Abhaile | Sacar | Stair | Ceol | Scannáin | Leabhair | Peil | Garraí | Iomáint | QUIZ | Díospóireacht | Trek | |
Fear léite leabhair
Niall ó Seinicín
Of Mice and Men
Léirmheas le Niall Ó Seinicín
Glenn Hoddle: The World Cup 1998 Story Seo scéal a léiríonn conas mar a
d'éirigh le Glenn Hoddle mar bhainisteoir Shasana.
Fear láidir diongbháilte is ea Hoddle, agus
tá sé lán-chinnte de féin.
Pléann sé an chaoi ar dhíbir sé Paul
Gascoigne den fhoireann agus insíonn sé dúinn
faoin muinín a bhí aige as an mbean feasa Eileen
Drewery. Ar a laghad ar bith, seo scéal Hoddle óna
bhéal féin amach. IMITHE
Seo leabhar Gaeilge a léamar i mbliana sa rang.
Tagann an fear seo abhaile lá, agus deir na gardaí
leis go bhfuil a mhac i ndiaidh bás a fháil sa
bhFrainc. Tá sé féin agus a bhean scriosta. Bhí an mac imithe uathu le bliain. Bhí sé tugtha don chearrbhachas agus bhí sé tar éis airgead mór a thógáil ón mbanc faoi ainm a athar....
Thaitin an leabhar seo liom. Bhí sé corraitheach agus ní bheadh fhios agat roimh ré céard a bhí le tarlú.
John Steinbeck
Scríobh John Steinbeck an
leabhar seo - Of Mice and Men - agus d'fhoilsigh William Heinemann
Ltd é sa bhliain 1937. Tá an scéal suite in
Soledad California. Beirt fhear atá i gceist sa scéal
seo. Faigheann siad post ar fheirm agus súil acu gur
féidir leo a bhfeirm féin a bheith acu lá
éigin.
Is iad Seoirse agus Lennie an bheirt fhear i lár an
scéil. Tá George beag, dorcha san aghaidh,
srón tanaí cnámhach. A mhalairt ghlan is ea
Lennie: fear ollmhór, aghaidh gheal
mhílítheach, siúlóid tromchosach faoi,
agus a dhá láimh ag luascadh gan stiúir.
Tá sé cineál mall-aigeanta,
páistiúil. Braitheann sé go mór ar
George.
An fear a d'fhostaigh George agus Lennie, tá sé
an-chliste agus an-lách. Tá mac aige, Curley, agus is
duine gránna uafásach é. Is bulaí
é agus bíonn sé i gcónaí ag
piocadh ar Lennie. Is cosúil go bhfuil fadhb aige le daoine
atá níos mó ná é féin.
Tá sé beag agus téagartha. Tá sé
pósta le bean dea-chumtha. Buaileann sé í
nuair is mian leis. Ceapann sí go bhféadfadh
sí bheith ina haisteoir cáiliúil. Leagann
sí an milleán ar Curley.
Tá daoine eile sa scéal ach is mion-charachtair iad -
Stable Buck agus Carlson, mar shampla.
Tá an scéal suite ar fheirm in Soledad, California.
Tá an fheirm seo an-mhór agus tá a lán
daoine ag obair ann. Cónaíonn na hoibrithe i
mbothán atá suarach go leor. Tá sé
an-bheag. Cónaíonn Curley agus a bhean leis an
úinéir.
Ar feadh tamaill tá gach rud ag dul ar aghaidh go
hálainn ach toisc nach bhfuil Lennie cliste go leor,
téann cúrsaí ó mhaith. Ar dtús
bíonn troid aige le Curley agus ag deireadh, maraíonn
sé bean Curley de thimpiste. Téann sé i
bhfolach i measc na dtor. Téann George ina dhiaidh agus
nuair a thagann sé suas leis níl an dara rogha aige.
Tógann sé an gunna agus scaoileann sé Lennie
sa chloigeann.
Tá go leor coimhlintí sa scéal: tá
argóint ann idir Lennie agus George toisc go ndéanann
Lennie dearmad ar chomhairle mhaith. Fós ní thiteann
siad amach lena chéile riamh. Is cairde buan iad.
Ansin tá an choimhlint ann idir Curley agus Lennie.
Ionsaíonn Curley é ach briseann Lennie a lámh.
Úrscéal réalaíoch a bhí ann, dar
liom. Bhi an scéal go maith ach bhí sé mall in
áiteanna, cheapas.
Chaill siad dhá chluiche den cheithre cinn a bhí le
himirt acu sa bhFrainc. B'shin deireadh leis an aisling a
bhí ag na Sasanaigh an Corn a bhreith leo abhaile. Is beag
aiféala a léiríonn Hoddle faoi na socraithe a
rinne sé ná faoina chuid pleananna. Go deimhin
féin, cheapfá go minic gurbh amhlaidh a bhuaigh
Sasana an Corn! Ag deireadh, áfach, tagaimid go dtí
an nóiméad mór nuair a theipeann ar David
Batty an chic pionóis a chur abhaile.
le Ruairí Ó Báille
An comhlacht Scoileanna agus Coláistí a
d'fhoilsigh é sa bhliain 1994.
Téann Pól go dtí an Fhrainc leis an sáirsint ach ansin faigheann
sé amach go bhfuil a mhac fós beo. Téann
sé á lorg. Tagann sé air de thimpiste ag stáisiún traenach. Leanann sé é. Feiceann sé a mhac ag caint le fear eile. Tugann Colm pacáiste drugaí don fhear eile. Leanann Pól é ansin go dtí teach i lána beag dorcha. Beireann muintir Turner air agus cuirtear faoi ghlas é amuigh sa tseid ar chúl an tí. Tamaillín ina dhiaidh sin, caitear an garda isteach leis, agus é brúite bataráilte go dona. Tar éis tamaill, ligeann Colm amach iad ach téann sé féin ar ais isteach sa teach. Maraíonn Turner é le piléar. Ansin pléascann an teach.