Abhaile  | QUIZ  | Corrs  | Draíocht  | Dubliners  | Corn an Domhain  | Scannáin  | Sacar  | STARWARS  | Turas|  | Príomhoide|  | Foirgneamh|  | Gairdín|  | Kartáil|  | Iomáint|  | Cispheil|  | Napster|  | Carranna|  | BOND|  | Muise|  | F1|  | Beathaisnéisí|  | Cluichí Oilimpeacha|  | Ministry|  | Caisleán Eile|

Rothaí Rábacha

Marcas S. Ó Cionnaith

Kartáil

Is breá le daoine dul ag go-kartáil in Éirinn mar tá sé tapaidh agus fíochmhar.

Tá níos mó agus níos mó raonta kartála ag oscailt in aghaidh na bliana.

Deir formhór de na daoine gur maith leo an go-kartáil mar, cé go bhfuil an go-kartáil tapaidh agus fíochmhar, tá dúshlán ann freisin: Teastaíonn plean agus ciall uait má fhaigheann tú tiománaí romhat agus ceann eile i do dhiaidh.

Sa Raon seo in aice linn, Kylemore Karting, tá kartanna 170cc Promaxx in úsáid agus is féidir leo dul chomh tapaidh le 40 msu ar an gcuid ghasta de chúrsa Kylemore.

Bíonn comórtas sa raon "Kylemore Karting" gach Luan ar a naoi a chlog agus don tiománaí óg (aois 9-13) bíonn comórtas ar an Domhnach ar a deich a chlog ar maidin.

Thosaigh "Kylemore Karting" mí Dheireadh Fómhair sa bliain 1992.

Stuart Cosgrave is ainm dón uínéir.

Tá siad i ndiaidh síneadh a chur leis an seanchúrsa: Féach an léaráid.

Cuirfidh an cúrsa nua ag Kylemore thart ar sé soicind leis an dturas timpeall. Sa chúrsa nua seo béidh uasbhealach ag dul trasnú an tseanchúrsa in dhá áit, agus an seanchúrsa ag dul ar aghaidh thíos faoi. Fanfaidh an seanchúrsa mar a bhi sé don chuid is mó ach amháin san áit a mbíodh ar na tiománaithe casadh obann faoi chlé, anois dreapfaidh siad suas seacht dtroigh ar dtús, tiocfaidh siad timpeall ar chlé go tapaidh agus síos leo le fána an chnoic ar ais isteach sa seanchúrsa. Díreach ina dhiaidh sin rachaidh siad trí chasadh "S" nua (clé agus deas) agus ar aghaidh leo go dtí Coirnéal Dunlop. Ag deireadh an ghiota díreach ar chúl rachaidh siad faoi dhá phíosa ardaithe den traic (dhá íosbhealach) agus ar ais leo go cúinne na "bPits". Céad méadar nó beagáinín lena chois atá curtha le fad an chúrsa.