Cill Phaoin.

cantwell.jpg (73069 bytes) Tá samhail duine Cantwell Fada múnlaithe as phíosa aolchloiche amháin.

Tá se 95 1/2 órlach ar áirde, agus dá bharr is é an samhail duine is mó in Éire nó sa Bhreatainn atá ann.

Ach amháin don aghaidh, tá an corp clúdaithe le máille lúbach. Deineadh na nascanna miotail ar dtús, agus ansin sníodh agus lúbadh iad le chéile. Bhíodh thart ar 100,000 nascanna i gculaith amháin. Thóg armúr plátáilte áit an mháille lúbach thart ar 1400.

Tá a dhá chois trasna ar a chéile, comhartha gur ghlac an Ridire seo páirt ins na Crosáidí. Tá greim aige ar chlaíomh ina lamh chlé agus armas chlann de Chantúil air.

kfanegd.jpg (178090 bytes)

Ba é Naomh Paoin a bhunaigh Séipéal Chill Phaoin le linn ré na Críostaíochta. Mac le Rí Ulaidh ab ea Naomh Paoin, agus ba as an Bhreatain Bheag dá mháthair.

castle_small.jpg (4350 bytes)

Ar Ais Go Dtí Cill Chainnigh.

Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.