Prióireacht Cheanannais.
Tá Prióireacht Cheanannais ar cheann des na séad-chomharthaí méan-aoiseacha is fearr ar fad sa tír.
Tá sé tógtha ar bhruach abhainn na Rí, déanta suas le túranna, fallaí árda agus iad bailithe thart ar suíomh de thrí acra talún.
Bhunaigh Seathrún Mac Giolla Rolet Prióireacht Cheanannais sa bhliain 1193. Bhí Seathrún féin gaolta le Strongbow.
Beannaíodh an séipéal in onóir na Maighdine Muire, agus bhí sé mar shéipéal pharóiste ag sráid-bhaile Cheanannais.
Idir na blianta 1252 agus 1327 dódh agus scriosadh an tsráid-bhaile agus an Phrióireacht fein, trí huaire ar fad. Cinnte, is dócha gur de bharr an slad seo ar fad a tógadh an falla cosanta atá thart ar an áit.
Sa bhliain 1324 deineadh fiosrúcháin I dtaobh Eiriceach ,agus do ghlaoigh an tEaspag Osraí, Ristéard de Ledrede, ar an mbeirt ciontach teacht os a chomhair amach. Alice Kytler agus Uilliam Outlaw ab ainm don bheirt siúd.
Chabhraigh Arnold de Paor, Tiarna Cheanannais, le Outlaw teacht slán. Ghabh de Paor an tEaspag féin agus do chuir sé I bpríosún an chaisléain é ar feadh dhá lá déag.
D'eirigh le Alice Kytler teitheadh go Sasana, ach gabhadh máthair Alice Nic Gabhann, Petronella de Meath ,afách, agus daoradh chun báis í. Ba í an chéad duine eiriciuil in Éire a cuireadh chun báis . Loisceadh ina beathaidh í ag an stáca.
Deineadh an díscaoilte ar an bPrióireacht sa bhliain 1540, nuair a géilleadh an áit chuig Seamús de Buitléir, Iarla Osraí.
Ar Ais GO DTí Cill Chainnigh.
Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.