnirí Ráth Cairn an cúrsa seo a mbíonn an-tóir
air, agus cabhraíonn sé go mór chun a thaispeáint do
dhaltaí go bhfuil spraoi ag baint leis an nGaeilge
freisin..cuma céard é an leibhéal cumais atá acu. Féadfaidh
múinteoirí a rogha dátaí agus clár imeachtaí a
roghnú.
Cúrsaí
le haghaidh Scrúdaithe (Gaeilge, Fraincís & Gearmáinis)
Dianchúrsa Acadúla
-teastas Sóis. agus Ardteist.
-deireadh seachtainí (Deire Fómhair go Nollaig amháin)
Clúdaíonn
an tsraith seo de 6 cinn de dheireadh seachtainí an cúrsa
don scrúdú Gaeilge agus d'ábhar roghnaithe eile (Fraincís
nó Gearmáinis). Bíonn seisiún staidéir faoi
mhaoirseacht ann mar chuid den chlár ama, rud a thugann
an deis do na daltaí díriú ar ábhair eile. Caithfidh
leibhéal áirithe líofachta sa Ghaeilge a bheith ag na
daltaí. Ba chóir do thuismitheoirí/caomhnóirí na háirithintí
agus na socraithe taistil a dhéanamh. I gcás go mbíonn
grúpa daltaí ag taisteal ón gceantar céanna, féadfar
seirbhís bus a réiteach ach í a iarraidh.
|
![](../pic/slan.jpg)
|
An Scrúdú Cainte Gaeilge
-Ardteist.
-deireadh seachtainí (M. Fómhair go
Meitheamh)(Sept. - June)
Díríonn an
cúrsa riachtanach seo ar an dalta a ullmhú don scrúdú
cainte Gaeilge - déantar tástáil insamhlaithe agus
faightear aiseolas chomh maith. Féadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí
nó múinteoirí na háirithintí a dhéanamh.
Cúrsa
Réamhscrúdaithe
Gaeilge, Fraincís
& Gearmáinis
-deireadh seachtainí ( go déanach i Mí Eanáir)
Díríonn an
cúrsa riachtanach réamhscrúdaithe seo ar an dalta
Ardteiste a ullmhú dona scrúdaithe cainte sa Ghaeilge
agus i teanga roghnaithe eile (Fraincís nó Gearmáinis).
Freastalófar go cothrom ar an dá ábhar i
dtimpeallacht chumarsáideach foghlama. Féadfaidh
tuismitheoirí/caomhnóirí nó múinteoirí na háirithintí
a dhéanamh.
|
Turasanna agus
Imeachtaí breise gur feidir a eagrú:
- Cuairt an bPortach!
- Brú na Bóinne
- Sliabh na gCailligh
- Baile Átha Throim
- Ceannanas Mór
|
Soláthraíonn
Mná Tí an cheantar cóiríocht (caithfidh tú Mála
Codlata a thabhairt leat). Coinníonn múinteoir, na Mná
Tí, nó Bainisteoir an Chúrsa súil ar na daltaí i gcónaí.
Chun áirithintí a chinntiú caithfear éarlais £10 an
dalta a íoc. Is féidir foirmeacha
iarratais agus breis sonraí a fháil ach iad a iarraidh. |