Inis Tíog.

Tá sráid-bhaile Inis Tíog ar cheann des na bailte is áille ar fud na tíre. Ní haon ionadh mar sin, gur bunaíodh scannáin ar nós 'Widow's Peak' agus 'Circle Of Friends' san timpeallacht seo.

woodstock2.jpg (189135 bytes)

Tá sean-reilig le feiscint fós sa sráid-bhaile, agus fothrach den túr fós ina sheasamh ann, mar chuid den Eaglais Protastúnach. Bhí an sean-túr seo mar chuid den Phrióireacht Agaistíneach a tógadh sa bhliain 1210.

Tá Estáit Woodstock tógtha ar an gcnoc ag féachaint anuas ar shráid-bhaile Inis Tíog féin. An tsean-ainm a bhíodh ar an talún thart ar an Estáit na Cluain Dún, ach d'aistrigh muintir Fownes go dtí Woodstock é. Tógadh an teach a bhain leis an Estáit sa bhliain 1735. Ba é Francis Bindon a cheap an tigh seo, agus is eisean a cheap tithe cailiúla eile ar nós Russborough House agus Bessborough House.

Bhí clú agus cáil faoi leith ar na gairdíní gleoite a bhain leis an áit, ach go háirithe le siúlóid na n-Arócar.

Le linn an Cogadh Cathartha, bhí na Dúchrónaigh bunaithe sa tigh seo. Chuir na Poblachtaigh an tigh tré thine sa bhliain 1922.

castle_small.jpg (4350 bytes)

Ar Ais Go Dtí Cill Chainnigh.

Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.