Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 

An Fear a bhunaigh na Bráithre Críostaí

Tuairisceoir: Gabhán Ó Seasnáin



Rugadh Éamonn Iognáid Rís i gCallan, Co. Chill Chainnigh sa bhliain 1762 agus fuair sé bás sa bhliain 1844. Bhí feirm agus teach breá ag a mhuintir, Mairéad agus Roibeárd Rís.

Nuair a bhí sé in aois fir, chuaigh Éamonn go Port Láirge chun dul ag obair lena uncail, Michael Rice, trádalaí agus lónadóir long. Bhí an phearsantacht chuí ag Éamonn, agus bhí an tallann agus an díograis ann a theastódh ón bhfear maith gnó. Níorbh fhada gur chuir a uncail é i mbun an chomhlachta uile mar bhainisteoir. Ag deireadh, chuaigh sé i seilbh na háite agus bhí saol sócúil saibhir i ndán dó.

Fuair a bhean chéile, Mary Elliott bás de dheasca timpiste sa bhliain 1789. Chuaigh a bás siúd i bhfeidhm go mór ar Éamann. Thosaigh sé ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag paidreoireacht agus ag déanamh obair charthannachta, go háirithe leis na daoine bochta agus leo siúd nach raibh aird ag an saol orthu. Chuir sé spéis ar leith i gcás na bpáistí bochta nach raibh dóthain airgid ag a dtuismitheoirí le díol as na táillí scoile.

Ar ball, d'oscail Éamonn scoil dóibh ach bhí na páistí chomh deacair le múineadh gur éirigh na múinteoirí a bhí fostaithe aige as a bpoist. B'éigean d'Éamonn a chúl a thabhairt lena shaol gnó agus tosú ag traenáil múinteoirí a bheadh sásta a mbeatha a chaitheamh ag paidreoireacht is ag múineadh na mbochtán saor in aisce. Sa bhliain 1802, bhunaigh sé cumann reiligiúnda chun a chuid oibre a thabhairt i gcrích agus as sin a d'eascair Bráithre na Toirbhirte agus na Bráithre Críostaí.

Chonaic Éamann a chumann ag fás in Éirinn, i Sasana agus san Astráil. Bhí sé tinn agus d'fulaing sé go leor. Fuair sé bás 29ú Lúnasa 1844. Leath a cháil naofachta go tapaidh agus d'fhógair an Pápa Eoin Pól II é bheith Urramach sa bhliain 1993.

Beannaíodh Éamonn Iognáid Rís sa Róimh Deireadh Fómhair 1996. Éamann Beannaithe Rís a thugtar anois air - seo an chéad chéim ar a bhealach chun bheith áirithe go hoifigiúil mar Naomh