Plandeolaí
Vernon Ó Cinnéide
Garraíodóireacht
Seo cuid de na bláthanna atá ag fás sa ghairdín scoile.
Tá sé faoi chúram Rang na hIdirbhliana le trí bliana anuas.
An Máistir Ó Buachalla atá i gceannas air.
Crann Bosca ( Buxus )
Buxus: Planda íseal torthúil flúirseach, duilleoga snasta agus seasann sé go maith don ghearradh. Tá sé go maith mar fhál nó mar scáthlán. Tá sé ar fheabhas chomh maith mar phlanda tobáin.
Senecio
Planda geal buí, bláthanna mar nóiníní a osclaíonn sa Mheitheamh. Duilleoga ubhchruthacha clúdaithe le clúmh airgid nuair a bhíonn siad óg.
Lus na Gréine ( Helianthus )
Caithfidh an planda seo bheith suite in áit ghrianmhar, thirim sa ghairdín. Cé gur féidir leis teacht slán as triomach is fearr go mór a chruthóidh sé agus beidh nios mó bláthanna air má chuirtear uisce air go rialta. Is fearr é a chur i gceapach ar leith mar fásann sé go rábach.
Weigelia
Cruthaíonn an planda Weigelia go maith nuair a ghearrtar é gach bliain agus má chuirtear ag fás é in ithir shaibhir, ach éireoidh leis beagnach áit ar bith agus cuirfidh se suas le faillí . Mar sin, tá sé le feiceáil go forleathan.