Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 
An PHEIL GHAELACH
Sa Chaisleán

Barra

Tuairisceoir: Barra ó Dúill


Mar a Bhí ar dtús

Thosaigh Caisléan Druimnigh mar scoil sa bhliain 1954. Sa bhliain 1956, thosaigh an Pheil Ghaelach sa Chaisléan.
Níorbh fhada gur tháinig an chéad bhua mar bhuaigh na peileadóirí idirmhéanacha an comhcheangal C.B.S. sa bhliain 1957.
Sa bhliain 1958, bhuaigh na peileadóirí idirmhéanacha an comcheangal arís.
Bhuaigh an fhoireann shóisearach sna comórtais Choláiste Bhaile Átha Cliath sna blianta 1961 agus 1962.
Sa bhliain 1963, chaill an fhoireann shinsearach cluiche ceannais Laighean "B".
Sa bhliain 1964, bhuaigh an fhoireann idirmhéanach an comórtas Laighean "B".
Sa bhliain 1966, chaill an fhoireann shinsearach an cluiche leathcheannais Laighean "A" in aghaidh Naomh Finian, a bhuaigh an comórtas.
Sa bhliain 1972, bhuaigh an fhoireann shinsearach agus an fhoireann idirmhéanach an Chraobh Ghaelach "B".
Bhuaigh siad an Chraobh Shinsearach arís sa bhliain 1973.
Chaill an fhoireann shinsearach sa chluiche leathcheannais in aghaidh Naomh Caoimhín sa bhliain 1977.
Bhí cursaí peile go maith sna hochtóidí agus tá neart trófaithe le feiceáil.
Sa bhliain 1980, bhuaigh an fhoireann shóisearach an comórtas Laighean "B".
Chaill an fhoireann chéanna an comórtas sinsearach Bhaile Átha Cliath "B" agus cluiche ceannais "A" sna blianta 1983 agus 1984 faoi seach.
Bhuaigh an fhoireann shinsearach Sciath Laighean sa bhliain 1984, áfach. Bhí a lán peileadóirí cáiliúla ar an bhfoireann seo, leithéidí Niall Quinn agus Ciaran Walsh.
Bhuaigh an fhoireann shóisearach Craobh Laighean "A" sa bhliain 1985.
Sa bhliain 1986, bhuaigh an scoil comórtas ógánta Bhaile Átha Cliath agus Craobh Sóisear "A".
An bhliain dar gcionn, bhuaigh an fhoireann shóiseareach comórtas Laighean "A" iomaíochtaí nuair a bhuaigh siad ar Choláiste Naomh Mel.
Bhuaigh an fhoireann chéanna Cluiche leathcheannais Éireann in aghaidh Coláiste Naomh Iarfhlatha.
Chaill siad an cluiche ceannais in aghaidh Coláiste Naomh Colmán, áfach.
Sa bhliain 1989, bhuaigh an fhoireann Craobh ógánta Bhaile Átha Cliath "A"

Mar atá Anois...

Brón orm, tuilleadh le teacht....