Ceolaí
Stiofán Ó Ruairc
MINISTRY
1985 Cuireann an grúpa
Ministry a n-ainmneacha ar phár a cheanglaíonn le sire records agus cuireann
siad Twitch ar
díol. 1988 Scaoileann siad uathu an
t-albam The land of rape and
honey agus aithnítear
an grúpa mar cheannródaithe sa Cheol Tionsclaíoch. 1989 Cuireann siad amach an
t-albam The Mind is a Terrible Thing To
Taste agus is léir
arís gur dream iad Ministry
atá ag cruthú stíl úrnua cheoil. 1990 Scaoileann siad amach an
t-albam beo In Case You Didn`t Feel Like Showing
Up. 1992 Cuireann siad an t-albam
Psalm 69 ar an margadh agus
díoltar 500,000 cóip de. 1995 Scaoiltear amach an
t-albam Filth Pig ag deireadh thiar thall. 1999 Cuirtear amach an
t-albam Dark Side Of The spoon - agus
úsáidtear amhrán amháin ón albam sa scannán The Matrix. Is iad seo muintir
Ministry: Al Jourgensen: amhránaíocht,
giotáir, méarchláir Paul Barker: dord,
amhránaíocht
Louis Svitek: giotár Rey Washam: drumaí
|