Dorneolaí
![]() |
Muhammad Ali
![]()
|
Meiriceánach dubh Afracach is ea Muhammad Ali. Bhí sé dian air bheith ag fás aníos i Meiriceá agus an dath dubh ar a chraiceann. Bhí an ciníochas láidir i Meiriceá ag an am sin. Cassius Marcellus Clay an t-ainm Críostaí a bhí air ach nuair a chuaigh sé le ISLAM tugadh an t-ainm Muhammad Ali air. Dá bharr sin tharla scoilt idir é féin agus a chlann ach ba chuma leis mar san ISLAM bíonn gach duine mar dheartháir nó dheirfiúr agat. |
Ba bhreá leis bheith
ag dornálaíocht agus ba chara mór leis Malcolm X. Théadh siad go dtí cruinnithe
le chéile agus bhí Muhammad Ali ann an oíche a feallmharaíodh Malcolm
X. Ba thubaisteach an buille é seo ar Muhammad Ali mar bhí Malcolm X mar
dheartháir agus athair aige agus bhíodh sé á threorú agus á chomhairliú.
Ansin bheartaigh Muhammad
Ali agóid a dhéanamh in aghaidh an chiníochais. I ndiaidh roinnt cruinnithe
chuir Rí na Sádach fios air agus dúirt sé leis nach raibh cead aige ISLAM
a chleachtadh. Cúpla bliain ina dhiaidh sin cuireadh Muhammad Ali i bpriosún
mar ní raibh sé sásta troid sa chogadh i Vietnam. Baineadh de na teidil
dornálaíochta. Chuir an Rí fios air arís agus cheadaigh sé dó tosú ar
an ISLAM arís. "Ar stop mé riamh á chleachtadh?" arsa Ali. Toisc gur baineadh
na teidil dornálaíochta de i Meiriceá chuaigh sé go dtí an Afraic ag troid.
Lá amháin chuiagh sé ag rith trí cheann de na bailte ba bhoichte san Afraic.
Tar éis tamaill chuaigh sé ar strae agus tháinig sé ar bhalla a raibh
pictiúr de Ali greanta air. Scéal Ali a bhí sa phictiúr sin - bhí sé ann
ina bhríste dornála agus bhí fógraí frith-chogaidh laistiar de. Chuaigh
an pictiúr i bhfeidhm air go mór. Ansin bhí babhta mór dornálaíochta ann
- thug siad an Rumble in the Jungle air. Seo an babhta deiridh
ag Ali sa chró dornála. Thug sé faoi deara go raibh ceann de na téada
leathscaoilte. Bhain sé leas as an eolas sin. Tar éis cúpla babhta bhí
tuirse ar a chéile comhraic agus bhuaigh sé an troid le buille amháin
don cheann. Tar éis dó éirí as
an dornálaíocht chuaigh sé timpeall Meiriceá ag reachtáil comhdhálacha
frith-chiníocha. Tá sé ar ais lena mhuintir arís ach sula raibh deis aige
"brón orm" a rá lena athair fuair a athair bás. Tá Muhammad Ali fós ag troid. A chéile comhraic an babhta seo? Galar Parkinson. |