Stair an Chaisleáin
  Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 


le Ceiteach Ó Caiside



Téann scéal Chaisleán Druimnigh siar go dtí an tríú haois déag.

Sa bhliain 1216 deonaíodh na tailte thart ar Chaisleán Druimnigh agus Tír an Iúir do Hugh de Berneval. Níltear cinnte faoin dáta cruinn ceart. Mhair réimeas mhuintir de Bernaval mar thiarnaí Druimnigh ar feadh ceithre céad bliain.

Fágadh an caisleán ag Robert Barnewell nuair a fuair a athair bás sa bhliain 1606.

Bhí an caislean ar léas ar feadh tamaill ag Sir Adam Loftus.

Is cosúil go raibh caisleán eile ar an láthair sular tógadh an ceann atá le feiceáil ann inniu.

Sa bhliain 1718, chuaigh muintir Archer i gceannas ar an áit agus lean muintir Mhic Aonghusa iad. Choinnigh siadsan an caisleán go dtí 1787, nuair a chuaigh an tUasal Ó Raghallaigh chun cónaithe sa chaisleán. Idir amanna, neartaíodh na stáblaí ar chúl agus cuireadh droichead thar an móta.

Sa naoú haois déag thóg Clann Uí Chaomhánaigh an léas agus choinnigh siad é ar feadh ochtó bliain.

Sa bhliain 1908 ghlac an tUasal Louis Hatch, Caitliceach, seilbh ar an áit agus bhí feirm déiríochta aige ann go bhfuair sé bás sa bhliain 1953. D'fhág sé an talamh ag na Bráithre Críostaí. Thóg na Bráithre mainistir agus scoil in aice leis an gcaisleán.

Sa bhliain 1978, d'athchóirigh Club CLG "An Caislean"(Baile Bhailcín) an foirgneamh.

Ná déan dearmad ar Eleanora álainn de Barnewell an taibhse, a bhíonn fós ag siúl trí Chaisleán Druimnigh, na céadta bliain i ndiaidh a báis. Thit sí i ngrá le Seán Ó Broin de réir an scéil ach ní raibh an sonas i ndán di mar bhí pleananna eile ag a hathair di. D'imigh sí ón áit agus fuarthas a corp fuar marbh i lár sléibhte Chill Mhantáin sínte ar uaigh a leannáin.


Féach Leathanach Mhuintir an Chaisleáin féin