Brian Ó Maonaigh
faoi agallamh ag
Tomás Ó Cionaoith
Tomás: Cén aois a bhí agat nuair a thosaigh tú ag imirt peile?
Brian: Thosaigh mé ag imirt sacair le 'Millmount' nuair a bhí mé a seacht.
Ina theannta sin d'imir mé peil Ghaelach le Tomás Dáibhís.
Tomás: Cad iad na clubanna a n-imríonn tú leo?
Brian: Sa Sacar, tá mé ag imirt le Millmount, Aylesbury, Cromghlinn agus Belvedere faoi láthair.
Sa Pheil Ghelach, tá mé ag imirt peile le Tomás Dáibhís le seacht mbliana anuas.
Tomás: Cérbh é an t-imreoir is fearr riamh, dar leat?
Brian: Pelé an t-imreoir is fearr riamh, dar liom mar bhí sé ar leibhéal eile ar fad.
Is é Roy Keane an t-imreoir Éireannach is fearr liom mar tá sé daingean agus láidir.
Tomás: Cé hé an duine is mó a raibh tionchar aige ortsa i gcúrsaí spóirt?
Brian: Is é m'athair an duine is mó i gcúrsaí spóirt. Tá sé an-cheannasach.
Tugann mo bhainisteoir i mBelvedere an-chabhair dom.
Agus, ar ndóigh, is é mo bhainisteoir scoile, John Molloy, an fear is mó a chabhraigh liom riamh i gcúrsaí peile.
Tomás: Céard é an chomhairle is fearr i gcúrsaí spóirt?
Brian: "Is é an misneach an rud is mó. Is cuma cé chomh maith is atá tú, mura bhfuil an féinmhuinín agat, ní dhéanfaidh tú aon mhaith."