Teach An Rúthaigh.
Is ó Yorkshire, i Sasana a tháinig clann an Rúthaigh sa cheathrú aois déag. Shocraigh siad i gCill Chainnigh agus bhiodar saibhir agus cumhachtach san áit. Ba é Séan Rúth (1560-1620) a thóg Teach an Rúthaigh sa bhliain 1594. Bhí Athbheochain na hIodáile faoi lán-seoil ag an am agus bhí an scribhneoir Shakespaera triocha bliain d'aois agus Richard 111 á chumadh aige. Phós Sean Rúth agus Rose Archer agus chsitheadar saol compórdach, galánta le chéile. Ceathrar mac agus ochtar iníon a bhí acu.
Ta Teach an Rúthaigh bainteach leis an Comhdháil Eaglasta Naisiúnta a bhunaigh an tEaspag Rúth gaol le Séan Rúth féin, sa bhliain 1642. D'fhreastal Easpaig Caitliceacha na tíre uile ar an gComhdháil seo, agus dá bharr bunaíodh Rialtas an chomh cheangail sa bhliain1642. D'ioc clann an Rúthaigh go géar as an gComhcheangail seo, mar cuireadh an clann as a dteach agus seoladh go Cúige Chonnacht iad sa bhliain1653. Fuaireadar an tigh ar ais le linn Ré Séarlas11 i 1660. D'imigh an tigh ón gclann sa bhliain1691.
D'úsaideadh an tigh mar scoil san ochtú aois déag agus bhí na deartháireacha Banim mar dhaltaí ann. Luaitear an tigh féin i leabhar amháin a scriobhadar. Ag deireadh na naoiú haoise déag ní raibh aon díon fagtha ar dhá chuid de theach an Rúthaigh. Ta trí chodanna ann ar fad. Bunaíodh craobh den Chonradh na Gaeilge ag tús na haoise seo i dTeach an Rúthaigh agus bhí sé mar láthair don chultúr agus don saol Naisiúnta Gealach, i gcoitinne, sa chathair.
Cheannaigh Cumann Seandálaiochta Chill Chainnigh an tigh sa bhliail 1962. Mhaisigh siad an áit agus d'osclaiodar mar iarsmalann agus mar leabharlann é sa bhliain1966.
Ar Ais Go Dtí Cill Chainnigh.
Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.