Abhaile  | QUIZ  | 1  | 2  | 3  | 4  | 5  | 6  | 7  | 8  | 9  | 10  | 11  | 12

An Fear Fiáin

Aaron Ó Canainn

BOHEMIANS

Thosaigh séasúr Bohemians san Eoraip le Corn Uefa nuair a bhuaigh siad 2-1 in aghaidh Aberdeen i Pattodrie an bua ba mhó acu san Eoraip ó 1975 nuair a bhuaigh siad ar Rangers.

Tháinig an chéad cluiche den séasúr in aghaidh Shamrock rovers i bPáirc Tolka. Chríochnaigh sé ar comhscór 0-0 . Chríochnaigh an chéad cluiche baile 5-0 in aghaidh na Gaillmhe Utd, scoráil Glen Crowe dhá chúl agus scoráil Trevor Molloy dhá chúl agus scoráil Mark Demsey ceann amháin. Imríodh an babhta fillte le Aberdeen i bPáirc Tolka mar ní raibh Dalymount ar fáil. Chaill Bohs an cluiche - lig Dave Morrison cúl isteach ach chuaigh siad slán as an chéad babhta as an Uefa Cup mar gheall ar riail na gcúl ar shiúl. Bhuaigh Bohs 1-0 in aghaidh UCD trí lá ina dhiaidh sin i mBelfield, b'shin mí iontach ag Bohs.
Tháinig an chéad díoma sa Léig in aghaidh Derry city sa Brandywell, chaill siad 1-0. Sa tharraingt don Uefa Cup dara babhta Bohs tarraingíodh iad in aghiadh Kaiserslauten na Gearmáine. D’imir siad an chéad cluiche i bPáirc Tolka. Chaill siad 3-1, scoráil Glen Crowe an cic éirice. Chail siad 4-2 in aghaidh Shelboure ceithre lá ina dhiiadh sin, agus an bainisteoir Roddy Collins dimigh sé leis. Sa Bhabhta fillte sa Ghearmáin bhuaigh Bohs 1-0 le Glen Crowe ag scoráil an t-aon scór sa chluiche, cúpla lá ina dhiaidh sin bhuaigh siad 3-1 in aghaidh Bray Wanderers. Buadh orthu sna trí cluichí ina dhiaidh sin, rud a thug suas go dtí an dára háit iad sa Léig taobh thiar de Shelbourne agus cluiche le spáráil acu, ach tháinig an mí-ádh orthu in aghaidh Shamrock Rovers nuair chaill Bohs 1-0 in Dalymount.
I lár an tséasúir bhí Bohs sa dara háit, a sé pointe taobh thiar de Shelbourne le cluiche i dtaisce . Sa bhliain nua bhí Bohs in aghaidh Drogheda san FAI Cup. Bhuaigh Bohs 2-0. dhiaidh sin tarraingíodh 0-0 le Kilkenny City, tháinig ansin an bua 6-4 in ahgaidh Shamrock Rovers. Bhí sé 4-1 ag Rovers ag leath ama. Cúl ó Dave Hill sa chéad leath agus cúl ó Glen Crowe (a dó) Alex Nesovic agus Mark Rutherford agus Dave Morrison sa dara leath a bhuaigh an cluiche do Bohs. Cheannaigh Bohs Mark Rutherford ó Newry Town agus cheannaigh Bohs Alex Nesovic ó Finn Harps. Sa tríú babhta den chorn bhuaigh Bohs 2-1 in aghaidh Bray Wanderers. Tharraing Bohs 2-2 le Galway UTD ina dhiaidh sin agus bhuaigh siad ar UCD 4-3. Bhuaigh Bohs ar Kilkenny City 7-2 sa chúigiú babhta don chorn. Bhuaigh Bohs ar Rovers 1-0 .