Ceol Saor in Aisce?
Seán Ó Riagáin
Napster agus Na MP3’s
An rud a bhíonn sa nuacht go minic is ea "Napster" agus na "MP3’s". Ach cad iad "Napster"agus na "MP3’s"?
MP3 = MPEG 3. Seasann MPEG do "Moving Picture Experts Group" atá ag comh oibrú leis an ISO (International Standards Organisation) agus an IEC (International Electro-technical Commission) oibríonn na grúpaí seo ar an gcaighdeán i gcomhair pictiurí agus fuaime. MPEG 1 a úsáidtear do na cartuín, MPEG 2 do na scannáin agus MPEG 3 don cheol. Laghdaíonn MPEG 3 an méid spáis a thógann píosa ceoil go mór. (Ráta 1/10)
Is é atá i gceist le Napster ná go bhfuil trí rud i gceist: (a) "Website", (b) Clár agus (c) Comhlacht. Sean Fanning a bhunaigh é Meitheamh 1999.
Tá cúigear is daichead ag obair don chomhlacht. Is é Napster an tslí is
fearr don phobal chun MP3’s a fháil saor in aisce, go minic bíonn ceol ar na
MP3’s. Tá an clár le fáil ar an Website Napster, nuair a fhaigheann tú an clár
beidh tú ábalta píosaí ceoil a tharraingt anuas ón Idirlíon.
Tá gach saghas ceoil le fhail, ó roc-cheol go snagcheol, agus tá sé saor, ach cen fáth?
Níl aon cheol ag Napster féin. Tá an ceol ag na milliúin daoine trasna an domhain. Tugann Napster gach duine le chéile agus ansin téann liosta ceoil gach duine suas ar an gclár, agus má fheiceann tú amhráin atá ag teástail uait tá tú ábalta é a thógaint anuas. Tá sé chomh símplí sin.
Níl na grúpaí ceoil ná na comhlachtaí ceoil ró-shásta le obair Napster, agus tá siad ag iarraidh deireadh a chur le Napster agus leis an gceol saor. Beidh an cath seo ar siúl le fad. B`fhéidir go dtiocfaidh deireadh le comhlachtaí mar Napster ach beidh na MP3’s anseo, as seo amach.
4. Ansin sheinneann tú an amhrán le WINAMP ar do ríomhaire:
Ceangaltaí don Cheol Saor: