Scanneolaí
Pádraig Ó Cléirigh
Scannáin Éireannacha
The Butcher Boy Stiúrthóir: Neil Jordan. Léiritheoir: Redmond Morris, Stephen Woolley. Aisteoirí: Eamonn Owens, Alan Boyle, Stephen Rea, Brendan Gleeson. Ban-Aisteoiri: Aisling O'Sullivan, Fiona Shaw, Sinead O'Connor. PríomhCharachtair: Francie Brady (Eamonn Owens), buachaill óg ag fás i mbaile beag in Éirinn. Joe (Alan Boyle) cara mór Francie. Athair ólta Francie agus Mam Francie. Suíomh: Tá an scannán suite i mbaile beag in Éirinn
le linn na gcaogadaí. Tá Francie ina chónaí i dteach bocht. Is é athair
Francie meisceoir mór an bhaile. Agus tá a mham as a meabhair.
Scéal: Sa bhaile beag in Éirinn, Tá Francie Brady agus a
chara,Joe, ag fás le linn na gcaogadaí. Tá Francie ina chónaí in éineacht
lena dhaid agus a mham. Tá cáil an mheisce ar a Dhaid agus tá sé ag cur a
mham craiceáilte. Tá an saol go hálainn go dti go dtosaíonn an trioblóid.
Déanann a mham iarracht í féin a mharú. Cailleadh a dhaid agus chaill
Francie dóchas agus ciall. Chuaigh sé isteach in institiúid na
meabhairghalar. Tháinig sé amach triocha bliain ina dhiaidh sin. Patrick
McCabe a scríobh an leabhar ar a bhfuil an scannan bunaithe.
Michael Collins Stiúrthóir: Neil Jordan.
Léiritheoir: Stephen Wooley.
Aisteoirí: Liam Neeson, Alan Rickman, Aidan Quinn, Stephen Rea.
Ban-Aisteoir: Julia Roberts
PriomhCharachtair : Michael Collins( Liam Neeson) i gceannas ar
na réabhlóidithe ag troid in aghaidh fórsaí na Breataine i gCogadh na
Saoirse. Eamon DeValera ( Alan Rickman ) an t-uachtarán sa troid.
Suíomh : Tá an scannán suite in Éirinn le linn Chogadh na
Saoirse agus Cogadh na gCarad.
Scéal: Rinne fórsaí na Breataine ar an GPO i mBaile Atha Cliath.
Thosaigh siad ag marú na gceannairí i bPriosún Chill Mhaighneann. Bhí
plean ag Michael Collins agus chuaigh sé go Corcaigh chun bualadh le Eamon
De Valera. Nuair a shroich siad Corcaigh, bhí luíochán ann agus lámhachadh
Collins sa chloigeann.. Tháinig leath-mhilliún go dti an tsochraid.
The General Stiúrthóir: John Boorman.
Léiritheoir: John Boorman.
Aisteoirí : Brendan Gleeson, Adrian Dunbar, Sean McGinley.
Ban-Aisteoiri : Maria Doyle Kennedy, Angelina Ball.
PríomhCharachtair: Martin Cahill (Brendan Gleeson) - aibhirseoir
mí-chlúiteach in Éirinn. Adrian Dunbar agus Sean McGinley baill de bhuíon
Cahill.
Suíomh : Tá an scannán seo suite le linn na n-ochtóidí i mBaile
Átha Cliath. Feicimid na haibhirseoirí agus na gardaí síochána in adharca
a chéile.
Scéal : Cuireann an scannán leagan áirithe de shaol Martin
Cahill os ár gcomhair. Níl an scannán seo dian ar na coireanna ná ar na
coirpigh. Déanann se fonóid éadrom faoin smacht agus faoin údarás. Ba
neamhthrócaireach an cath a bhí idir Cahill agus na gardai. Chuaigh an
General thar fóir, is dócha, nuair a ghoid sé na pictiúir ó Bhailiúchán
Beit. Bhíodh súil ag na gardai ar Cahill lá agus oíche. Nuair a tháinig an
IRA isteach sa scéal thosaigh cúrsaí ag dul ó mhaith.
|