Abhaile  | QUIZ  | Corrs  | Draíocht  | Dubliners  | Corn an Domhain  | Scannáin  | Sacar  | STARWARS  | Turas|  | Príomhoide|  | Foirgneamh|  | Gairdín|  | Kartáil|  | Iomáint|  | Cispheil|  | Napster|  | Carranna|  | BOND|  | Muise|  | F1|  | Beathaisnéisí|  | Cluichí Oilimpeacha|  | Ministry|  | Caisleán Eile|

TurasEolaí

Stiofán Sinclair

Ceapach na gCapall


Ionad Eachtraíochta is ea Ceapach na gCapall.  Tá sé suite i gContae na Gaillimhe. 

Ceithre lá a chaitheamar ann, 26ú - 29ú Meán Fómhair.

D`fhágamar stáisiún traenach Bhaile Átha Cliath ar a seacht a chlog ar maidin.  Shroicheamar Gaillimh ar a haon déag a chlog agus ar aghaidh linn ar an mbus go dtí an tIonad.  Bhaineamar amach an áit um mheánlae agus bhíomar go léir scriosta!

Bhí an aimsir ceart go leor.  Bhí an chéad chúpla la cineál measctha ach ina dhiaidh sin bhí se go breá. 

Bhíodh an bricfeasta again ar a leath uair tar éis a hocht - calóga arbhair.  Anraith agus ceapairí a bhíodh againn don lón.  Bhiodh rudaí difriula don dinnéar chuile oíche.

Áit álainn is ea Ceapach na gCapall. 

Tá an t-amharc tíre dochreidte ansin.

Bhí a lán le déanamh againn ann:  Chaitheamar ár gcuid ama ag snámh, ag bádóireacht, ag siúl sna sléibhte agus ag imirt peile.  Bhí an chraic an-mhaith.Bhain mé an-taitneamh as an turas.

Ar an lá deireanach fuaireamar an bus go dtí an stáisiún traenach ar a leath uair tar éis a haon.  Abhaile linn ansin.  Thaitin an tsaoire go mór liom agus bhí cineál bróin orm ag dul abhaile.