Abhaile  | QUIZ  | Corrs  | Draíocht  | Dubliners  | Corn an Domhain  | Scannáin  | Sacar  | STARWARS  | Turas|  | Príomhoide|  | Foirgneamh|  | Gairdín|  | Kartáil|  | Iomáint|  | Cispheil|  | Napster|  | Carranna|  | BOND|  | Muise|  | F1|  | Beathaisnéisí|  | Cluichí Oilimpeacha|  | Ministry|  | Caisleán Eile|

Fear na gCeist

Greachán Ó Ceallaigh


Agallamh leis an bPríomhoide

an Dochtúir R. Breatnach P.H.D

Faoi láthair níl fhios ag éinne cé hé tusa

Cad tá i gceist agat?

Tá d`ainm ar eolas ag an gcuid is mó de na daltaí ach níl aon tuairim acu faoi do sheasamh ar chúrsaí áirithe ná faoi do pholasaí i leith na scoile.

Bhuel, chomh fada is a bhaineann sé liomsa níl uaim ach an scoil a reachtáil chomh suaimhneach agus is féidir. Níl aon dianpholasaí agam ach tá tuairim agam faoina mbeadh á lorg agam ón scoil.

Cad é sin ?

Is é sin go gcloífeadh gach éinne le bunphrionsabail agus rialacha na scoile.

Conas atá an scoil nua ?

Tá sé an-mhaith, dar liom. Tá an fhoireann teagaisc thar cionn agus tá na daltai dea-mhúinte. Tá clú agus cáil ar an scoil seo agus tá súil agam gur feidir an dea-chlú sin a choinneáil agus cur leis, más féidir.

Conas atá na scoláirí ?

Mar a dúirt mé cheana tá na scoláirí dea-bhéasach. Ní raibh aon fhadhb mhór agam le duine ar bith acu go fóill. Mionrudaí mar éide scoile agus mar sin de. Ar an iomlán tá múineadh agus béasa orthu.

An bhfuil sé i gceist agat rialacha nua a thabhairt isteach?

Níl. Go fóill pé scéal é. Seans go ndéanfaidh mé a leithéid amach anseo nuair a bheidh tuiscint níos fearr agam féin ar an scoil agus ar an gcaoi a ndéantar rudaí anseo. Faoi láthair tá na seanrialacha fós i bhfeidhm agus níl aon riail nua beartaithe.

An bhfuil aon bhaint ag na Bráithre Críostaí leis an scoil a thuilleadh?

Tá go deimhin. Is leo an scoil. Níl aon bhráthair ar an bhfoireann níos mó seachas an Br. Bermingham. Ach níl aon chur isteach acu ar ghnáthreachtáil na scoile.

An mbeidh luachanna na mBráithre fós i bhfeidhm sa scoil? Beidh cinnte.

Tá luachanna na mBráithre Criostaí an-láidir agus an-chiallmhar. Ní fheictear dom cúis ar bith le fáil réidh leo. Tá bunús morálta leo agus baineadh leas fónta astu sa scoil go dtí seo agus mar sin leanfaimid leo.

An bhfuil sé i gceist agat aon athru a thabhairt isteach maidir leis na tuairiscí drochiompair?

Cén córas a bhí ann go dtí anois?

Bhí daltaí ag ceapadh go bhféadfaí na cuntais a ghlandh i ndiadh an tríú bliain ach ní mar sin atá. Coinníodh na cuntais ó thosach deireadh, cúig bliana agus sé bliana, i gcásanna áirithe. An bhfuil tusa chun an córas sin a athrú?

Níl. Bhí an córas sin sásúil sa scoil go dtí seo. Ní féidir liom a rá go bhfuil fhios agam faoi gach rud a tharla anseo sular tháinig mé ach cibé córas a bhí i bhfeidhm leanfar leis.

Go raibh maith agat.

Failte romhat!