Dubeolaí
Deaglán Ó Broin
Na DUBLINERS
![]() Ronnie Drew, Luke Kelly, Ciaran Burke, John Sheehan, Barney Mc Kenna
Iad seo go léir a thosaigh Na Dubliners i dTeach Tábhairne O'Donoghues i Rae Mhuirfean thart ar tríocha bliain ó shin. I dtosach ní raibh d`ainm orthu ach Grúpa Ronnie Drew ach níos déanaí ba é Luke Kelly a spreag iad chun "Na Dubliners" a ghlacadh mar ainm. Ghnóthaigh siad cáil mhór dóibh féin lena gcuid ceoil ag Féile Dhún Éadain. Ina dhiaidh sin bhí an-tóir orthu sna clubanna, sna ceolchoirmeacha agus ag an bhFleadh Cheoil. Anuas air sin, chuaigh siad i gcion ar na mílte trí mheán na teilifíse sa bhaile is i gcéin. Seo cuid de na hamhráin a chanann siad: 1. Seven Drunken Nights 2. Dirty Old Town 3. Peggy Gordon 4. The Galway Races 5. Rattling Roaring Wille 6. I Wish I Were Back in Liverpool 7. Whiskey on a Sunday 8. Maids When You're Young Never Wed An Old Man 9. Raglan Road 10. I'm A Rover 11. Seven Deadly Sins 12. The Irish Navy 13. A Pub With No Beer 14. All For Me Grog 15. Rising Of The Moon 16. The Travelling People 17. A Nation Once Again 18. Drink It Up Men 19. Muirsheen Durkin 20. Nancy Whiskey 21. Molly Malone Le fada an lá, bhí na Dubliners ag barr an liosta sna hallaí ceoil san Eoraip. Chuaigh siad ar thurasanna chomh fada leis An Astráil, An Nua-Shéalainn, Ceanada, Meiriceá. Inniu tá na Dubliners gnóthach i gcónaí ag seinm is ag canadh leo is ag fógairt meon phríomhchathair na hÉireann do lucht ollmhór éisteachta i ngach áit ar domhan.
|