![]() |
Meánscoil Iognáid
Rís Caisleán Druimnigh |
![]() | |||||||
An bhfuil na freagraí go léir agatsa?
Léirmheasanna
Bhíomar ag obair taobh amuigh freisin
Siar is Aniar
Cad tá á bheartú?
An bhfuil an spionnadh ionat?
|
Malo Mori Quam Foedari
Seo ceann de na tionscnaimh atá á ndéanamh sa chúrsa Gaeilge. "Meánscoil Iognáid Rís" is ainm don scoil seo. Tugadh an t-ainm sin ar an scoil in ómós don té a bhunaigh na Bráithre Críostaí, Éamonn Iognáid Rís, céad caoga bliain ó shin. Dáiríre, is é "Caisleán Druimnigh" a thugann gach éinne ar an áit. Caisleán Druimnigh Tá caisleán ar chúl na scoile agus móta uisce thart timpeall air. Tá sé sin ann ó na meánaoiseanna. Ba le muintir Barnewall é tráth. Fuair na Bráithre seilbh ar an áit sna caogadaí agus bhíodh ranganna ar bun acu thall sular tógadh an scoil bhreá seo. Tá jab iontach déanta ag FÁS ar an gcaisleán. Bhí an áit ar tí titim as a chéile ach anois tá sé go hálainn. Scoil Bhuachaillí Buachaillí ar fad atá anseo - seacht gcéad go leith nó mar sin. Daichead is a cùig múinteoirí atá ag obair anseo. An Príomhoide Is é an Dochtúir Réamonn Breatnach an príomhoide nua. Cá bhfuil an scoil suite? Táimid suite anseo ar Bhóthar an Mhíle Fhada. Bíonn an trácht go trom ar an mbóthar seo i gcónaí agus bíonn orainn bheith cúramach ag dul trasna. Na hÁbhair scoile san Idirbhliain Na gnáth-ábhair scoile - agus cúpla ceann
breise againn: An Éide Scoile Bríste liath, geansaí liath, léine ghorm, bróga dubha, carabhat gorm le stríocaí buí is bán. Tá an carabhat ar fáil i siopa na scoile An tAmchlár Tosaíonn na ranganna ar a naoi. Moltar do gach éinne bheith istigh in am. Críochnaíonn an lá scoile ag ceathrú chun a ceathair. Bíonn an lón againn ar a haon a chlog. Daichead nóiméad a bhíonn sa rang. Bíonn leathlá againn ar an gCéadaoin. Ríomhairí Tá seomra breá ríomhaireachta againn. Tá thart ar tríocha ríomhaire pearsanta ann. Cúrsaí Spóirt Tá ainm in airde ag Caisleán Druimnigh i measc lucht spóirt. Tá páirceanna peile ar chúl na scoile agus tá halla mór spóirt ann freisin. |
Cúrsaí Sacair An Iomáint An Chispheil
Ceol in Aisce? Carr Uait? | |||||||
|
Scríobh Nóta Chugainn! | ![]() |