Meánscoil Iognáid Rís
Caisleán Druimnigh
rang beag Bealtaine 1999
NUACHT

An scéal is deireanaí

Tráth na gCeist

An bhfuil na freagraí go léir agatsa?

Díopóireacht

Díospóireachtaí a bhí againn

Scannáin

Léirmheasanna

Sa Ghairdín

Bhíomar ag obair taobh amuigh freisin

Leabhair

Léirmheasanna

Sárdhaltaí

Scoláirí Ardchumais

Nascanna

Suíomhanna Spéisiúla

Stair na Scoile

Scéal ársa an cheantair

Ceol Nua

Fuaimeanna a thaitníonn le cuid againn!

AN TODHCHAÍ

Cad tá á bheartú?

Scríobh Nóta Chugainn!


Malo Mori Quam Foedari

Seo Obair Rang na hIdirbhliana 1998/99

Is é atá anseo ná an tionscnamh a rinneamar don mhúinteoir Gaeilge. Seo an méid a d'éirigh linn a chur le chéile roimh an sprioclá.

"Meánscoil Iognáid Rís" is ainm don scoil seo. Tugadh an t-ainm sin ar an scoil in ómós don té a bhunaigh na Bráithre Críostaí, Éamonn Iognáid Rís, céad caoga bliain ó shin. Dáiríre, is é "Caisleán Druimnigh" a thugann gach éinne ar an áit.

Caisleán Druimnigh

Tá caisleán ar chúl na scoile agus móta uisce thart timpeall air. Tá sé sin ann ó na meánaoiseanna. Ba le muintir Barnewall é tráth. Fuair na Bráithre seilbh ar an áit sna caogadaí agus bhíodh ranganna ar bun acu thall sular tógadh an scoil bhreá seo. Tá jab iontach déanta ag FÁS ar an gcaisleán. Bhí an áit ar tí titim as a chéile ach anois tá sé go hálainn.

Scoil Bhuachaillí

Buachaillí ar fad atá anseo - seacht gcéad go leith nó mar sin. Daichead is a cùig múinteoirí atá ag obair anseo.

An Príomhoide

Is é an Bráthair Ó Lionnáin an príomhoide. Tá an-spéis aige sna cearca agus sna lachain. Go deimhin, is saineolaí ar na héin chlóis é - tá cáil idirnáisiúnta air i measc lucht éan. Buann sé go leor duaiseanna leo. Coinníonn sé ar chúl an chaisleáin iad. Tá cuma fíor-aisteach ar chuid acu - ní gnáth-chearca iad, de réir dealraimh, ach cearca a bhfuil páipéir ag gabháil leo!

Cá bhfuil an scoil suite?

Táimid suite anseo ar Bhóthar an Mhíle Fhada. Bíonn an trácht go trom ar an mbóthar seo i gcónaí agus bíonn orainn bheith cúramach ag dul trasna. Tagaim féin ar scoil ar mo rothar agus is minic a fuair mé scanradh ceart, ach buíochas le Dia, níor maraíodh aon duine riamh.

Na hÁbhair scoile san Idirbhliain

Na gnáth-ábhair scoile - agus cúpla ceann breise againn:
Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Teagasc Críostaí, Ealaín, Stair, Tír Eolas, Spáinnis, Garraíodóireacht, Teicneolaíocht, Staidéar Gnó, Corpoideachas, Obair Shóisialta, Ríomhaireacht, Cumarsáid, Drámaíocht, Físeolaíocht, Scileanna na Beatha, Cúrsa "Déan Féin É!"

An Éide Scoile

Bríste liath, geansaí liath, léine ghorm, bróga dubha, carabhat gorm le stríocaí buí is bán. Tá an carabhat ar fáil i siopa na scoile

An tAmchlár

Tosaíonn na ranganna ar a naoi. Moltar do gach éinne bheith istigh in am. Críochnaíonn an lá scoile ag ceathrú chun a ceathair. Bíonn an lón againn ar a haon a chlog. Daichead nóiméad a bhíonn sa rang. Bíonn leathlá againn ar an gCéadaoin.

Ríomhairí

Tá seomra breá ríomhaireachta againn. Tá thart ar tríocha ríomhaire pearsanta ann.

Cúrsaí Spóirt

Tá ainm in airde ag Caisleán Druimnigh i measc lucht spóirt. Tá páirceanna peile ar chúl na scoile agus tá halla mór spóirt ann freisin.


An Pheil Ghaelach


Cúrsaí Sacair


An Iomáint


An Chispheil


Pic den Chaisleán

PICARD

Cúinne na dTREKKIES

Malkovich

Scannán Láidir

   Scríobh Nóta Chugainn!