Cill Chainnigh.

Tá cathair ársa Chill Chainnigh suite ar bhruach na Feioreach. Ba phríomh-chathair méan-aoiseach na hÉireann í tráth. Tá go leor áiteanna agus séadchomharthaí stairiúla le feiscint fós sa chathair féin agus sa dúiche máguaird, chun radharc a thabhairt dúinn ar an tabhacht a bhain le Cill Chainnigh i stair na tíre i gcoitinne.

Tá Gaelscoil Osraí suite ar imeall na cathrach, i Loch Buí. Tá baint ag ainm na scoile leis an bhfiach agus le h-aimsir atá thart ,nuair a bhí Fionn agug Oisín mar laochra ag cosaint na tíre. Tá  oisín,   fia óg, le feiscint ar suaithaeantas na scoile.

Gan amhras, tá Cill Chainnigh féin lonnaithe i nDeoiseach Osraighe, chomh maith.

Sa leathanach seo tá cúntaisí faoi áiteanna suimiúla atá bainteach le stair na háite. Níl ann ach blas ar an dúiche agus b'fhéidir blas ar an gcultúr a bhaineann le Cill Chainnigh féin.

Cnag ar na griangrafanna éagsúla, má tá fonn ort teacht ar a thuilleadh eolais .Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe agu taitneamh astu.

 

Caisléan Chill Chainnigh.

Tógadh an caisléan iontach seo le linn ré na Normannach.castle_small.jpg (4350 bytes)Tá sé suite ar Bhruach na Feoireach, agus do chónaigh muintir de Buitléir ann, tráth. Tamall ó shinn, do bhronn an clann sin an caisléan ar an Stáit, ar mhéid bheag airgid. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Áiléar an Bhuitléirigh sa chaisléan féin.

Árd-Eaglais Naomh Chainnigh.canice2.jpg (114625 bytes)

Is iontach ar fad an radharc forleathan de chathair Chill Chainnigh atá le fáil ón túr atá suite i reilig Árd-Eaglais Naomh Chainnigh.          

rothe.jpg (65583 bytes)Teach An Rúthaigh.

Tógadh an teach trádála méanaoiseach seo sa bhliain 1594. Ta sé lonnaithe i gcroí-lár na cathrach agus úsáidtear mar iarslamann é sa lá atá inniu ann. Is mó earra stairiúil atá le feiscint san áit.

An Mhainistir Dhubh.blackabbey.jpg (96777 bytes)

Tá cónaí ar Órd na nDoimineach sa mhainistir seo. Tá cáil faoi leith ar an fhuinneog le h-íomhánna beannaithe.          

Prióireacht Cheannanais. c35b-100butt.gif (3729 bytes)

Ar bhruach abhainn na Rí, díreach taobh amuigh de shráid-bhaile Cheannanais, tá sean-fhothrach na mainistreach chailiúil le feiscint. Tógadh droichead beag le déanaí chun siúl trasna na habhann, díreach mar a rinne na manaigh fadó.

Tulach Chiaráin.

lighttherin.jpg (80578 bytes)De réir na scéalta deirtear go bhfuil Naomh-Phatrún Chill Chainnigh, Naomh Ciarán curtha sa láthair seo. Tá an túr árd fós ina sheasamh go tiubh i lár na reilige.      

Cill Phaoin.cantwell.jpg (73069 bytes)

Bhí clú ar an saighdiúir, Cantwell Fada de bharr a áirde, agus tá dealbh ina chosúlacht le feiscint ins an reilig anseo, áit ina bhfuil an fear féin curtha, freisin.

Mainistir Sheiriopúin.

jerpoint.jpg (12239 bytes)

Chónaigh na manaigh Chisteireacha anseo ón bhliain1180 ar aghaidh. Is féidir cuairt a thabhairt ar an áit, am ar bith.

Inis Tíog.woodstock.jpg (189135 bytes)

Is baile beag álainn, gleoite é Inis Tíog, suite i nGleann na Feoireach. Is mó duine a thagann ann le haghaidh siúlóidí i sean-estáit de chuid muintir Woodstock. Rinneadh scannáin ar nós 'Widow's Peak' agus 'Circle Of Friends' anseo.

 

I gcónaí.

const012digging.gif (11283 bytes)

Ar An gCeap.

animal020.gif (18700 bytes)

Baile.