Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 
QUIZ BOIRD * AN IDIRBHLIAIN * Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 1998

BABHTA 1.


1. Cé hé ceannaire Fhine Gael?
2. Ainmnigh an scannán inar bhuail Tom Hanks le JFK.
3. Tá an fear seo ina Cheannaire ar an PLO ó 1969. Cé hé féin?
4. Cé rinne an scannán "Schindler's List"?
5. D'imir Liam Hayes ar fhoireann peile Cho. na Mí tráth. Anois is eagarthóir ar pháipéar Domhnaigh é. Cén páipéar?
6. Cad is ainm don pháipéar Gaeilge a tháinig ar an saol dhá bhliain ó shin?

BABHTA 2


1. Tine Mhór Londain - cén bhliain?
2. Bhí an duine seo ina príomhAire na Breataine ó 1979 - 1990. Cérbh í?
3. Cé bhí ina uachtarán ar Mheiriceá díreach roimh Bill Clinton?
4. Ainmnigh an príomh-aisteoir mná sa scannán TITANIC.
5. Cérbh é an léiritheoir i gcás na scannán seo: My Left Foot, In The Name of the Father
6. Cé léirigh na scannáin seo: Michael Collins - Butcher Boy - ?

BABHTA 3


1. Cén bhliain a bhuaigh Man Utd Corn na hEorpa le George Best?
2. Cén scríbhneoir as Éirinn a bhuaigh Duais Nobel don Litríocht 1995?
3. Ainmnigh Éireannach amháin den triúr eile a bhuaigh an duais chéanna.
4. Cén contae ina bhfuil Dún Dealgan?
5. Cé hé Ceannaire an SDLP?
6. Cé hé Ceannaire an UUP?

BABHTA 4


1. Maraíodh Brian Bóirmhe sa bhliain 1014. Cén áit?
2. Cén bhliain a tháinig na Normannaigh go hÉirinn?
3. Cé rinne na scannáin seo - Psycho, The Birds?
4. Cá raibh Corn an Domhain sa bhliain 1966?
5. Cén contae de na Sé Chontae nach bhfuil buailte ar Loch nEachach?
6. Cén contae de chontaethe na Mumhan nach bhfuil buailte ar Luimneach?

BABHTA 5


1. Cé bhuaigh Oscar don aisteoir is fearr i mbliana - 1998?
2. Cé scríobh "The Field"?.
3. Cé scríobh "The Playboy of the Western World"?
4. Cá bhfuil Pearl Harbour? - Cén stát?
5. Cé chomh minic is atá Corn an Domhain buaite ag an bhFrainc?
6. Cén contae a dtugann siad "The Banner County" air?


QUIZ 2   
Í