Abhaile  | QUIZ  | 1  | 2  | 3  | 4  | 5  | 6  | 7  | 8  | 9  | 10  | 11  | 12

Ár dTuairisceoir Taistil

Daithí Ó Beacháin

An Turas go Ceapach na gCapall

An Turas go hÁrainn

Dé Máirt a bhi ann,an 23ú Meán Fómhair, d’fhágamar an stáisiún traenach ag 7.30 ar maidin.Bhí an turas traenach compordach. Shroicheamar Gaillimh thart ar 11.30. Bhi béile beag again in Supermacs. Ansin chuamar in airde staighre go dtí Funworld. Snúcar,cluiche ríomhairí srl. Chuamar ar an mbus go Ceapach na gCapall agus bhíomar ann ag 1:30. An chéad rud a rinneamar ná an Rianóireacht sa choill. Chuaigh triúr ar strae ach shábháil an tUasal Sharpe iad. Bhí sicín againn don dinnéar ach bhí an t-anlann uafásach, chuaigh cuid againn ag snámh sa loch agus cuid eile ag féachaint ar an gcluiche , chuamar a luí mar dhea ag 11.30 san óiche, ach is beag codladh a fuair éinne.

D'éiríomar ag ceathrú tar éis a hocht ar maidin. Bhí an bricfeasta againn agus chuamar ag siúl san abhainn. Chaitheamar uair go leith air sin agus d’fhilleamar ar an teach le haghaidh loin. Thugamar cuairt ar an loch ar feadh tamaill ag caint. San iarnóin chuamar ag sléibhteoireacht - chonaiceamar cúpla caoire agus iad marbh, chuaigh ceathrar ar strae ach d’éirigh leo an baile a bhaint amach ar éigeann , tar éis an dinnéir, d’fheáchamar ar an bpeil- Learpholl v Basle. Chuaigh cuid againn ag siúl sa choill - thit Bas agus ghortaigh sé a ruitín
B’shin é

Chuamar ag curachóireacht ar an Déardaoin sa loch. Bhi an éide speisíalta orainn, Chuaigh an tUasal ó Maonaigh bunoscionn. Bhi cluiche againn ag pógadh barr an bháid - thit Bas isteach agus bhíomar go léir fliuch báite. Bhí rás na gcarbad againn sna bháid - duine ina sheasamh ar chúl. Chuamar ar an gcúrsa ionsaithe. Fuair Gally an chéad áit ansin. Bhí se dian - bhíomar ag dreapádoireacht, ag léim, ag luascadh ,ag sníomh trí líontán, agus ag siúl ar chlar adhmad. Bhí tine chnámh againn ar 8.30. Bhi Walkman ag duine amháin ach raibh éime ag canadh.

Ni raibh fágtha againn ach an mhaidin, chuamar go dtí an loch arís agus rinneamar rafta as bairillí plaisteacha, cláir adhmaíd agus chuamar ar bord agu bhí Laoi Ó Donnasa agus Bas ag brú. Bhí spórt mór againn ag snámh ar ais go dtí an t-óstán. B’shin é, Bus , Traein , Abhaile

An-turas, dea-aimsir, saoire iontach


Bhuaileamar le chéile ag stáisún Heuston maidin Dé Mairt. D’fhág an traein Baile Átha Cliath ag ceathrú tar éis a seacht. Bhaineamar Gaillimh amach ag leath uair tar éis a deich. Bhi uair an chloig againn le caitheamh i Sráid na Siopaí. Chuamar ar an mbus go dti Ros a Mhíl. Ansin chuamar ar bord an bháid agus siar amach linn go hInis Mór. Bhí sé gaofar agus bhí Micí tinn. Bhíomar ag fanacht i dTeach na Mainistreach. Thugamar cuairt ar Dhún Eoghanachta an chéad tráthnóna. Bhi an dinnéar againn ansin. Goideadh na hispíní. D’ullmhaíomar lón le tabhairt linn agus shiúlamar amach go Dún Aonghasa. Bhi an tUasal Ó Maonaigh bacach.

Bhíomar scriosta nuair a bhaineamar amach an dún. Bhí an radharc dochreidte. Chuamar go dtí bruach na haille ag snámhaíl ar ár mbolg. Bhí sé scanrúil. Ar an mbealach ar ais chuamar ar strae. Bhíomar ag lorg Poll na Péiste ach theip orainn. An tráthnóna sin chonaiceamar an cluiche mór idir Éire agus Albain san American Bar: 0 – 0. Ar an tríú lá thángamar abhaile. Bhí an fharraige ciúin an lá sin.

Thaitin an turas liom.