Fáilte go Ráth Cairn Cúrsaí Gaeilge do chách Imeachtaí cultúrtha Ár nuachtlitir míosúil Stair na háite Crannchur Ráth Cairn Suíomhanna eile ar an WWW Cuir scéala chugainn

Cúrsaí Gaeilge & Saoire Cultúir

eolas teagmhála léarscáil

english version

daoine fásta daoine fásta daoine óga daoine óga daoine óga
do dhaoine fásta  do dhaoine óga
Má cheap tú gur áit do dhéagóirí ar chúrsaí samhraidh amháin a bhí sa Ghaeltacht, cuirfear iontas an domhain ort. Filleann 'déagóirí' Ráth Cairn arís agus arís eile! Cibé acu ag iarraidh 'snas' a chur ar do chuid Gaeilge nó deireadh seachtaine caidrimh a chaitheamh i bhfad ó ghleo an tsaoil, is ortsa a bheidh an t-iontas nach agat féin amháin a bhí an smaoineamh dul ann. Nach cuimhneach leat a bheith ag súil le filleadh ar an nGaeltacht arís? Seo do sheans an deis a thapú..

Sainchúrsaí
Tá gnáthchúrsaí againn atá saincheaptha le haghaidh gach grúpa ar leith. Is é Ráth Cairn an suíomh idéalach le haghaidh ghrúpaí gairmithe (e.g. múinteoirí, dlíodóirí, státseirbhísigh, dochtúirí, banaltraí, srl.) agus le haghaidh eagraíochtaí (stáit agus fo-stáit, gnó, sóisialta) le riachtanais fhoghlama teanga nó neartaithe foirne. Féadfar freastal ar ghrúpaí móra agus beaga (ní bhíonn níos mó ná dáréag le gach teagascóir) agus bíonn an rogha ag na grúpaí a dteagascóirí féin a thabhairt leo.
Cúrsaí Dheireadh Seachtaine (ar siúl i rith na bliana ar fad)
Cúrsa 7 lá nó Cúrsa 14 lá - Satharn go Satharn (ar siúl Deir. Fómhair go Bealtaine)

 

Cúrsaí Oscailte
Féadfaidh daoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí beaga a dteastaíonn uathu a bheith i gcomhluadar le daoine ó ghrúpaí eile eolas a lorg faoinár gcúrsaí oscailte. Sa gcaoi seo féadfaidh daoine aonair agus grúpaí beaga ar chumais éagsúla teanga páirt a ghlacadh sa spórt is spraoi.
Cúrsaí Dheireadh Seachtaine (Meán Fómhair go Bealtaine)

Saoire Chultúir
Lig do scíth agus bain taithneamh as an nGaeltacht mar ionad saoire le héagsúlacht. Tá an Mhí lán de chultúr, tá cuid mhaith le hofráil aici dóibh sin atá ar thóir na heachtraíochta agus na scíthe. Eagraítear ranganna Gaeilge do gach leibhéal cumais in éineacht le tráthnóntaí sóisialta, ranganna damhsa, turais agus cainteanna faoin gcultúr. Tá an damhsa seit, na seisiúin cheoil thraidisiúnta, an amhránaíocht, an damhsa ar an sean-nós, na céilithe, gan trácht ar an gcraic, ar fad mar chuid de thuras go Ráth Cairn, turas a mheallfaidh ar ais thú.
Scíth 7 lá - Satharn go Satharn (ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa amháin)

Mic Léinn Triú Leibhéal (3rd level courses)
Is iad riachtanais na mac léinn a shocraíonn ábhar na gcúrsaí seo. Cuirfear teagascóirí ar fáil, nó féadfaidh na coláistí a dteagascóirí féin a chur ar fáil, agus úsáid a bhaint as Ráth Cairn mar ionad seimineár. Bíonn tráthnóntaí sóisialta, turais, cainteanna faoin gcultúr, agus ranganna sa damhsa seit, san amhránaíocht, sa damhsa ar an sean-nós agus céilithe ann mar chuid d'atmaisféar ilchodach Ráth Cairn.
Rogha Clár:
Cúrsa Dheireadh Seachtaine (Meán Fómhair go Bealtaine)
Cúrsa Coicíse (Meán Fómhair agus Cáisc)

Costaisí
Cúrsa deireadh seachtaine: £55
Cúrsa seachtaine: £230
(lóistín iomlán san áireamh)
Seomra singil (£10/£30 sa bhreis)

Soláthraíonn Mná Tí an cheantar cóiríocht. Caithfear áirithintí a dhéanamh tríd an príomhoifig agus iad a chinntiú le héarlais. Is féidir na dátaí, foirmeacha iarratais agus breis sonraí a fháil ach iad a iarraidh.