An Fadchainteoir
![]() |
An Fón Póca
Tá trí chomhlacht fón in Éirinn, o2 086, Vodafone 087, agus Meteor 085.Is maith lena lán daoine Vodafone a usaid mar níl sé daor . Is féidir a lán rudaí a dhéanamh le fón póca . Úsáideann a lán daoine fón póca mar tá sé nua-aimseartha , tapaidh , éasca agus greannmhar. Tá feidhm go maith le fón póca. Ceapaim féin gurb é Nokia an cineál is fearr mar tagann siad i ngach meid ó bheag go níos lú. Oireann siad do gach aon láimh. Tá siad daor le ceannach ach tá dhá shórt ann: Ready to Go agus fón bille. Úsáideann a lán daoine óga fón póca chun téacs a sheoladh chun a chéile mar tá sé greannmhar agus éasca , úsáideann siad fón póca ag seoladh pictiúr agus íomhánna. Úsáidtear fón póca le haghaidh cluichí , nó chun píosaí ceoil a sheachadadh, agus úsáidtear iad mar áireamhán. Inniu tá tú ábalta éisteacht leis an raidió agus pictiúir a thógáil agus tá tú ábalta iad a sheoladh ó fon go fón . Tá an Idirlíon ar fáil ar an bhfón póca. Úsáideann a lán daoine an Idirlíon chun rudaí a cheannach. Ceapaim go bhfuil fón póca go han-áisiúil mar is féidir an fón a thabhairt leat gach áit a dtéann tú . Tá siad casta mar tá siad beag. Is brea liom an fón póca. Tá fón gluaiste agam le ceithre bliana anuas. Tá Nokia 3210 agam, 2 Motorola, Nokia 5210, Nokia 7110, Nokia 8310 agus Siemens sl45. Bhi an t-ádh orm an 8310 a fháil mar tá raidio ann agus tá sé an-bheag. Get Ready GoTá a lán daoine nach maith leo bheith ag fáil billí ar an bhfón póca agus tá an Ready To Go ann dóibh - ní gá dóibh ach díol as cárta €20 nó €40 roimh ré agus tá lánchead acu an fón a úsáid fad a mhaireann an cárta. |
||
Nokia 6510
|
![]() |
|
Nokia 5210
|
||
Nokia 9210
|
![]() |
|
Samsung T100 Wap
|
![]() |