Ranganna 3 agus 4
Home Up Rang a Tri Rang a Ceathair

 

Catagóirí feidhmeanna

  • Caidreamh sóisíalta a dhéanamh
  • Dul i gcion ar dhuine
  • Dearcadh a léiriú
  • Eolas a thabhairt agus a lorg

Éisteacht

Ag Cothú spéise

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:

  • Éisteacht leis an nGaeilge á húsáid mar theanga chaidrimh agus bhainisteoireachta sa seomra ranga agus sa scoil
  • Éisteacht le téipeanna agus dlúthcheirníni de scéalta, amhráin agus dánta

Ag tuiscint teanga

  • Éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go rialta gach lá chun nathanna cainte a dhaingniú – glaoch an rolla, an dáta, ainm an lae, ainm na míosa, an aimsir
  • Éisteacht agus leanúint treoracha
  • Oiliúint a fháil i scíl na héisteachta
  • Cumas géaréisteachta a fhorbairt chun na difríochtaí idir consain loma, consain shéimhithe agus consain uraithe a thábhairt faoi deara

Labhairt

Ag cothú spéise

  • An Ghaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil – caidreamh sóisialta a dhéanamh, teachtaireacht a thabhairt
  • Dánta a aithris
  • Amhráin a chanadh

Ag úsáid teanga

  • Úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid a dhéanamh
  • Nuacht shimplí a thabhairt
  • Scéalta simplí a aithris
  • Fóclóir níos leithne a úsáid
  • Cluichí a imirt – aimsigh na difriochtaí, cad atá sa mhala?
  • Caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn, atá ar siúl agus a tharlóidh – fuair mé, rinne mé, bhí mé; tugann, éiríonn sé, faigheann sé; ag teacht, ag imirt, ag scríobh; déanfaidh , ní dhéanfaidh.
  • Treoracha agus orduithe a thabhairt – tar, tagaigí, suigh síos, suigí, ná bí, ná bígí
  • Ceisteanna a chur agus a fhreagairt
  • Focail cháilitheacha a úsáid
  • Úsáid a bhaint as: orm, liom, dom, agam.
  • Páirt a ghlacadh i gcluichí foghraíochta agus litrithe – Scrabble leis na gutaí fada agus na consain shéimhithe nach bhfuil sa Bhéarla

Léitheoireacht

Ag cothú spéise

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • Brí a bhaint as an bhfocal scríofa go háirithe sa seomra ranga – lipéid, fógraí, scríbhneoireacht ar an gclár dubh

Ag tuiscint teanga

  • An téarmaíocht ar  leith a bhaineann leis an léitheoireacht a chloisteáil as Gaeilge agus a thuiscint – barr an leathanaigh, bun an leathanaigh, leathanach a tríocha, teideal, clúdach, líne, focal, lánstad, camóg.
  • Focail a aithint i dtéacs trí úsáid a bhaint as  leideanna, as pictiúir, as an gcomhthéacs agus as comhréir na Gaeilge
  • Tuiscint níos doimnhe a fháil ar chóras fuaimeanna na Gaeilge – gutaí – fada, gearr; consain, séimhiú ar thúschonsan.
  • Focail a aithint trí bhriseadh i siollaí
  • A bhfuil á léamh aige a thuiscint – ceisteanna a chur agus a fhreagairt

Ag úsáid teanga

  • Léitheoireacht fhéidhmiúil a dhéanamh – treoracha a leanúint, fógraí sa scoil, comharthaí bóthair
  • Ábhar céimhnithe léitheoireachta a léamh os ard agus go ciúin
  • Taithí a fháil ar chinéalacha éagsúla téacs – cartúin, páipéir ghrinn
  • Freagairt i scéal nó dán

Scríbhneoireacht

Ag cothú spéise

  • Taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa
  • Aischothú ar obair phearsanta a fháil ón múinteoir, ó pháistí eile agus ó chuairteoirí

Ag úsáid teanga

  • Scríobh do léitheoirí éagsúla
  • Cluichí taithneamhacha focal a imirt – crosfhocal, an crochadóir
  • Cleachtaí scríbhneoireachta a dhéanamh – abairtí simplí a scríobh
  • Focail a scriobh ó chuimhne
  • Scríbhneoireacht fheidhmiúil agus cumarsáid a dhéanamh – ainm i nGaeilge  ar cóipleabhair, d’ócáidí speisíalta
  • Scéalta simplí a chriochnú
  • Scríobh faoi féin – Dialann phearsanta a choiméad, eachtraí éagsúla
  • Feabhas a chur ar a chuid iarrachtaí trí athdhréachtú – athléamh, ceartú, athscríobh, poncaíocht, peannaireacht
  • Úsaid a bhaint as cláir oiriúnacha réamhullmhaithe don riomhaire phearsanta
  • Poncaíocht a úsáid – ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg, an comhartha ceiste
  • Tabhairt faoi litriú na Gaeilge

Contact Us

Home ¦ Class Photographs ¦ Dates for Diary ¦ General Interest |Information ¦ Local History ¦ Newsletters ¦ Our Work ¦ Sporting Activities ¦ Useful Links ¦ Web Safety

© St. Colmcille's B.N.S., Chapel Lane, Swords, Co. Dublin