Correolaí
Seán Ó Beacháin
Na Corrs
Cur in aithne Rugadh na Corrs i nDún Dealgan, thart ar chaoga míle lastuaidh de Bhaile Átha Cliath. Nuair a bhí siad óg thug a dtuismitheoirí gach moladh agus misneach dóibh bheith ag seinm ceoil agus ag canadh, dóibh féin agus mar bhaill den chór áitiúil. Mar is eol don saol chuaigh na páistí sin ar aghaidh gur chuir siad grúpa ceoil le chéile darb ainm - Na Corrs!
Caroline: Drumaí, pianó, amhránaíocht Sharon: Veidhlín, amhránaíocht Jim: Méarchlár Níorbh fhada le chéile iad gur tháinig an bainsteoir John Hughes orthu nuair a bhí sé ag lorg ceoltóirí le páirt a ghlacadh sa scannán de chuid Alan Parker "The Commitments". D`éirigh siad cairdiúil le Hughes agus ghlac siad lena chuireadh dóibh seinm beo i mBaile Átha Cliath mar chuid de cheolchoirm speisialta bheo a bhain leis an scannán. Tamall ina dhiaidh sin, chuala Jean Kennedy Smith iad ag seinm i gclub beag i mBaile Átha Cliath. Chuaigh siad i bhfeidhm go mór uirthi agus thug sí cuireadh dóibh teacht go Boston agus a gcuid ceoil a chasadh ann ag Ceiliúradh mór Chorn an Domhain, áit a d`fheicfeadh i bhfad níos mó daoine iad. Ghlac, chuaigh agus chas agus chuaigh siad i gcion ar a lán. Páipéir á Saighneáil: Chas Jason Flom (leas-uachtarán Atlantic Records) orthu agus mhol sé dóibh dul i dteangbháil le David Foster (leas-uachtarán eile). Ag deireadh thiar rinne seisean conradh leo. Na Gigeanna: Thosaigh siad in Éirinn agus ar aghaidh leo ansin go dtí naoi gcinn de thíortha eile san Eoraip. Ba é an cheolchoirm ba mhó agus ba scanrúla acu ná an ceann i Londain nuair a bhí siad ar an ardán i bPáirc Fishbury le Sting agus na Chieftains os comhair 50,000 duine. Tá páirt glactha acu i gcláracha teilifíse freisin. Bhí siad le feiceáil in Beverly Hills agus san Astráil chomh maith. Bhí páirt bheag ag Andrea sna Commitments (1991). Beidh Andrea le feiceáil sa scannán nua ag Parker freisin - "Evita" in éineacht le Madonna! Rath: An t-albam is deireanaí acu "In Blue": Bhain sé barr na gcairteacha (#1!) amach i ndeich dtír. Ba é ba mhó díol san Eoraip ar fad. Ghnóthaigh sé gradam Platinum faoi chúig in Éirinn agus in ocht dtír eile agus bhain sé gradam óir i ndeich dtír. Bímis macánta faoi: tá Uimhir a hAon tuillte ag na cailíní, dar liom, mar tá siad go hálainn! |