Abhaile  | QUIZ  | 1  | 2  | 3  | 4  | 5  | 6  | 7  | 8  | 9  | 10  | 11  | 12

Fear Físe

Pól Mac Uaid

Cainéal náisiúnta teilifíse is ea TG4 a bhí sé bliana ar an aer Oíche Shamhna 2002. Féachann os cionn 730,000 duine ar an gcainéal gach lá. Is é an clársceideal laethúil Gaeilge, os cionn chúig uair an chloig, croí na seirbhíse. Tá clársceideal d’ábhar i dteangacha eile mar thaca leis.

Bunaíodh agus feidhmíonn TG4 faoi scáth reachtúil RTÉ. Faigheann TG4 soláthar clár 365 uair an chloig sa mbliain ó RTÉ, ar neamhchostas do TG4.

Tá comhartha craolta an chainéil ar fáil ar fud na hÉireann. Is féidir an comhartha a ghlacadh le haeróg nó ar chórais cábla. Tá foráil i gComhaontú Bhéal Feirste a fhéachann le tabhairt faoin gcomhartha a leathadh ar fud Thuaisceart Éireann.

 

Tá aitheantas náisiúnta agus gradaim agus duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte ag cláracha TG4. Tá siad ceannaithe ag craoltóirí thar lear freisin.

Thuill cláracha ceoil, faisnéise agus clúdach spóirt an chainéil moladh ar leith do TG4. Tá cáil ar leith ar a shobaldhráma Ros na Rún agus ar an tseirbhís shainiúil ó Nuacht TG4.

Is tionscnamh de chuid an Rialtais do chraoltóireacht seirbhíse poiblí í TG4 agus déanann an Státchiste maoiniú uirthi. Maoiniú reatha €22.8m a fuair sí ón Státchiste i 2001. Luach €7.5m a chuireann RTÉ ar an soláthar bliantúil clár a chuireann sé ar fáil gan chostas do TG4.

 

 

Infheistíonn TG4 os cionn €15m i gcláracha nua teilifíse ó chomhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin gach bliain. Cothaíonn an caiteachas seo 350 post i gcomhlachtaí beaga san earnáil phríobháideach ar fud an oileáin.

Cláir

Aithnítear go soláthraíonn TG4 cláir theilifíse ar ardchaighdeán agus cláir úrnua i ngach genre - fíorasach, drámaíocht, cláir do leanaí, siamsaíocht, srl. Tá glúin nua léiritheoirí cláir tugtha chun cinn ag an gcainéal, a bhfuil a cuid fuinnimh agus cruthaíochta dírithe isteach i sceideal sainiúil a nascann an nuálacht agus samhlaíocht le cumas iontach na nÉireannach le scéal maith a insint. D'oibrigh an bhéim ar leith atá curtha go dtí seo ar an tallann atá ag teacht ar an bhfód i gcás clár grinn, clár faisnéise agus clár siamsaíochta.

Thuill cláracha ceoil, faisnéise agus clúdach spóirt TG4 moladh speisialta. Tá éileamh ar leith ar Ros na Rún, sraithdhráma an an chainéil agus ar Nuacht TG4.

Ó tháinig an cainéal ar an aer, tá duaiseanna, gradaim agus aitheantas faighte ag cláracha de chuid TG4 ag Féilte náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá an liosta seo rangaithe de réir teideal an chláir agus in ord siar ó 2002

Tá Ceannáras TG4 suite i mBaile na hAbhann i gcroílár na Gaeltachta, tuairim 35km siar ó chathair na Gaillimhe ar bhóthar Chois Fharraige.

Is cuid tábhachtach é spórt de sceideal TG4 agus is iomaí duine a mheall sé chuig an gcainéal. Tá clúadach spóirt TG4 ag teacht lena dhualgais mar chraoltóir Gaeilge agus seirbhíse poiblí. Díríonn an clúdach seo ar chomórtais dhúchasacha spóirt nach bhfuair clúdach sásúil ar an teilifís roimhe seo.