Tulach Chiaráin.

 

lighttherin.jpg (80578 bytes)

Tá Tulach Chiaráin coisricithe in onóir Naomh Chiaráin. Is ionad eaglasta, stairiúil é leis na céadta bliain anuas.

Tá tuairimí difriúla ann faoin mbrí atá ag baint le hainm na háite féin--deir an Canón Ó Cearragáin go gciallaíonn sé gur tulach thirim nó carn tirim talún atá I gceist. Ceapann daoine eile gur tulach Chiaráin atá ann. Tacaíonn muintir na háite leis an tuairim seo, agus is léir ón bpatrún paidreoireachta a bhíodh ar siúl ann ar an 5ú,Márta (Feile Chiaráin Naofa ), suas chomh fada leis an mbliain 1820, go raibh an-bhaint ag an Naomh úd leis an gceantar.

Tá tobar Chiaráin Naofa sa dúiche ,chomh maith, agus deirtear gur taobh leis an gclogás atá an Naomh Beannaithe curtha.

therin.jpg (227799 bytes)

Ba é Cearbhall Mac Dubhghaill a thóg an clogás san naoiú aois. .Seachtó trí troigh in áirde atá sé ,agus tá na fallaí trí throigh ar thiubhas.

Le linn na deisúcháin is déanaí do thángthas ar bhataí siúil. Comharthaí a bhí iontu siúd de chluiche a d'imríodh na fir óga ón gceantar tráth, iad ag iarraidh a chéile a shárú ag caitheamh na bataí thar díon an chlagáis ,mar spóirt.

Cuireadh leis an séipéal san tríú aois déag, agus sa bhliain 1616 chomh maith, uair go raibh sé in úsáid ag an Eaglais Protastúnach.

Tá rudaí suimiúla ar nós Clocha Ogham agus Clocha Marigold le feiscint freisin. Is leachtanna cuimhneacháin iad na clocha Marigold , ón ré Críostaíochta , nó roimhe san fiú.

castle_small.jpg (2549 bytes)

Ar Ais Go Dtí Cill Chainnigh.

Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.