Idir Camánaibh
Niall Purdy
Iomáint sa Chaisleán 2000
Caisleán Druimnigh v Leamhchán
Don cheád uair le fada chuir an Caisleán foireann iomána (u /16) le chéile.
Bhí traenáil againn don cheád uair Deardaoin 14ú.
D`imríomar an cheád chluiche iománaíochta Dé Máirt an naoú lá déag.
Bhí foireann na scoile ag imirt i gcoinne scoil Lucan.
Thosaigh an cluiche ar a leathuair tar éis a dó tráthnóna. Cluiche uafásach a bhí ann! Leag Barra Ó Ciarbháin imreoir eile agus thug an moltóir cárta buí dó agus bhí rírá agus ruaille buaille ann!
Chailleamar an cluiche 1 - 2 : 3 - 9. Fuaireamar bualadh uafásach!
Bhí an fhoireann ar buile leis an toradh ag dul abhaile.
Bainisteoir: An tUasal Ó Ceallaigh
FOIREANN U16
Éamonn O Mistéil, Tomás Ó Fathaigh, Brian Mac Giollaphádraig
Bhíomar ag imirt in aghaidh Scoil Chill Droichid.
Thosaigh an cluiche ar a dó a chlog tráthnóna.
Cluiche réasúnta a bhí ann.
Ar an drochuair, chiceáil Pól Ó Briain imreoir eile agus bhí raic ann ar feadh tamaill.
Bhuaigh Scoil Chill Droichid an cluiche.
Barra Ó Faogáin , Tomás Mag Fhearraigh, Carl Ó Briain
Niall Purdy, Marcas Ó Cionnaith, Derek Hill
Leslie Hailís, Mícheál Pe Hailís , Séan Ó Briain
Ailín Ó Nualláin , Antóin Mag Fhearraigh, Andrias Ó Conláin
Gabhán Mahady , Pól Ó Briain, Máirtin Ó Cionnaith
Stiofán Ó Rioláird , Pilib Mac Gabhann , Antóin Pe Clintiún, Greachán Ó Ceallaigh
Bhí cluiche eile againn anseo ar pháirc na scoile Dé Máirt 19ú Meán Fómhair. Cluiche Léige a bhí ann.
(Cúl agus seacht gcúilín in aghaidh dhá chúl agus ocht gcúl.)
Ní raibh mise ró-shásta leis an toradh, ní nach ionadh!