Caisléan Chill Chainnigh.
Ba é Ristéard de Clár, Ridire Normanach, ar a nglaoití Strongbow, a thóg an chéad túr adhmaide san áit ina sheasann Caisléan Chill Chainnigh sa lá atá inniu ann.
Fiche bliain ina dhiaidh na céad tógála sin, do thóg Uilliam Marshall, cliamhain le Strongbow, an chéad chaisléan cloiche san áit. Tá trí chinn des na ceithre túranna ón uair sin, ina seasamh fós.
Cuireadh gnó agus trádáil ar bun thart ar an suíomh, agus tá cuid de chathair Chill Chainnigh bunaithe ón ré sin i leith.
Ba de shliocht Angla-Normanach iad muintir de Buitléir, a tháinig go hÉirinn sa bhliain 1171, le teacht na Normanach sa tír.
Deineadh ath-choiriú ar an gcaisléan sa bhliain 1826, chun an dealramh méan-aoiseach a thabhairt ar ais chun na háite. Cuireadh feabhas ar áiseanna an chaisléain, freisin, ag an am sin.
Ag tús na haoise seo do chuir Séamús de Buitléir, Iarla agus Marcas Úrumhan, fáilte roimh an Rí Eadbhard VII agus an Bhanríon Alexandra, anseo. Tamall ina dhiaidh sin do tháinig an Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire ar cuairt chuig an caisléan.
Ghabh na Poblachtaigh an caisléan ar an 22ú, Bealtaine 1922, ach do ghéilleadar tar éis cúpla lá.
Sa bhliain 1935 do chuir clann de Buitléir alán earraí agus troscáin ón gcaisléan ar ceant. Bhí ag teip orthu an áit a riaradh i gceart de bharr an costas a bhain leis an áit a choiméad.
Sa bhliain 1967 do bhronn Art de Buitléir, Marcas agus an tríú Iarla Urumhan is fiche, Caisléan Chill Chainnigh ar Choiste Ath-Choiriú an Chaisléain, ar mhéid ainmnithe de £50.
Deisíodh agus feabhsaíodh anáit agus cuireadh tús leis an ath-choiriú. Osclaíodh an caisléan don phobal sa bhliain 1976.
Ar Ais go dtí Cill Chainnigh.
Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.