Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 

An Scéal is mó i mBéal Phobal an Chaisleáin

Tuairisceoir: Micheál de Lása


Dé Céadaoin 19 Bealtaine 1999

Caisleán Druimnigh......... 2      Scoil Oilibhéir ........1


Tá Léig Laighean u-15 buaite againn!
u-15 1999

Thosaigh an Cluiche Ceannais ag 12.30 i bPáirc AUL Clonshaugh gar don Aerfort. Bhí na heitleáin go glórach os ár gcionn i rith an chluiche.

Thosaigh an Caisleán ar an ionsaí ón tús agus thóg sé tamall sular shocraigh foireann Dhroichead Átha síos i gceart. Bhí an dá fhoireann cothrom go maith ar an iomlán ach fuair an Caisleán an chéad scór sa chluiche. Is amhlaidh a chaith duine d'fhoireann Oilibhéir an liathróid isteach ón taobhlíne thuas ag an taobh eile den pháirc. Níor lig Tomás Ó Cionnaith an seans leo. Bhris sé isteach agus sheol sé an liathróid go dtí Adam Bolger. Rith Bolger go han-tapaidh leis agus d'fhág sé ag Brian Ó Maonaigh é. Chonaic Brian fear saor ar an taobh eile den pháirc agus sheol sé chuige é. Chuir seisean ar aghaidh é go dtí Peter Hynes. Rith cúl báire Oilibhéir amach ach níor éirigh leis breith ar an liathróid in am. Fágadh an cúl gan chosaint agus shiúil Peter Hynes isteach leis an liathróid gan dua. Tharla sé go léir an-tapaidh. Níor éirigh leis an gCaisleán cur leis an scór sin sa chéad leath. Fuair muintir Oilibhéir cúl an-mhaith ó chic chúinne agus bhí an dá fhoireann ar comhscór ag leathama.

CORNLeathbhealaigh tríd an dara leath, chuir foireann an Chaisleáin an taobh eile faoi bhrú gan stad gan staonadh. Isteach, amach, isteach arís, amach arís. Ach ba léir go mbeadh toradh ar an iarracht leanúnach. Agus bhí lámh ag Adam Bolger san iarracht. Nuair a tháinig an liathróid chuige rith sé i dtreo an líne chúil ach go tobann chas sé timpeall agus sheol sé an liathróid ar ais an treo eile. Gan choinne, tháinig Jonathan Hogan an treo agus d'aon speach chruinn láidir amháin chuir sé an eangach ar craitheadh.
2 - 1 !!!

Bhí 20 nóiméad fós le dul sa chluiche ach b'shin é, dáiríre. Níor ghéill na hOllies riamh, áfach, agus bhí siad fós ag iarraidh an taoide a chur siar nuair a shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh. Curaidh Laighean!

Seo an lucht scórála:
PETERPeter Hynes 1 JONJonathan Hogan 1

Foireann an Chaisleáin:
G.Treacy C.Kenna T.Kenny D.McQuaid R.Collins C.Kenna J.Hogan A.Bolger P.Hynes B.Mooney


Dé Máirt 11 Bealtaine 1999

Caisleán Druimnigh......... 10      CBS Ceatharlach......... 0


Táimid ar ár mbealach go dtí an Cluiche Ceannais!

Tráthnóna fliuch agus gaofar a bhí ann i nDroichead Nua nuair a bhuail an Caisleán ar mhuintir Cheatharlach. Bhí an talamh bog fliuch deacair.

Sa chéad leath, chuaigh dhá sheans amú nuair a bhuaileamar an cuaille. Níorbh fhada, áfach, gur chuir Brian Ó Maonaigh an chéad chúl abhaile. B'shin a raibh le taispeáint againn sa chéad leath, agus muid ag imirt leis an ngaoth agus le fána na talún.

Ach sa dara leath, chuireamar an taobh eile faoi bhrú gan stad gan staonadh. Bhí toradh nach beag ar an ionsaí úd: naoi gcúl sa bhreis, ceann acu a tháinig ó chic phionóis.

Seo an lucht scórála:
BRIAN ROBBIE

Brian Ó Maonaigh 5 (péire díobh siúd a chuaigh isteach ó dhuine den taobh eile)
Peter Hynes 2
Robbie Collins 3

Foireann an Chaisleáin:
Treacey Keighery Kenny Keehan McQuaid Collins Kenna Hogan Bolger Hynes Mooney


Dé hAoine 23 Aibreán 1999

Caisleán Druimnigh......... 7      Naomh Breandán......... 1


Chuaigh Caisleán Druimnigh céim eile ar aghaidh go dtí an cluiche leath-cheannais i Léig Laighean nuair a bhuaigh siad scun scan ar Choláiste Naomh Breandán 7 - 1.

Peter Hynes a chuir an Caisleán ar chlár na scór i dtosach. Brian Ó Maonaigh a réitigh an bealach dó. Tús maith. Ach d'éirigh le foireann Bhreandáin teacht i dtír ar bhotún i measc na gcosantóirí. 1 - 1.

Bhí an chéad leath cothrom go maith. Ní raibh ach cúig nóiméad imithe sa dara leath, áfach, nuair a chuir Hynes an Caisleán chun tosaigh arís le cúl gleoite. 2 - 1.

Chuir Brian Ó Maonaigh an cluiche as radharc mhuintir Bhreandáin le cúl iontach gan aon chúnamh.

Ina dhiaidh sin chuir Hynes an teitheadh uile ar bhuíon Bhreandáin le trí chúl as a chéile!

Chuir Robbie Collins an clabhsúr ar an gcluiche le cúl críochnúil eile. 7 - 1.

Foireann u-15 an Chaisleáin:
Treacy Kenna Keighery McQuaid Cronin Collins Kenna Hogan Bolger Mooney Hynes


Dé Céadaoin 24 Márta 1999

Caisleán Druimnigh......... 5      Naomh Benildus......... 1

Scata cúl i ndiaidh a chéile i dtreo dheireadh an chluiche a chinntigh Craobh Irish Permanent FAIS na hArdchathrach u-15 Léig Roinn 1 do Chaisleán Druimnigh nuair a sháraigh siad Coláiste Benildus ar pháirc imeartha Bluebell United Dé Céadaoin 24 Márta 1999.

Beirt laochra an Chaisleáin ná fear lár páirce, Adam Bolger, a fuair trí cinn (!) agus an tosaí Peter Hynes a fuair péire.

Ba iad foireann Bhenildus a fuair an chéad scór sa seachtú nóiméad déag. Chuir David Baker an liathróid trasna 30 slat amach, tháing cúl báire an Chaisleáin Graham Treacy amach óna líne agus chuir Adam Presch an liathróid isteach thairis.

Dhá nóiméad roimh leath-ama bhí an dá dhream ar comhscór nuair a sheol an cúlaí Conor Kenna saorchic isteach i mbosca Bhenildus. Bhí sciob sceab ann ar feadh píosa, ansin thapaigh Hynes a dheis agus chuir sé an liathróid i gcúinne na heangaí. 1 - 1.

Bhí naoi nóiméad déag den dara leath imithe nuair a chuaigh Caisleán Druimnigh chun tosaigh. Adam Bolger a rinne an beart. Fuair sé an liathróid sa bhosca agus chuir sé abhaile é láithreach.

Chuir muintir an Chaisleáin flosc agus fuadar orthu féin nuair nach raibh fágtha ach cúig nóiméad. Fuair Bolger uimhir a dó le cabhair óna chomhleacaí Brian Ó Maonaigh agus chuir sé an líontán ag creathadh ó dheich slat amach. 3 - 1.

ADAMTrí nóiméad a bhí fágtha sa chluiche anois agus rinne an Caisleán dhá ionradh scioptha i ndiaidh a chéile ar chúl Bhenildus. Bolger arís le speach cruinn cumasach agus Hynes a tháinig i dtír ar bhotún cosanta a rinne cúlaí Bhenildus, Stephen Redmond, rud a d'fhág nár ghá do Pheadar ach ligean don liathróid rolláil isteach chun clabhsúr a chur air.

Foireann an Chaisleáin:
G.Treacy; C.Kenna, S.Keehan, T.Kenny (Capt), D.McQuaid; J.Hogan, R.Collins, C.Kenna, P.Hynes; B.Mooney, A.Bolger.
Foireann Bhenildus:
S.Redmond; G.Keddy, A.McCormack, E.Carroll, S.Graham (Capt); D.Baker, A Presch, F Beggs (F.White,45) E Zayed; D.White, C.Gargan.