Foireann na hÉireann
Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i Sydney na hAstráile sa bhliain 2000.
Ghlac ár lúthchleasaithe páirt in a lán eachtraí: ag rith, ag rothaíocht, ag snámh, ag léim agus ag seoltóireacht.
Bhí 57 lúthchleasaí Éireannach a ghlac páirt sna Cluichí i Sydney.
Seo mar a roinneadh amach foireann na hÉireann:
25 lúthchleas
1 badmantan
1 dornálaíocht
3 curachóireacht
5 rothaíocht
7 marcaíocht
4 sealrás
4 seoltóireacht
3 lámhach
4 snámh
Seo roinnt dár lúthchleasaithe:
Ag rith:
Sonia O Sullivan (5,000 agus 10,000 méadar),
Mark Carroll (1,500, 5,000 agus 10,000 méadar),
Peter Coughlan (110 méadar cliath)
Ag snámh:
Emma Robinson (110 méadar)
Andrew Bree (100 agus 200 méadar)
Ag rothaíocht
Ciaran Power agus Deirdre Murphy.
Toradh agus Boinn
Bhuaigh Sonia O Sullivan an Bonn Airgid sa rás 5,000 méadar. Chríochnaigh sí sa séú háit sa rás 10,000 méadar.
Bhí trua againn do Sinead Delahunty mar chríochnaigh sí sa séú háit sa rás 1,500 méadar agus níor cháiligh sí don bhabhta ceannais. Chuaigh Mark Carroll chomh fada leis an mbabhta leath ceannais sa rás 5,000 méadar.
Ar an iomlán, chruthaigh foireann na hÉireann dona go leor - ach tá mé ag súil leis na cluichí in 2004 sa Ghréig.