Abhaile | Sacar | Stair | Ceol | Scannáin | Leabhair | Peil | Garraí | Iomáint | QUIZ | Díospóireacht | Trek | |
Ár gComhfhreagraí Scannánaíochta
![]() |
Seán Ó Fionnagáin
CON AIR
![]() Léirmheas le Seán Ó
Fionnagáin
Seo scannán eachtraíochta atá chomh líon lán de ghluaiseacht scioptha go mbeidh faitíos ort bogadh ón teilifís ó thosach deireadh ar eagla go gcaillfeá faic. Is iad Nicholas Cage agus John Malkovich na réaltaí móra. Glacann scata priosúnach seilbh ar eitleán agus déanann siad iarracht éalú agus saoirse a bhaint amach. Éiríonn leo dul go dtí áit an-aisteach................. Ní déarfaidh mé níos mó ar eagla go loitfinn an scannán ar éinne nach bhfaca fós é. Tá na gaiscí agus na cleasanna scannaíochta dochreidte maith sa scannán seo. Ní féidir é a shárú, dar liom. Tá an scéal ar fheabhas agus ní dóigh liomsa go bhfeicfidh mé ceann níos fearr choíche. Nuair a bhí sé ar taispeáint ar SKY PREMIER
tamall ó shin, fuarthas amach go raibh an lucht
féachana ba mhó riamh ag breathnú air.
|
PLEASANTVILLE
![]()
Léirmheas le Seán Ó
Fionnagáin
Scannán dubh agus bán atá anseo i dtosach.
Ansin, de réir a chéile, tagann na dathanna isteach.
|