|
Karl Mac Conbhuí in Agallamh Leis an Uasal Ó Buachalla
 |
KMC: Cén bhliain ar thosaigh an gharraíodóireacht anseo?
RÓB: Thosaigh an gharraíodóireacht sa bhliain 1995 leis an gcéad IdirBhliain!
KMC: Cén áit ar thosaigh tú leis?
RÓB: Bhí an chéad gharraí againn suite ar chúl an Chaisleáin. Bhí glasraí againn ansin agus crainn torthaí.
D'fhágamar an áit mar bhí sé ró-chlochach le saothrú.
Agus d'ith na coiníní gach uile ní!
KMC: Cé a chuimhnigh ar an ngarráiodoireacht a dhéanamh ar dtús?
RÓB: Mé féin, is dócha!
KMC: Cé atá i gceannas ar gharraithe na háite?
RÓB: Mise arís. Timpeall trí bliana ó shin (1996) bhogamar an garraí go dtí an áit ina bhfuil sé anois - os comhair na scoile.
Is gairdín foirmiúil é. Tá sé leagtha amach ina leapacha rialta 8 x 8.
Tá Fál Griselinia curtha timpeall ar an iomlán agus nuair a fhásfaidh sé sin suas beidh an gairdín dúnta isteach ar fad.
Tá fál beag "bosca" timpeall ar gach leaba chomh maith.
KMC: Conas a shocraigh sibh cad iad na plandaí a churfeadh sibh ag fás?
RÓB: Na daltaí féin a rinne an socrú sin. Fágadh an obair (gortghlanadh, romhar, cur srl) fúthu féin. Bhí buiséad £25 an leaba ar fáil.
KMC: Cad iad na plandaí atá curtha go dtí seo?
RÓB: Tá meascán de bhláthanna bliantúla - Priomúl, Bleibíní, Lus an Chromchinn, Tiúilip, Dáilia, Gladíolas
KMC: Go raibh maith agat.
RÓB: Fáilte romhat!
|