Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 
Briam John Molloy

John Molloy faoi agallamh ag Brian ó Maonaigh

BÓM: Cad é an chéad spórt a riar tú sa chaisleán ?
JM: Rásaíocht Trastíre sa bhliain 1968

BÓM: An maith leat ag riaradh an tsacair?
JM: 'S ea, Is maith liom na himreoirí óga a fheiceáil ag foghlaim an chluiche agus ag forbairt a gcuid scileanna.
Agus nuair a imíonn siad uainn go Sasana nó cibé áit, tá fhios agam go gcuimhneoidh siad ar an méid a rinne siad sa Chaisleán.

BÓM: Meas tú an mbuafaimid an léig faoi bhun U15?
JM: Bhuel, d'imir an fhoireann go han-mhaith an bhliain ar fad.
Léirigh siad smacht agus foighne.
Níor ghéill siad nuair a chuaigh an dream eile chun tosaigh 1 - 0.
Tá an scil agus an fhoireann againn chun Léig Laighean a bhuachan i ndiaidh na Cásca.

BÓM: Conas atá na buachallí ag déanamh i Sasana i.e. Daire Doyle , Dean Delaney agus Graham Barrett?
JM: Tá siad ag déanamh go maith.
Bhí Dean Delaney ar Fhoireann U/20 na hÉireann a bhí ag glacadh páirt i gCorn an Domhain sa Nigéir.
Tá Daire agus Graham gortaithe faoi láthair.

BÓM: Cad iad na droch rudaí a bhaineann leis an sacar sa Chaisleán?
JM: Bhí sé dian orainn nuair a chailleamar Corn U-15 in aghaidh Colaiste Choilm i Sord.

BÓM: Imíonn roinnt scoláirí ón scoil ag aois a 16 chun dul ag imirt i Sasana - 'Bhfuil sé sin go maith , meas tú ?
JM: B'fhearr liom dá bhfanfadh scoláirí anseo go dtí go mbeadh an Ardteist déanta acu ar dtús. Bheadh seans acu ansin dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal níos déanaí.

BÓM: Go raibh míle maith agat.
JM: Tá fáilte romhat!