Abhaile  | Sacar  | Stair  | Ceol  | Scannáin  | Leabhair  | Peil  | Garraí  | Iomáint  | QUIZ  | Díospóireacht  | Trek | 
An Todhchaí

An Scoil á Síneadh:

Tuairisceoir - Stiofán Ó Raghallaigh

Tá sé i gceist ag na Bráithre cur leis an scoil. Tá an scoil cineál plódaithe faoi láthair. Tá gach cúinne tógtha suas.

Beidh Saotharlann nua Eolaíochta ann, Seomra Teicneolaíochta, Seomra Ealaíne, Teanglann, Bialann agus n'fheadar cad eile.

Go luath sa bhliain 1998 rinneadh tochailt trialach feachaint an dtiocfaí ar aon rud stairiúil faoin talamh.

Is mór an tairbhe a bhainfidh na daltaí as an Síneadh seo. Beidh níos mó spáis ann agus beidh deis ag na scolaírí rogha níos leithne a bheith acu.

Tá cead pleanála faighte cheana agus táthar ag dul ar aghaidh leis an bpleanáil go láidir.

Tiocfaidh 90% den chostas ón Roinn. Tá sé i gceist tosú sa bhliain 2001.

Bígí ag faire ar an gcúinne seo. Coimeádfaidh mise ar an eolas sibh.