Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 

An tIománaí ar an gClaí

GREG

Gréagóir Mac Seáin



Scéal na hIomána sa Chaisleán


D'éirigh leis na hiománaithe idirmheánacha dul chomh fada leis an gcluiche ceannais sa bhliain 1957.

Bhuaigh na hiománaithe sóisearacha Comórtas Choláistí Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1961 agus arís 1962.

Bhuaigh an fhoireann idirmheánach Craobh Laighean sa bhliain 1964. Beirt a d'imir ar an bhfoireann sin, Harry Dalton agus Fergie Mac Donnell, chuaigh siad ar aghaidh chun imirt don Chontae an bhliain dar gcionn nuair a bhuaigh foireann na mionúr Craobh na hÉireann.

Is cosúil go raibh sos beag ag cúrsaí iomána sa Chaisleán, mar ní chloistear arís faoi na hiománaithe go dtí deireadh na seachtóidí. Bhí cúpla bliain mhaith acu ansin ó 1977 go dtí 1979, nuair a bhuaigh siad Comórtas Sinsir Bhaile Átha Cliath.

Bhí Paul Mulhere ag imirt don scoil sna laethanta úd. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Le blianta beaga anuas tá na hiománaithe imithe isteach sa halla spóirt. Cluiche laistigh atá inti anois. Liathróid rubair atá sa sliotar anois agus bíonn píosa rubair ar bhos an chamáin chomh maith.
Ó thosaíomar ar an gcluiche istigh táimid tar éis dul chomh fada leis an gcluiche ceannais gach bliain, ach níor éirigh linn an an ceannas a bhaint amach go fóill.
Chuamar gar dó uair amhain - ní raibh ach cúl amháin idir muid agus Coláiste Finian!