Díospóireacht
Ba cheart cailíní a bheith sa scoil seo.
A Chomhscoláirí! Tá aisling agam. Agus tá mé anseo inniu chun labhairt faoi m'aisling. Tá súil agam go bhfeicfidh mé dhá chois fhada ghleoite ag siúl isteach an doras in éineacht liom gach lá den tseachtain. Ach, mo léan! Cad é an fhírinne? A mhalairt atá fíor. Ní fheicim ach na céadta buachaillí gránna gach maidin, agus ní dóigh liom go bhfeicfidh mé cailíní anseo go deo. Nach mór an trua é! Tá mé cinnte go mbeadh an scoil seo i bhfad Éireann níos fearr dá mbeadh cailíní sna seomraí ranga linn. Ní bheadh mise ag titim i mo chodladh, pé scéal é, dá mbeadh cailín álainn ar gach taobh díom. Bheadh an scoil ar fad ina lán-dúiseacht ó mhaidin go tráthnóna ó Luan go dtí an Aoine! Rud nádúrtha is ea é, buachaillí agus cailíní bheith ag obair is ag staidéar le chéile. Ní ceart dul i gcoinne an Nádúir. Is fearr go mór scoil mheasctha ná scoil aon-chineáil. Deir na saineolaithe go bhfuil na cailíní níos fearr chun staidéir ná mar a bhíonn na buachaillí. Bhuel, seo an seans! Bheadh na cailíní ina samplaí ag na buachaillí bochta. Bheadh na buachaillí in ann foghlaim uathu. Bheadh Cothrom na Féinne ar fáil ag cách ag deireadh thiar thall. Tá mé cinnte go n-aontóidh sibh liom nuair a deirim arís: Ba cheart cailíní a bheith sa scoil seo! Go raibh míle maith agaibh as éisteacht liom.
A Chairde! Ní aontaím leis an rún ar chor ar bith. Is scoil bhuachaillí í seo. Níor cheart cailíní a bheith anseo. Tá buachaillí agus cailíní difriúil óna chéile ar go leor bealaí. Ar an gcéad dul síos féachaimis ar an Eolaíocht. Tá an dá chúrsa an-difriúil. Tá an Corpoideachas an-difriúil freisin. Tá ráta oibre na mbuachaillí difriúil ó ráta oibre na gcailíní. Tá bealaí difriúla sóisialta ag an dá dhream istigh sa rang agus lasmuigh den rang. Ní bheadh sé ciallmhar cailíní a bheith anseo sa rang. Bheadh an bhulaíocht níos measa. Bheadh daoine ag iarraidh "impression" mór a dhéanamh ar a chéile. Bheadh an iomarca pleidhcíochta ar siúl. Is é fírinne an scéil ná gur fearr a éiríonn le scoileanna aon-chineáil sna hábhair acadúla. Sna scoileanna sin, bíonn na daltaí ábalta a n-intinn a dhíriú ar an ábhar. Ní bhíonn siad cráite ag cúrsaí "grá" ná tada mar sin. Ó thaobh an spóirt de, ní bheadh na cailíní ábalta peil a imirt i gceart. Ná ní bheadh siad ábalta na meáchain a ardú. Bheadh siad i gcónaí ag rith amach go dtí an leithreas! Bheadh sé uafásach! Bíodh ciall againn, mar sin, a chairde, agus coinnímis na cailíní amach as an scoil seo! Go raibh seacht gcéad maith agaibh as éisteacht liom.
Barr an Leathanaigh
"Tá an ceart ag an lucht clampála".
A Chomhscoláirí agus a lucht an Fhreasúra, a dhaoine uaisle agus a chairde, tá mise anseo chun labhairt ar son an rúin. Tá sé ceart, cóir agus cothrom! Is rud maith é an Chlampáil, mar tá sé ag obair! Creid é nó ná creid, tá na tiománaithe i dtrioblóid. Go hiontach! Tá sé in am acu! Is fíor go bhfuil céatadán áirithe daoine i gcoinne na clampála. Tá 29% ina coinne, de réir suirbhé a foilsíodh le déanaí. Ach fágann sin go bhfuil níos mó ná 70% i bhfábhar na clampála! Anois, is tír daonlathach í Éire. An rud a theastaíonn ó thromlach an phobail, is é sin an rud a fhaigheann siad. "Clampáil" a deir siad. Sin tús agus deireadh. Féach cás ainnis an tráchta i mBaile Átha Cliath. Nach bhfuil sé uafásach! Tá fhios ag cách go gcuireann droch-pháirceáil isteach ar gach éinne. Cuireann sé bac leis na daoine atá ag iarraidh dul ag obair ar maidin agus leis na daoine céanna agus iad ag iarraidh dul abhaile tráthnóna. Aon rud a chuirfidh deireadh leis an dream leithleasach mí-chúramach úd, bhuel, fáiltímse roimhe! Ar an ábhar sin, cuirim fáilte is fiche roimh an lucht clampála agus guím gach rath ar a gcuid oibre! Tá toradh nach beag ar a saothar i lár na cathrach le feiceáil go soiléir cheana féin. Bail ó Dhia orthu! Tá mé cinnte go n-aontóidh sibh liom sa chás seo. Go raibh míle maith agaibh as éisteacht liom.
Ní raibh freagra ar bith ag an taobh eile!
Barr an Leathanaigh
Níl san Idirbhliain ach Cur Amú Ama.
A chomhscoláirí, a dhaoine uaisle agus a chairde, tá mise anseo chun labhairt ar son an rúin. Tá sé fíor - is cur amú ama í an Idirbhliain. Ní féidir a shéanadh. Tá an Idirbhliain ró-bhog. Ní bhíonn aon obair bhaile cheart le déanamh ag na scoláirí. Sin botún mór. Má chailleann na daltaí nós an obair bhaile agus an staidéir i rith na bliana seo, beidh sé an-deacair orthu an nós céanna a fhoghlaim arís sa chúigiú agus sa séú bliain - nuair a bheidh géarghá leis. B'fhearr i bhfad Éireann do na daltaí dul díreach ón Teastas Sóisearach isteach sa chúigiú bliain agus tosú láithreach ar chúrsa na hArdteistiméireachta agus gan a bheith ag meilt ama agus ag foghlaim drochnósanna san Idirbhliain. Féach thart timpeall an tseomra seo anois - níl éinne ag obair - go deimhin, tá a leath acu ina gcodladh! Cuireann sé díomá orm é a rá ach is fíor é - Níl san Idirbhliain ach cur amú ama! Tá mise ag labhairt in aghaidh an rúin. Níl sé fíor, ná baol air! Ní cur amú ama í an Idirbhliain. Dúramán cruthanta a déarfadh a leithéid. A mhalairt ghlan atá fíor. Ar chuala sibh riamh an sean-ráiteas seo: "Leathnaíonn an Taisteal an Aigne"? Bhuel, is cuid dílis den Idirbhiain é an Taisteal. An cuimhin libh an turas a thugamar ar Cheapach na gCapall? Nach raibh sé sin go maith? Bhí cinnte, agus bhí go leor le foghlaim as an turas céanna - scileanna nach mbíonn le foghlaim sa bhinse scoile! Agus na turasanna beaga a thugaimid amach as limistéar na scoile gach Déardaoin - tá tairbhe nach beag ag baint leo siúd freisin. Tá daoine sa saol nach bhfuil ábalta déanamh dóibh féin ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bíonn cabhair agus cúnamh de dhíth orthu. Cuirtear an méid sin ar ár súile dúinn san Obair Shóisialta. Agus ar ndóigh, cad déarfá leis na tréimhsí a chaithimid amuigh sa saol oibre. Foghlaimímid a lán fúinn féin ansin, gan trácht ar na scileanna a théann leis na postanna éagsúla. Tuigimid an tábhacht a bhaineann le poncúlacht, le néatacht, le freagarthacht, leis an gcomh-obair. Ciall cheannaigh an chiall is fearr. Tá an deis againn anois smaoineamh dúinn féin ar an saol mór agus seans againn dul i gcríonnacht. Ní beag sin! Is ea, go deimhin, tá an Idirbhliain difriúil. Tugann an scoil seans don dalta scileanna nua a fhoghlaim is a chleachtadh. Cuirtear ábhair nua ar fáil - Teicneolaíocht, Ealaín, Garraíodóireacht san áireamh. Iarrtar ar an dalta páirt ghníomhach a ghlacadh ina oideachas féin. Fágtar cuid mhaith faoin dalta féin. Má ghlacaimid leis an dúshlán, is cinnte nach ag meilt ama a bheimid.
Barr an Leathanaigh
An Rún: Ba cheart an sacar a dhíbirt as Éirinn.
Táimidne ag labhairt in aghaidh an rúin. Níor cheart an sacar a dhíbirt as an tír seo. A leithéid! Duine gan chiall a déarfadh é. Ar an gcéad dul sios, is spórt e sacar, spórt an-mhaith - níl a shárú le fáil. Is é cluiche mór an phobail é. An cluiche álainn. Is é an spórt is mó ar domhan é, gan aon agó! Imríonn na milliúin daoine timpeall an domhain é. Agus mura mbíonn daoine ag imirt sacair, bíonn siad ag féachaint air ar an teilifís. Is cluiche domhanda é, mise á rá libh! Tugann an sacar seans don tír seo páirt a ghlacadh sa spórt ar leibhéal idirnáisiúnta. Sin buntáiste an-mhór. Nuair a bhíonn foireann na hÉireann ag imirt sacair, bíonn an chraic sa tír go hiontach. Cúis mhórtais dúinn é nuair a bhuann siad. Mura mbeadh sé sin againn, céard a bheadh againn? Tá daoine ann agus ceapann siad nach rud nádúrtha ná Gaelach é bheith ag imirt an tsacair. Tá na daoine sin dall ar fhíricí an tsaoil agus is mithid dóibh dúiseacht as a suan. Sa scoil seo, má fhéachann tú amach sa chlós am lóin, cad a bheidh le feiceáil agat? Cad eile ach Éireannaigh óga ag imirt sacair! Tá sé sin nádúrtha agus tá sé sláintiúil. Agus is é an scéal céanna é i ngach scoil sa tír. Ní féidir an sacar a chaitheamh amach. Cad faoin FAI? Céard faoi na clubanna sacair timpeall na tíre? Ar cheart dúinn a rá leo siúd éirí as? Ní dóigh liom é! Cé tá ag iarraidh an sacar a dhíbirt as Éirinn? Faisistigh? Tá se uafásach mura bhfuil rogha ag daoine faoin gcineál spóirt a theastaíonn uathu. Ní lia duine ná tuairim. Molaimse an tsaoirse agus an saor-rogha. Mar bhuille scoir, tugann an sacar airgead mór isteach sa tír. Ticéid, feisteas, bróga, liathróidí agus mar sin de. Bíonn fáilte roimh gach pingin. Coinnímis an sacar in Éirinn. Go raibh maith agaibh as éisteacht liom. Táimidne ag labhairt ar son an rúin. Is fíor é. Tá sé in am againn an sacar a chaitheamh amach as Éirinn. Go deimhin féin, tá sé thar am againn é a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, is fada ónár ndúchas an cluiche seo. Cluiche gallda is ea é. Ó Shasana a tháinig sé agus is le cultúr Shasana a bhaineann sé. Tá go leor tionchair ag Sasana sa domhan inniu, gan cúrsaí spóirt a chur san áireamh. Ní imríonn siad na cluichí Gaelacha thall - an iománaíocht ná an Pheil Ghaelach. Cén fáth a bhfuilimid ag imirt cluiche na Sasanach anseo? Tá an sacar ag déanamh dochair don chultúr Gaelach. Dá mbeadh an sacar imithe, bheadh i bhfad níos mó daoine oga ag imirt na gcluichi Gaelacha. Tá ár gcultúr fein againn agus níor cheart dúinn bheith ag sodar i ndiaidh dream ar bith ón taobh amuigh. Tá sé náireach bheith ag féachaint ar na clubanna san FAI agus iad ag iarraidh aithris a dhéanamh ar nósanna na ngall. Ní fiú tada iad. Níl aon mhaitheas sna himreoirí. Aon duine a bhfuil scil ar bith aige, téann sé go Sasana. Agus sin mar is ceart. Cluiche Sasanach is ea é. Ní bhaineann sé linne. In Éirinn, tá cúrsaí spóirt ceangailte le spraoi agus scléip seachas leis an airgead. Ar mhaithe le glóire na contae is le mórtas cine a théann na Gaeil óga amach ag imirt. Sa sacar, is é an t-airgead an Rí. Tá sé sin ag milleadh an chluiche. Cuireann sé sin déistin orm, dáiríre. Maidir le hiompar an lucht leanúna - tá sé sin ina scannal. Is droch-shampla é do pháistí na tíre. Ní chuirfeadh sé as domsa dá gcuirfí an ruaig ar an sacar as Éirinn. Caithimis uainn é agus déanaimis ár leas.
Barr an Leathanaigh
Ní dhéanann an teilifís ach dochar.
A chomhscoláirí, tá mise anseo inniu ag labhairt in aghaidh an rúin. Níl sé fíor. Tá an teilifís go maith. Ní dochar a dhéanann sé ach maitheas. Nuair a chum John Logie Baird an teilifís an chéad lá, is beag a thuig sé an úsáid a bhainfí as. Úsáid mhaith, dar liom. Éistigí - Sa lá atá inniu ann cruthaíonn an teilifís a lán fostaíochta. Tá níos mó ná míle duine fostaithe ag RTÉ. Tá fir cheamara, aisteoirí, tuairisceoirí, lucht soilse agus n'fheadar cad eile ag obair ann. Nach rud maith é sin agus cúrsaí fostaíochta mar atá! Domhan beag atá ann anois, a bhuí sin leis an teilifís. Faighimid gach cor is déanaí i ngach aon scéal a thagann chun solais ar an bpointe boise. Tá an-tóir againn ar na scéalta reatha. Cuireann an teilifís ar an eolas muid faoina bhfuil ar siúl sa domhan. Gan é, bheimis caillte! Le cabhair na saitilítí tig linn bheith istigh sa tigh cúirte le OJ Simpson, beo ar an aer - agus an dráma aisteach sin ar siúl ar an taobh eile den domhan! Agus ní gá fanacht go dtí a deich a chlog ná tada - bíonn an teletext i gcónaí suas chun dáta. Tig linn foghlaim ón teilifís. Is áis iontach teagaisc é. Bíonn cláracha oideachais ar taispeáint an t-am ar fad. Múinteoir na teilifíse, ní bhíonn sé riamh crosta ná dian. Tá draíocht agus spéis ag baint leis. Tá cáil ar an Ollscoil Oscailte. Bíonn cláracha eolais ann faoin Dúlra agus faoin Eolaíocht - is cabhair mhór iad siúd do na daltaí scoile. Sin rud maith. Is féidir teangacha a fhoghlaim go héasca ón teilifís. Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis - déantar freastal orthu go léir. Tá ár dteanga féin ann freisin agus tá an Ghaeilge ag teacht níos mó chun tosaigh ó tháinig T na G ar an saol! Is maith a thuig Micheál Ó hUiginn tábhacht agus fiúntas na teilifíse. Tá rud ar an teilifís do gach aon duine. Tá rogha an-leathan cláracha ann. Más breá leat an greann gheobhaidh tú ábhar gáire. Más duine thú a dtaitníonn gallúntraí leis, bhuel, tá neart díobh ann chun do mhian a shásamh. Tá na cartúin ann do na páistí. Is iomaí Mamaí a chuireann paidir bheag bhuíochais le hanam Logie Baird. Mé féin, is iad na scannáin is mó a thaitníonn liom. Ní féidir bheith ag obair i gcónaí. Dá dhéine an obair tagann am sosa ag deireadh thiar. Nuair a bhíonn an staidéar déanta agus na leabhair curtha ar ais sa mhála tá an teilifís ann chun scíth agus siamsa agus faoiseamh a chur ar fáil. Agus cuimhnigh ar an gcompord i gcomparáid leis na seanlaethanta fadó - b'éigean dár sinsir aghaidh a thabhairt ar an amharclann nó ar an bpictiúrlann faoin mbáisteach is faoin sioc - anois ní gá dul thar táirseach amach murab é do rogha é - tá gach siamsa ar fáil ar an mbosca draíochta sa chúinne. Sin dul chun cinn mór, dar liom. Déanann an teilifís an-jab go deo ar chúrsaí spóirt. Ní hé gach duine atá in acmhainn dul go dtí na cluichí go léir. Cosnaíonn siad pinginí móra. Gan an teilifís, bheadh na daoine bochta fagtha ar an trá fholamh. Is féidir le bocht agus saibhir na cluichí a fheiceáil ar an teilifís ar chostas an-bheag. Mar sin, molaim an teilifís. Ní thuigim conas is féidir leis an bhfoireann eile a rá nach ndéanann an teilifís ach dochar. Seafóid! A chairde, táimidne ag labhairt ar son an rúin. Tá sé fíor. Ní dhéanann an teilifís ach dochar. Dochar, scrios agus milleadh! Féach na daoine go léir a chaitheann a gcuid ama suite os comhair na teilifíse an lá ar fad. "Prátaí Toilg" a thugtar orthu. Tá an teiliís ag milleadh sláinte na ndaoine sin. B'fhearr dóibh bheith amuigh sna páirceanna nó ar na sráideanna féin ag imirt nó ag fáil cleachtadh coirp. Cuid acu seo, tá siad as obair. Nárbh fhearr dóibh bheith amuigh ag lorg poist seachas a bheith caite ar an tolg ag stánadh ar an mbosca, amhail is dá mbeidís ar dhrugaí! Dochar, a deirim! Féach an foréigean a bhíonn ar an teilifís. Marú, fuil, ionsaí, sceana, gunnaí - nach deas an sampla é! Agus fós tá daoine ag iarraidh a fháil amach cén fáth a bhfuil an oiread sin foréigin sa saol. An teilifís - sin é an freagra. Tá sé chomh simplí sin. Bíonn an-tionchar ag an teilifís ar dhaoine óga. Is maith a thuig ár sinsir an tsíceolaíocht - "an rud a chíonn an leanbh, níonn an leanbh". Féach an chlann sa seomra suite istoíche, suite le chéile os comhair na teilifíse. Pictiúr deas, meas tú? Mo thrua do cheann cipín! Ní bhionn cead ag duine ar bith acu focal a rá ar eagla go gcaillfeadh siad an clár! Tá deireadh le caint is le comhrá, le clann is le cairdeas. Agus rud eile, ní bhíonn daoine ag léamh níos mó. Tá lá an leabhair thart. Tá deireadh le damhsaí, leis. Tá an saol goidte ag an teilifís. Caithimis uainn é agus déanaimis ár leas.
Barr an Leathanaigh