Abhaile | Sacar | Stair | Scannáin | Leabhair | Peil | Garraí | Iomáint | QUIZ | Díospóireacht | Trek | |
Saincheolaí 1
![]() |
Cóilín Ó Broin
Saincheolaí 2 - Jason Ó Ceallacháin
Filleann an léiritheoir finscéalach Rap Dr Dre lena albam nua, An Chronic 2000. Rapairí eile atá le clos ar an albam is ea Eminem, Snoop Doggy Dogg, Kurupt, agus Hitman.
Tá Ol` Dirty ón ngrúpa Wu Tang Clan agus Madonna le chéile i scannán nua. "Twelve Graves" is ainm don scannán.
D'éirigh Master P as bheith ag rappáil i mbliana. Dúirt sé gurbh é an t-albam, "Da Last Don" an ceirnín deiridh uaidh.
Beidh beatha Tupac Shakur sa scannán nua, Ceol agus is é Quincy Jones atá i gceannas ar an tionscnamh.
Saincheolaí 2
![]() |
Jason Ó Ceallacháin
Cairteacha Rince 1: FOR AN ANGEL:PAULVAN DYK 2: BEACHBALL:NALIN & KANE 3: GREECE 2000:THREE DRIVES 4: PULVERTUM:NEILS VAN GOGH 5: CAFE DEL MAR 98:ENERGY 52 6: 9PM TILL I COME:ATB 7: SECRET WISH:BOCCACCIO LIFE 8: PROTECT YOUR MIND:DJ SAKIN 9: LOST IN LOVE:LEGEND B 10: KICKIN HARD:KLUBHEADS |
Paul van Dyk
Beathaisnéisín an Diosceachaí
Diosceachaí: Paul van Dyk
Naisiuntacht: Gearmánach
Lipéad: Deviant
Albaim: "45Rpm" & "Vorsprung Dyk Technik".
Réamhrá: Tá Paul Van Dyk ar cheann de na diosceachaithe is gnóthaí ar domhan. Bhí na meascáin a rinne sé ar "Binary Finary" agus ar "For an Angel" ag barr na gcairteacha anuraidh. Níl ach ceathrar fear ar fud na cruinne a d'fhéadfadh Club Rince an "Gatecrasher" a líonadh go doras. Duine díobh siúd is ea Tony De Vit agus tig le Paul Van Dyk é a dhéanamh chomh maith. Uair an chloig sula dtosaíonn sé ar na ceirníní, agus Judge Jules le clos lasmuigh ag déanamh a dhíchill, tá go leor istigh sa seomra VIP den tuairim chéanna faoi Paul. Go deimhin tá ceathrar cailíní in iomaíocht lena chéile ag iarraidh a chur in iúl dó cé chomh hiontach is atá sé! Déanann an fear óg seo (26) miongháire beagáinín míchompordach agus é ag éisteacht leo. Níl caite aige ach 20 nóiméad, ach go tobann, agus gaethe solais á raideadh isteach sa dorchadas, maolaíonn Van Dyk ar na buillí ina mheascán gan choinne. Tá an lucht rince ar an urlár neamhaí rince agus ar na balcóin plódaithe buíoch den sos. Slogann siad aer go tiubh te isteach ina scámhóga. Ní fada a mhaireann an faoiseamh seo áfach. Cuireann sé an slua le báiní nuair a bhailíonn sé luas de réir mar a théann an fonn ceoil ar aghaidh. Ag deireadh cuireann sé mearbhall orthu uile le siar-chasadh diabhlaí agus pléascann an áit ina raic is ina réabadh. Tuigeann Paul Van Dyk conas cóisir a chur chun cinn.
Tuarascail ón gClub Rince GATECRASHER, Sheffield 6 Eanáir 1999 Diosceachaithe:
|