An Gréasán Gaeilge

GG

© 1999

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

F

foinse

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*fabhal, Sicín rósta, <fowl), bhí fowl mór faoi'n scála. Thug siad leófa an fowl agus d'ith siad a' fowl.. 311 260. 

*fabhartha, ?Lagbhríoch, Ní a mháirtíní síos leis. .i. Níl sé fabhartha; níl creapall ar bith air; tá sé cruaidh achmair. 1184 38.

*fabhra, Clár na súile, thionntoigh sí suas a fabhra agus caidé bhí faoi'n fhabhra ach giota de ribe beathaigh agus ceann beo fabhraíste air - tionutó dearg. 1791 27. 

*fabhraíste, Fabhraithe, féach *fabhra.

*fabhtach, Lochtach, mí-ionraic, Má shíleann tusa.. go bhfuil a dhath fabhtach ann.. 1185 89. 

*fách, Dar le Coirtheán i bhfathach le scilling innseocha sé a chás duithi. 311 77. (.i. ..fiú má bhíonn air an scilling a chaitheamh..)

*fad, Fhad le, (go dtí), thionntaigh sé anall leath-choráin fhad le Dómhnall. 310 368.  Chuir siad a' ceileabhar fhad léihe-se, "they sent for her". 420 235.  Thiocfad sé fhad le cuid mhaith, "it would amount to a good deal." 420 241.  bhí siad ag cainnt agus a pléideáil go dtí go dtáinic siad fhad seis na mrá.. 1791 228,  i.e. mar ábhar cainte.

*fadacht, Fad, dfhúigthí iad sin in áirde ar an áraidh - a fhadacht a mbéad siad 'n luighe thart sin mar a bfheárr iad - ba sin mar a bfheárr an buailtín.. 1791 40. 

*fadáil, Leadrán, déanamh moille, bhí sé astoigh a fadáil na'ag amharc caidé'n méid bainne a bhí ag an bhean sin.. 1835 389. 

*fadálach, Malltriallach, Thainic sé aníos an t-urlár agus coiscéim fhadalach leis go dtí go bhfacaidh sé fear a' toighe. 1185 456.  Chuaidh sé cá bith gléas siubhail a fuair sé - bhé sé fadalach in an am -ní rabh cárrannaí ná gléas tapaidh ar bith.. 1343 214. 

*fágáil, Tá mé ag fágáil, (ag fágáil leis an tuairim, ag brath), tá mé a fágáil go mbéidh tusa 'do lámh mhaith le fágáil ar an fárm in m'áit. 1184 498.  Tá mé ag fágáilt, "I am of the opinion". 420 222.  Ní rabh a dhath den stuff seo atá ins na siopaí ag gabháil air a chor a' bith an t-am sin agus sin a rud atá má a fágáil  a bhí a fágáil an láidireacht ins na fir.. 1791 56. 

*fágann, *fúigeann, 1., Déanann, an loinnireadh atá amach as.. dfhúigfead sé an saol uilig geal. 1791 271.  2. Fágann air,fágann thíos leis, (cuireann milleán air), d'fhág siad ar a ghíomanach gur b'é mharbh é.. 310 350.  bhí'n ealachán uilig ar shiubhal agus ní rabh fhios acu.. d'fhágfad siad thíos leis. 311 77. 

*fágtha, Ar lár, easnamhach (san intinn), D'aithin bhean ar fad go rabh rud ínteacht fágtha, agus bhí sé i gcomhnaí mí-shásta.. 1578 16.  an fear a bhfuil mise postaí  air.. rud ínteacht mór fágtha ann. 1578 16.  Clochrán, "Duine fágtha atá tugtha do'n chlúdaigh agus do'n leabaidh". 1184 117.  Sompla, "Duine bocht fágtha a bhéadh 'n dhíol truaighe". 1184 260. 

*faideacht, Fad, caithfidh mé a rádh.. gur bean íontach amaideach thú, ag cur a léithéid dhe mhasla ort.. ar shiubhal 'mo dhiaidh-sa agus dá fhaideacht a rachaidh tú.. caithfidh tú pilleadh. 1538 22. 

*faigheann, 1. Déanann, Fil:, Cé tharluigh ins an ród damh ar ruagach de'n bhuachaill dheas dhonn / Ruaig sé aníos 's anuas mé agus fuair sé mé ro-throm.. 472 251.  2. Féadann, Chuir an fear a bhí thall geall leis nach bhfuigheadh. 472 277.  Fuair sé sciob air, "he managed to snatch it". 420 266. 

*fáileog, ?Fadóg, thoisigh sé a phiocadh na bhfailigheóg agus a chaitheamh an chotháin amach i lár an bhealaigh mhóir.. 1184 309. 

*failleagán, "Fear caol ard". 1184 127. 

*faillíocht, Faill, caoi, bhí sí fá choinne faillíocht a fháil fhad is bhí sise a foscladh agus a drod a' dorais. 1835 208. 

*fáinleog, "Cailín óg feiceálach". 1184 127. 

*fáinne, Banda ciorcalach, bhí fáinne i ngaothsán an tairbh aige.. 1791 302. 

*fairsing, 1. Líonmhar, ..nuair abhí na ríghthe fairsing in Éirinn agus na sean-chailleachaí fairsing i gCluain t-Salach.. 311 263.  Bhíodh na bric breágh farrsaing.. agus bhíodh iasgaireacht mhór abhaile linn tráthnóna. 418 262.  Ní rabh málaí nó páipeairí farrsaing agus chasad siad súgán órdóige agus cuiread siad an t-iasc isteach ann. 1184 37.  2. Leathan, bhí an sciorta sin comh farrsaing thíos ar íochtar agus go rabh siad a tharraint 'na ndiaidh ar a' talamh.. 1835 355.  3. Forleathan, ní rabh an ceol ar feadh an Chorgais comh buan ná comh farrsaing agus a bhí sé an t-am nach rabh an Corgas ann.. 1835 361. 

*fairsingeacht, Flúirse, bhí siad a deánamh go rabh sonas, go rabh bláth go rabh rath agus go rabh tróicaire agus farrsaingeacht ag gabháil fríd a'teach.. 1835 382. 

*fallaing, Clóca, chaith sí fallain  anuas ar a guailneacha.. 472 721. 

*falsa, Leisciúil, Bhí Domhnall comh fallsa agus nach gceanglochadh sé a chuid bróg. 1185 317.  "Fear mór liobasta, a bhfuil urradh agus áraidheacht ann, ach athá ró-fhallsa le h-obair ar bith a dheánamh." 1184 169. 

*falsacht, Leisciúlacht, díomhaointeas, ní dheánfad sé fhéin rud ar bith ach ar fad a deánamh fallsacht. 1170 6.  bhí an mac óg ag gabhail thart ag deánamh fallsacht agus ag ól.. 1170 10.  Slaodaidhe, "Duine a bhéadh a tarraingt na gcos 'na dhiaidh le fallsacht." 1184 169. 

*falsóir, Fallsóir, "duine fallsa, a lazy sluggish person". 1184 127. 

*faire, 1. Tórramh, Rinn sí m'fhaire annsin , agus bhí sin ann faire mhór. 1184 413.  Ins an am sin bhí na fairigheacha an-deas.. 1185 178.  2. Faire ghlas, (?) chuaidh mé suas annseo indiaidh chlap sholuis ag taoibh na roilge. Luighe mé agus chuir mé mo dhruim suas leis an fhaire-ghlas, agus bhí me ag amharc uaim.. 472 227. 

*fairsing, Toirtiúil, "Bheirfidhe isteach portach nó abair  agus caithfidhe 'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe annsin le géurú é leis an aoileach a dheánú fairsing" 311 33. 

*faisean, Nós coitianta, bhí faisian  eile acu dá mbéadh spa'rán airgid agat ná dhath chuiread siad isteach an tseamróg seo ins a' sparán.. 1835 249.  Sin saisian mór a bhíodh acu san am sin. 1835 325. 

*faithne, Fás gearbach sa chraicinn de bharr víris, dá mbeadh faithní ort ná leithéid sin, gheobhainn-se giota de shifín siogail, agus bhéinn ag gabhail do sin go ndeánainn marbh in mo lámh é. 1791 98. 

*fámaire, "Fear mór láidir garbh". 1184 127. 

*faobhráil, Cur faobhar ar, thosuigh sé a faobhráil a chlaidhimh.. 310 24. 

*faochóg, Faocha, (piseog:) Rachaidh an fhairrge insteach ina bhfaochóg ag deireadh. 311 17.  chonnaic sé éan a'teacht agus faochóg leis ina ghob..311 230.  na faochógaí atá ann Féil Pádraig, agus níl siad an-mhaith ach oiread. 1835 239.

*faofóg, Caor beag, "fraochóg"?, mur bhfuightheá an t-éidheann(sic cuileann?) agus na faofógái dearga air.. nach rabh sé comh maith leis an rud nach bhfuightheá an "berries" dhearga a fás air. 1835 301. 

*faoi, Faoi Dhia.. (in ainm Dé..), Faoi Dhia, a Pheigí.. caidé tá cathamh ort? 1170 399. 

*faoileán, "Cailín nó bean chumtha". 1184 127. 

*faoileog, 1. Faoileán, ar thuitim anuas damh bhí 'n fhaoileóg siocuighthe ar a pholl fúm. 310 378.  2. Imeacht ins na faoileogaí,(imeacht le fán an tsaoil), Tá sé comh maith againn imtheacht ins na faoileogaí! "go magamhail is gráthach féidhm a bhaint as an abairt.. " 1184 55. 

*faoilleach, Na Faoillí, (Feabhra), níor mhothuigh mé ariamh an chuach ins na Faoillidh.. 472 37.  ..go bhfaca seisean miosúr an leath-ghallún sin ins na Faoillidh roimhe sin. 1791 74.  an chéad lá de na Faoillidh.. 1343 213.  ó thús Mhí na bhFaoilleach go Lá Fhéil Pádraig.. 1835 267. 

*faoisidean, *faoiside, b. Faoistin, chuir sé cuireadh ar árd-easboc na n-oileán a theacht agus faoisidean a thabhairt .. 1538 32.  maitheamhnas a thabhairt i bhfaoisidin.. 1791 83. bocsa na faoisidine.. 1791 84.  nuair a bhéas faoiside ghlan deánta agat.. rachaidh tú in áirde i gcarabad.. 1791 382. 

féacháil, 1. Triail, seisiún (cúirte), Bhí sa phríosún annsin go dtí go dtáinic lá fhéachala. 310 254.  Nuair a tháinic lá na féachala fuair Fr. Campbell amach saor é. 310 298.  Cuireadh féacháil air ansin, agus ba dh-é an breitheamhnas a tugadh air.. 1538 8.  2. Cuireann chun fhéachála, cuireann f. air, (trialann, tástálann), gur chualaidh sé caidé 'n cheird a bhí foghluimuighthe ag a mhac, agus anois go rabh seisean ag gabhail á chur 'un fhéachála. 1170 410.  Caithfidh mise féacháil eile a chur air anocht. 1170 412.  3. A fhéacháil rása, ag rás (le chéile), Rachad na mrá a fhéacháil rása.. agus rachad na fir a dh'fheáchailt rása.. 1835 413. 

*féachann, (a.b. féachailt, féacháil ), 1. Tástálann, baineann iarracht as, D'fhiach sé'n spád agus rinn sé dhá chuid do. 311 34.  " An bhfiacha tú cor?".. "Is cuma liom coruigheacht nó bocsáil" 311 35.  D'fhiach a' diabhal rása leis a' ghraineóig.. 311 36.  fhéach iomlán na bhfear iad féin air.. 1184 482.  mise ag 'ul a fhéachail.. 472 93. 2. (a), Féachann le, (déanann iarracht air, trialann), go ndeánfadh sé a dhithcheall le féachailt leis an fhiach dhubh a ghoid.. 1184 246. ba mhaith liom anois anois tú féachailt le ise a fhagháil amach. 1184 272. thig leat féacháil leis! 1184 280.  Féachfaidh mise leis an ór a thógáil amach.. 1184 523.  Dubhairt siad uilig go rabh sin an-mhaith agus go bhfiachfad siad leis. 1185 426.   d'fhéach d'athair le sin.. agus sháruigh air é dheánamh.. 472 187.  fear.. a d'fhiachadh rása leis ar dhruim beathadhach capaill. 472 277.  (b), (cuireann triail cúirte air), .. an lá a bhí 'n gíománach a fhéacháil ins a chúirt. 310 352.  3. Tá siad ag 'ul fá chéile thuas.. féachaigidh mo bhata damh, buailfear fear ínteach! 418 226. ,(..tugaigí mo bhata dom..).

*feag, (Brobh den ) luachair, Léim clibistín maol odhair amach as tom fiogacha  a bhí ann. 1791 395.  tom na bhfiogach 1791 397.  Bhéarfad siad anuas a' ciapar seo agus dhéanhaí cruach de sin agus má bhí fiogacha glasa ar bith le fáil dhéanhaí leár de sin agus don chíapar seo.. 1835 89.  crosannaí na bfiogacha is ceart a bheith ann ná ba den fhiog a rinn Bríd an chros.. 1835 196. 

*fear,Mar adúirt an fear eile, (mar a mheasfadh tuairim eile, bfhéidir), bfhéidir ceathrú ordlaigh ná mar dúirt an fear eile, bfhéidir an hochtú cuid de órdlach.. 1835 323. 

*féar, Féar corrán, (féar nach bhfaighfí teacht air le speil?), bhí sé a baint féar corrán ar habán dheas ar áit uasal. 418 233. 

*féarach Ar féarach, (ar féar, ag iníor), a gcuid uan.. a chur anuas anseo a chois na farraige ar féarach rith a' Gheimhridh. 1835 268. 

*farae, (<ferry), thiocfadh le "furraí" a dhul anonn 's anall o mo theach go bun a bhealaigh mhóir agus anois cá dtéid currach anonn le bárr-láin. 472 415.  bhí "furraí" thrí scór tonna ábalta a theacht aníos. 472 414. 

*farasbarr, An méid fágtha sa bhreis, Bhí i bhfad níos mó ná sháith fhéin ann, agus rann sí an tarras bárr ar na comhursanaigh.. 1170 170. 

*farantacht, Farantóireacht, "ferrying". 420 234. 

*farchith, (For-?), Fár chioth, "cioth éadtrom ar chroc nach dtuitfeadh anuas fá na toighthe ar chor a' bith". 1184 94. 

*fardoras, Bíoma, leac os cionn dorais, ..ar bhean comh maith agus a chuaigh ariamh isteach faoi árd doras toighe. 1578 26.  chá ligfead siad amach í thaire mhaide an árd-dorais.. 1835 407. 

*feacht, Babhta, turn, tuitfidh sé ormsa fanacht astoigh an heat seo. 1184 269. Chuaidh an Rí é fhéin .. n-a choinne an heat seo.. 1184 286.  achan heat a labhairfidh sé leat leig fead mhór.. 1184 311.  Chá deachaidh a'n mharcach ariamh orm nach gcaithinn a leagan trí heat.. 1184 480.  d'imthigh siad an tríomhadh heat. 1185 96.  shnámh sí an loch dhá heat anonn.. 1185 292.  Bhí sé (laoi phiseogach) le rá trí heat. 311 83. 

*feadalach, 1. Feadaíl, bhuail an fheadalach aicí achan am dá labharfeadh seisean. 1184 312.  d'iarr sé orainn stad de'n fheadalach.. 1185 137.  2. (Mar a. bhr.), Bhí muid 'a feadalaighe.. 1185. 137.  Ag feadalaigh faoi O'Connell, "whistling at O'Connell". 420 235. 

*feadhán, Fonsa, bhain sé slat bhréagh fhada chaorthainn agus rinn sé fiodhgán daoithe agus chuir síos ar an chuinneoig é.. 1170 38.  cf. *fonsa

*feadhnóg, Cliabh, feadhnach, shuidheadh an bhean ar a leataoibh ar a' bheáthach agus bhí na feádhnógaí roimpí agus bhí seisean thíos agus é ag cruinniú an leithigh. 1791 63.  Feadhnógaí a bhíodh ar na beathaigh an t-am sin.. d'iarr siad ar dhá chliabh mónadh a thabhairt síos chuige. 1791 113.  feadhnógaí a bhí acu, agus bhí cliabh ar achan taobh den bheathach agus cineál de shrathar bheag astoigh ann agus na cléibh crochta air. 1791 193. 

*feadóg, fídeogaí 'stáin le cuid acu, cuid eile a rabh plátaí leo - cláraí cannaí - á mbuaileadh ..1835 246. 

*feag, Brobh luachra, tarraing trí fioga glasa agus an rúta bán a bhí ar na fioga a léigheadh amach ar uisce agus an t-uisce a chumailt air.. 1184 484. 

*feall Calaois (san iomáint), d'fhiafruigh sé de caidé 'n fheall a h-imrigheadh air. 1184 453. 

*fealltóir, "Duine a dheánfadh feall - a bhéarfadh cúl an dubháin do dhuine. A deceiver, a traitor". 1184 127. 

*feamnach, Feamainn, go dtí gur fhás feamnach ar an chomhnair.. 1538 bhí molltaí feamnaigh 'na luí thart fá dhrills na bpréataí.. 1791 79. 

*feannann, 1. Baineann craiceann de, Nuair a mhuirbhfeas tú mé feann siar an croiceann díom.. 1185 249.  Fuair a' cholpach bás agus d'fheann siad annsin í.. 311 165.  2. Tugann faoi, ionsaíonn, scaoil sé 'ach uile bhó.. Thoisigh siad sin a fheannadh a chéile agus a bhúirfí. 1184 347. 

*feannadóir, "Duine atá géar ina theangaidh". 1184 127. 

*fear, 1. (Aon) fhear, (ceann ar bith), bhí na cruic cumhdaigh' againn le caoirí bána.. agus anois níl a'n fhear ann. Bhí na gleanntaí lán againn le h-eallach.. agus anois níl a'n fhear ann. 1184 399.  Níl fear aige,"níl cionn aige". 420 269.  2. An Fear Mór (Dia), Smaoitigh an Fear Mór thuas ins na Flaithis go gcuirfead sé pionús air. 1185 49. 

*fearadh, Fearadh na fáilte, (fáilte mhór), Bhí fearadh na fáilte ag bean a' Ghobáin rompu siud is go raibh íontas uirthí caidé'n siubhal a rabh siad ann. 1170 452. 

*fearúil, Uasal, nach n-aithnigheann tú an deifir eadar croidhe beag dona an chait agus croidhe mór fearamhail an duine! 418 28. 

*featha, Sna featha fásaigh, (ar chos in airde), d'imthigh ins na featha-fásaigh a tarraingt ar a' teach.. 472 225.  thionntaigh siad agus d'imthigh siad ins na fátha fásaigh.. 472 310.  d'imthigh sé ins na featha fásaigh baint a' bhaile amach.. 472 324.  leig sí as ins na featha fásaighe.. 472 363.  d'imthigh ins na ruath-reatha agus ins na fátha fásaigh.. 1170 408. 

*feiceálach, Dathúil, Buinneán fir, "fear bréagh i gcosmhalacht. Cailín feiceálach fosta, Sí an buinneán aerach ar aonach í. " 1184 109. 

*feiceann, 1. Gheobhaidh tú lóisdín maith annsin go maidin, agus tcífimid uainn. 1184 378. (.. beidh fhios againn ansin cad eile is féidir a dhéanamh). 2.Tchí Dia..! agall impíoch, "Go bhfóire Dia orainn!"), Tchí Dia sinn! ..agus an bhfuil rud ar bith le ár sábhail? 1185 614.  "Tcídh Dia a John," adeir Gracie, "Éirigh tá'n diabhal thiar faoi'n leabaidh!. 472 202.  " ..bhuail mé le dorn é agus leag mé é agus bhris mé a chos." "Ó tchí Dia mé!" ar sise. 1578 4.  "Maise tcídh Dia sinn!" 1170 398.  3. Ag feiceáil(t) go.. (ag samhlú go..), Ní rabh sé feiceáilt

go rabh na mrá.. baoghal ar gasta go leor, "It seemed to him that the women were not near clever enough. 420 227. 

*feidhm, A d'fheidhm air, (ag teastail uaidh), a scairtigh amach an rabh duine ar bhith annsin a raibh scadáin a d'fhéidhm orthu .. 1184 242.an tachrán atá d'fhéidhim air. 1184 257. níl féidhm agam ar na boic óga 's agaibh-se a fheiceáil níos mó. 1185 369. Cuir ceist air an bhfuil féidhm aige orm.. 1578 51.  rud amháin a bhí d'fheidhm air agus go rabh sé 'sa bhaile aige. 311 96.  bhí buachaill bó a dh'fheidhm air.. 311 367. 

*feidhmiúil, Úsáideach, bhí módh agus meas oirthí..de bhrigh go rabh sí an-fheádhmamhail . Bhí nádúir bean-ghlúin aicí. 418 255. 

*feileacán, Feithide le sciatháin ildathacha, Tig feileacáin isteach agus fanann siad fana fuinneogaí sul a dtig an bás. 311 31. 

*féileadh?, Féilteacha, (giobail stróicthe), Nuair a bhí féilteacha deánta de'n t-sac tháinic an ministir amach as.. 1170 418. 

*féin, Chuige, aige féin, (go dtí, ina shláinte cheart), thug siad chuige héin é, agus nuair a bhí sé aige héin agus é teach ins a' dóigh cheart ina shláinte.. 1791 458. 

*feire, Ciumhais, immeal, gearr thart ag fireadh  na cuinneoige gear scraith bheag ghlas.. 1835 392.  Tá fhios agat an fireadh a bhíodh ar na cuinneógaí - bhíodh giota beag ádhmaid síos ón toin ag bun ar fad. 1835 393. 

*féireáilte, Cóir, cothrom, rud iad (cártaí) nach mbíonn ag abháil go h-íontach faireáilte.. 1791 497. 

*féirín, Tabhartas, buntáiste, "'á bhfuightheá cailín óg deánta as an bheirt?" "Ó Dhia!" adubhairt Seáinín, "ba é an féirín é. "

*feistiúchán,Crann a d'fheistítí ar charn aoiligh mar chuid de chomóradh Lae Bhealtaine, chuireadh in áirde an rud a dtabharad sian an feistiúchán air.. ins a charn aoiligh agus nuair a bhéadh sin in áirde acu ansin an oiread seo uaireannaí bfhéidir go mbáinthí anuas é - cineál de chrann abhí ann ach 'sé 'n t-ainm a bhú acu-san air an feistiúchán..bfhéidir ansin le luí na gréine chuirthí in áirde araist é agus d'fhúigthí in áirde ansin é go dtí go mbéad sé ar uair a dó dhéag a chlog láthar na bhárach.. Níl a'n cheann eallaigh ná a'n chaora má bhí siad fán áit acu ná fán fhárm ná aon 1835 176 dhath ínteacht eile nach dtabhardad siad air léim a thabhairt thaire an fheistiúchán sin fá choinne iad a shábháil ar olc agus ar urchóid go dtiocfad bliain ón'lá sin arais.. agus má bhí páisdí astoigh sa teach bhéarfad siad orthu a ghabháil thairis. 1835 177. 

*feoil, Feoil na hInide:, Ar ghrách giota d'fheóil na hInide a chrochadh anuas as na creataí.. ? Ba ghrách é chrochadh anuas as creataí ná as raftaí.. Ba ghrách leo é thógáil amach ó chrámh an bhrollaigh.. ó chrámh bárdail nó ó chrámh gé ná turcach 'ná cá bith caidé a bhéad marbh acu.. chuirthí i salann cupla lá an fheóil seo.. bhainfead siad duilleog den chál a ba ghlaise a bhí amuigh ins a' ghárradh.. 1835 317 ..bhéarfad siad leofa snáithe olna agus chasad siad thart ar an chál seo é agus chrochthái seo anuas as a rafta.. bhí sé acu in éadan toirneachaí ná in éadan soillseachaí.. mbéad bó ..tinn.. 1835 318. ff. srince

*feolmhach, Feoil a mbeadh an chraiceann scríobtha dhi, bhíodh an craiceann 'na fheolmhach dhearg.. 1579 204. 

*feolmhar, Ramhar, Muirleog, "Duine beag feólmhar, go h-áirid cailín beag daingean". 1184 143.

*fiabhras, Galar tógálach a leanann teas coirp an mhór leis, Bhí trí chineál fiabhrais ann, bhí fiabhras a' sceadamáin ann agus bhí an fiabhras dearg ann, agus bhí fiabhras eile ann a dtabharad siad an fiabhras craobhach air. 1791 143.  Ba ghrách leofa roimhe seo léas fiabhras béil a bheith acu. 1791 172.

*fiacantóir, "Duine atá an-ghéar ina theangaidh". 1184 95.  "Duine atá an-ghéar ina theangaidh". 1184 127. 

*fiach, Fiach dubh, (éan de chineál an phréacháin ach cuid mhór níos mó ná é), bhí fiach dubh thuas ar thaobh an chrainn.. 1184 410.

*fiachadh, Iachall, riachtanas, níl fiachadh ort lamp a lasadh ná dhath eile nuair a rachas tú amach 'san oidhche. 1185 83. "Imigh agus abair leis a theacht isteach".. "Níl fiachadh orm.. an teachtaire beag is feárr in Éirinn agam anseo.." 1578 52.  dubhairt an gasúr nach mbéadh fiachadh ar bith orthú coradh mar mhaithe leisean.. 1538 94.  níl fiachadh ort a ghabháil go hÉirenn a chor ar bith. 1791 370. 

*fiafruí, 1. Fiosracht, Tá fiafruigh ort, "Don't be so inquisitive." 420 228.  2. Gan fhiafruí, (gan aithne gan urlabhra), Chaith sé trí lá agus tí h-oidhche ..caithte sa luaith ar shráid gan fhiafruigh. 1185 628.

*fiagach, "fear mór láidir garbh crámhach a mbeadh cumadh fhiadhanta air." 1184 127. 

*fiain, I bhfiain, (i bhfiantas, ar ais go dtí an staid fiáin, .. na lacháin fhiadhain an lacháin a bhí acu. Fuaidh siad seo i bhfiadhain nuair a buaileadh na Lochlannaigh. Sin na geasrógaí a chuir siad orthú. 311 84.  Amhthas, "duine atá i bhfiadhain; fear mire". 1184 103. 

*fial Ain., Duine fial, Sfh:,.. fhad agus mhairfeas an ghrian datamhail ní rachaidh fial og h-Ifreann. 472 51. 

*fiannach, De réir nós na bhFiann, Rinn siad faire agus cur fianaigh air.. 1538 107. 

*fiánta, Fiáin, garbh, allta, an duine a b'fhiadhanta  agus a b'iargcúlta i gcosumhlacht dá bhfaca sé ariamh. 1185 594.  Beáthadhach fiadhanta a bhí annsin.. agus achan bhúirthe dearg aige. 472 272.  a marbhú bruic agus achan chineál do bheithigh eile fiadhanta.. 311 436.  Anduine, "Fear fiadhanta láidir a bhéadh ar mire agus ar chuma leis caidé a dheánfadh sé." 1184 103.  "fear mór láidir garbh crámhach a mbeadh cumadh fhiadhanta air." 1184 127. 

*fiata, Ain., Fearg, alltacht, Sin dream.. nach gcuireann tú fiata orthú ná fearg.. 1791 446. 

*fiata, Aid., Fiáin, allta, ..mar bhéadh each dubh fiata croic ann. 1791 419. 

*ficheallach, Dochrach, maslach, Tá an croc fitheallach  ar dhaoiní, "Tá an croc dochaireach maslach ar dhaoiní a leanas dó go buan." 1184 17. 

*fíd, Béile, Bhí sé deánú go mbéadh feed bréugh ag é fhéin 's ag an mháthair ar a' mhuc. 311 313.  d'ól siad feed do'n bhrachán.. 311 397. 

*fídeáil, Tabhairt bia do, friotháil, bhéadh fear an eallaigh a feedáil na mbollóg.. 1791 372.  an fheedáil chéanna atá sí a thabhairt dóna clann héin a thabhairt daoithe.. 1835 62. 

*fideal, b., Veidhlín, Bhí siad.. ábalta a gcuid fidealacha héin a dheánamh .. as an chas-ádhmad. 1791 47.  Is doiligh fideal a dheánamh, ach chaithfead siad trifle páirteannaí a fháil agus solderailfead siad seo sua i gcionn a chéile. 1791 47.  rud a dtabharann siad a bow air abhí a bualadh na fidle seo.. 1791 47. 

*fidileoir, Veidhleadóir, chonnaic sé cailíní a damhsa .. agus fidileóirí a seinm.. 1184 427. 

*fíneáilte, 1. Mín, cothrom, bhain sé an fhéasóg de go dtí gur fhág sé croiceann a leicinn comh smúdáilte leis an ghiota síoda a b'fhínáilte a chonnaic tú ariamh. 1343 242.  2 Éadrom sna ghéaga (planda), Ghlacfad sé an fraoch a fheith fíneáilte (mar ábhar scuaibe), agus cos mhór fhada a bheith ann. 1791 41. 

*finiseálann, 1. Críochnaíonn, Nuair a bhí an cailseán finisháilte acu.. 311 96.  bhí'n cheasaigh finisháilte annsin. 311 384.  2. Maraíonn, ..nach leigfead sé ar shiubhal amach as a' teach é ach go bhfinisháilfead sé é. 311 261. 

*fiocsáilte, Curtha i dtreo, le chéile, cha rabh sí i bhfad go rabh'n t-súiste fiáilte aige. 311 397.  fuair siad a' beathach amach agus fuair siad a' mála fixáilte ar a druim.. 311 546. 

*fiodh Feag, Ní fhásann fiogh in Inis Eoghain. Thuit Colmcille thar dos acu agus d'fhág sé a mhallacht orthu. 311 43.  Dá mbéadh trí fiogh glasa tarraingiste aige faoi na cuid fiacal.. 311 54. 

*fíodóir, Duine a fhíonn éadach as snáith (mar ghairm bheatha), Bhí sé sníomhte agus bhí sé cárdáilte agus chuirthí go dtí 'n figheadóir é go dtí go ndeánad sé é fhigheadóireacht.. 1835 169. 

*fíodóireacht:*fíodóir

*fiogradh, Cur i dtoll a chéile. Fíorú?, sé'n rud a bhaist Goban t-Saoir air fiafruigheadh dó goidé 'n doigh a b'fheárr le balla fhiogradh suas. Dubhairt sé gurbh 'é an dóigh ar cheart balla a fhiogradh - gob ar ghob agus gob ar dhá ghob.. 472 705. 

*fiolún,Fiolún saith, (goiriní teasa a thagann amach ar an chraicinn), an luibh a d'fhúigfead siad 'na ndiaidh.. bhí sin ar léas folún-soith comh maith agus a mhothaigh tusa ariamh.. an rúta a bhí ar an ghas searbhán. 1835 179. 

*fionnán, Féir garbh sléibhe, Théidhead siad 'sios dtratha an Féil' Eóin nuair a bhéadh an feannán ina neart. 311 194. 

*fíonóg, Cnumh a bhfaightear sa mhin, Chan a gabhail a dheánamh brachain as an fhuighleach sin.. Ar ndóiche níl annsin ach deannach agus char mhór liom é bheith lán fíonóg. 1170 396.  Tá mealldar na bliadhna anuraidh reaithte, agus leoga t' eagla orm go bhfuil fíonogaí ins a ghríodán agus char mhaith liom a thabhairt dó dhuine ar bith. 1170 398. 

*fíor, 1. Más fíor, má b'fhíor, (..mar dhea), Bhí sé ag urnaigheacha leis má bfhíor. 1184 383. D'imthigh sé .. agus má bfhíor dó fhéin é íontach buaidheartha. 1184 383.  iad uilig a magadh ar Alaidín, agus iad a scairtí amach 'á mholadh má b'fhíor. 1184 554.  d'éirgh an madadh ruadh a bhí sínte marbh ar an urlár má bfhíor, agus siud amach leis ar an doras.. 1185 27.  ligfidh mise orm go bhfuil corraigh orm leat agus béarfaidh mé ar scian agus sáithfe isteach ionnat í más fíor agus nuair a dhéanfas mé sin tit thusa marbh ar an urlár mas fíor. 1578 56.  2. B'fhíor é, (is mar sin a thárla..), Tugaigidh amach 'un taobh cúil annsin é.. B'fhíor é. Thug siad M.. amach.. 1185 628.  B'fhíor é, ag éirighe dó Shéan ar maidin.. 472 37.  3. Chomh fíor leis an phaidir, (go dearfach fírinneach) Tá seo cómh fíor leis a' phaidir. D'innis sé a chás duith.. 311 77. 

*fíor, *fireadh, Imeall, ciumhais, geárr thart le do scian.. taobh amuigh den chuinneog ag fireadh na cuinneóige.. 1835 115. 

*fios, 1. Eolas thar ghnáith, eolas diamhrach, bhí bean annsin.. agus bhí cineál fios aici. 311 159.  2. Déanann fios, (tuganneolas faoin am atá le teacht), Bhí seanbhean fá na fritheacha  ar ghráthach léithe fios a dhéanamh.. 1184 247. 

*fíréan, Fíor chorrduine, Ba é an fírian a bhí a caitheamh bróg. 1074 3. 

*fiteálann, *fiot- ?, Oireann (maidir le toise, mianach), cha rabh'n duine le í fhághailt le pósú ach a' t-é a bhfitáilfeadh an bhróg é.. 311 392.  rabh'n bhróg a' fitáil duine ar bith.. 311 392.  Fuair sé'n gráinín gruaig annsin agus d'fhitáil a' gráinín gruaig é.. 311 393. 

*fiteáilte, 1. Réidh, ullamh, I dtratha an ama a rabh 'n fáthach fiteáilte le dhul isteach.. 472 33.  dhá órd mhóra annsin agus bíod siad fiteáilte agat agus rachaidh mise síos.. 472 240.  2. Oiriúnach, bhí sé cuartú bata beag agus ní thiocfadh léofa bata a' bith a fhághail fittáilte dó.. 311 368.  bhí an bhróg fitáilte amach fa choinne Jack.. 311 393.  (..dob é a thoise cheart chruinn í)

*flais, Tóirse leictreach?, Cha rabh Sábha le fáil. Chuaidh na haibhleógaí amach á cuartú - na beodhaí tineadh mar deir siad héin. Ní rabh leithéid na lasán seo eile ann - na flashannaí na leithéid sin le fáil..1791 186. 

*fleaichte, Préachta, leata (le fuacht), tháinic an rí isteach agus é fleaichte leis an fhuacht. 1170 414. 

*fleangach, "Duine fallsa gan mhaith a bhéadh i gcomhnuidhe 'sa bhealach ag an t-é a bhéadh a deánamh rud ínteacht." 1184 127. 

*fleascach, "duine óg scaoilte a bhéadh leigthe le rud ar bith a d'iarrfaidh air a dheánamh". 1184 127. 

*fliodh, "Chickweed, crowfoot,"fgb..gur gráthach leobhtha an fliodh a bhruith i bpota.. 1185 396.  ..ar ghráthach leobhtha an fliodh a chur fuar isteach as an chuibhreann leis an at.. 1185 396.  Bhí siad ag ithe fleidh as na cuibhrinn le bainne. 311 94. 

*fliuch, Tormán fliuch, (fothram beag), Tormán fliuch, "a slight sound". 420 226. 

*fliuchann, (Coinbhinsean sa scéalaíocht:), Rith sé chuig mac an Rí agus fhliuch sí le deóra é agus thriomuigh sí le póga é.. 1185 255. (chuir sí fáilte mór roimhe.. ).

*fliuchlach, Fliuchán, chan fuacht nó fliuchlach a thug bealach do thoighe mé.. 1170 397.  coirce a bhéadh 'na shuí i mála agat agus é cineál ar bith de fhliuchlach a fháil toiseochaidh na réamain a theacht amach as.. 1835 231. 

*focal, 1. An darna focal, (argóint ar bith), Thug sé do cá bith a d'iarr sé agus chá rabh an darna focal fá dtaobh de. 1184 497.  2. Focal ionracais, (dea-theistiméireacht), ní rabh aithne ná eolas agam-sa air.. ach go bhfuair mé focal ionnracais ó mo bhean ar a shon. 1538 89.  3, An focal deireannach ar thóin a ghoile, (an rún is dlúithe a bhí sé ag coimeád), bhí siad ag gabhail dón fhear sin go dtí gur bhain siad an focal deirionnach a bhí thíos ar thóin a ghaile aníos ar fad.. 1791 227.  ,

*fochras, (Brollach), d'fhoscail sé bhrollach agus chuir sé ceann a bheathadhaigh (capall), isteach in' fhocras. 472 363.  Chuir isteach in a fochras é (píopa) agus d'imthigh leó.. 472 482. 

*fodar, Bia (do ainmhithe), a thabhairt fodair daobhtha (capaill) 1185 85.  Dar liom héin nach rabh lá dochair domh ualtach den fhodar a thabhairt liom.. 1578 71.  an beáthadhach a chur isteach agus a chíoradh agus fodar a thabhairt dó.. 1170 33.  ..agus gráinín fodair ag na ba..

1170 192. 

*foisc:uaisc, Caora bhliana, bhí uaisc chaorach ceanglaigh' thios i gcionn a toighe i gcúl a dorais.. 1538 118. 

*folach, 1.Teach folaigh, (teach ina ndeantaí braich a ullamhú le haghaidh poitín), Bhí cuid mhór toighthe-folluigh thíos a chois Ghaoith an Choigil. 472 687.  2 .Fágann folach sléibhe air, (téann i bhfolach uaidh i measc na sléibhte), threabhuigh sé a bhealach fríofa, agus nuair a fuair sé ar an taobh eile d'fhág sé folach sléibhe orthú..1538 102.  lean siad eilit a'n lá amháin amach go domhain ins a' tsliabh agus d'imthigh sí orthú .. agus d'fhág sí folach sléibhe orthu. 1538 117. 

*folachán, 1. Ceilt, Caithfidh mé féacháil áit a bhfuighinn áit folacháin duit. 1185 573.  2. Folachán na stucaí.. (cluichedul-i-bhfolach páistí), Chaith siad an lá ansin a deánamh folachán na stucaí ansin agus folachán na gcruach. 1538 109. 

*folacht, "I bhfolacht" in áit "i bhfolach". 420 269. 

*folamh, Aonaránach, gan chéile, sílim.. mbíod sé 'sa bhaile agam go mbfheárr í nó a bheith folamh. 1170 49. 

*foluiste, I bhfolach, Tá rud eighinteach foluighiste ar a Chionn Gharbh.. 311 169. 

*foghlaim, Tuiscint, eolas, Tá foghluim bhréagh aige agus chá bhíonn moill ar bith air an áit a bhfuil tú 'do chomhnaidhe a bhaint amach. 1170 451. 

*foghlaimíonn, Teagascann, Cuireadh 'na scoile é agus bhí sé an-tógálach agus ba ghoirid.. go deachaidh sé fhéin a dh'fhoghluim a chuid leas-dheárarthacha. 1185 561.  .. é fhoghluim i gcionn a bhata comh cliste leis fhéin.. 472 691.  Chaithfead bean (an laoi) a fhoghluim d'fhear nó fear a foghluim do bhean. 311 83.  Nár fhoghluim mise sean-scéalta go leór duit.. 1170 449.  le trifle leasannaí a fhoghluim daofa.. 1538 104. 

*foghlaimiste, -mní, Oilte, cliste, char mhaith le Méadhbha Chruach é leigint ar shiubhal a' deánú go rabh sé ró-fhoghluimuiste ach go dtug 'sí iarraidh a chur 'un báis. 311 240.  sí a deánamh go bhfuil sí comh foghluimní agus nach bhfuil ceist ar bith nach mbíonn sí ábalta a fhreagairt. 1538 67.  bhéad siad ansin tráthnóntai a foghlaim troid na mbataí seo. Bhí siad comh foghlaimnith' ins a' deireadh agus go rabh siad ábalta.. claidhmhtheacha ná rud ar bith eile cosnú leo.. 1791 241. 

*foireann, Foireann leabtha, "na cláraí ins a' leabaidh a luightear ortha. Bearrbhach i dTeilionn. 1184 94. 

*fóireann, 1. Oireann, dá bhfághad siad an fear a bhfóirfeadh an píosa éadaigh seo isteach ina chasóig, gur b'é sin an fear a mharbh an seanduine. 1184 368.  rinn sé an tríomhadh péire (bróg) agus bhí sia sin a fóirstean i gceart dó. 1170 40.  caidé do bharamhail dhaoithe sin? Ba mhaith a d'fhóirfead sí duit. 1170 49.  2. Ní fhóireadh.. ( bheadh sé cuí..), ní fhóirfead sé á n-ainmniú siocair daoine muinteardha daofa a bheith 'na gcónaí san áit go fóill. 1791 86. 

*fóirstineach, Úsáideach, Tá coileán beag madaidh uisce agam-sa.. agus b'fhéidir sula dtillead sibh.. go mbéad sé an fhóirstineach agaibh. 1343 256. 

*foirteagal, Gnás chun na mairbh a fhógairt, drochsprideanna acheannsú etc., Chuaidh a sagart isteach (sa reilig) agus bhí sé a cur foirteagail ar an fhear a bhí astoigh agus ní rabh 'n fear a bhí astoigh a tabhairt freagar ar bith air. 472 83.  is cosúil go rabh Tarlach Ó Gallchóir seo ábalta rud a dheánamh a dtabharad siad foirteagal air, agus 'sé 'n dóigh a rabh an foirteagal dó - dheánfaidh tú rud mar bhéadh fáinne cruinn ann i lár a bhealaigh mhóir.. agus dheánfaidh tú cros astoigh ins an fháinne seo, agus rachaidh tú héin isteach ins an fháinne, agus níl siad ábalta do bhuaidh fháil.. 1791 168.  Ar mhothaigh tú iomrá ariamh ar foirteagal? Bhail sin an fáinne sin, agus sé'n míniú atá leis an fháinne sin nuair a dhéanfas tusa an fáinne sin ar a' talamh dhéanfaidh tú cros astoigh ann agus seasochaidh tú héin astoigh cothrom san áit a bhfuil a chros déánta agat agus tá tú ábalta labhairt le duine beo ná duine marbh.. 1791 424. 

*fónann, Oireann, Dubhairt sí nach rabh áit ar bith aicí a d'fhoganfadh d'a mhac a samhailt. 1184 295. 

*fonóid, Magadh, Fanaid , " mockery". 420 217. 

*fonsa, 1. Banda cruinn, D'iarr sé orthu a gul amach agus fonnsa a bhuint do'n chaorthainn agus thainic a' fonnsa agus bhí seisean a' greadú'n fhonnsa ar a' choinneóig.. 311 514.  trí rópa i ndiaidh a' bháid agus bhí troch de rud mhillteanach 'na dhiaidh sin.. ucsóid a bhí ann agus naoi bfonnsa uirthí. 1791 78.  ba ghrách leis na mrá an t-am sin, fonnsaí a bheith astoigh ins an sciortaí acu.. ag coinneáil na sciortaí amach uatha.. 1791 253.  2. Fonsaí tógála, (fonsaí a usáideann cúipéar chun creatlach bairrle etc. a dhaingniú 1184 42), Chaill sé na fonnsaí tógála. "Chaill sé a chiall; tháinic siabhrán nó mearbh air." 1184 42. 

*for, Mar, toisc, go rabh sé a dhith go cruaidh oirthí.. for nach rabh'n coirce s'aca fhéin i n-innibh a chur 'na mhuilinn.. 310 329.  "Deir siad fora annseo ar because, e.g. Bhí sé fuar fora bhí'n ghaoth anoir. " 420 210. 

*forránta, Cuí, Ní sé nádurtha nó foránta  ag duine a bheith amuigh mall 'san oidhche. 1184 32. 

*foras, Bunáit (cónaithe), is feárr an foras i bhfad atá ar an taobh i bhfos do'n abhainn nó atá thall.. 472 727. 

*forc, Píce, Mharbhuighead siad cuid mhór madaidh uisce 'san am sin le forc leis an ghealaigh. 1185 198.  Rachadh cupla fear le forcannaí 'san áit a measfad siad a rabh an bhrocaigh.. 1185 193.  chuir sé 'n forc (féir) le brollach a' bheathadhaigh, agus nuair a stabáil a forc brollach a bheathadhaigh thug a beáthadhach léim.. 310 362.  fórla , "bleeding of cattle". 420 209. < forfhuileadh"??.

*formhothaithe, Go formhothaithe, (go ciúin, os íseal, i ngan fhios), tarann an bás go formhothaithe sa deireadh.. 1578 66.  D'iarr sé ar a mhac éirigh go formhothuighthe, agus d'éirigh agus chuir air a chuid éadaigh. 1538 73.  Sciob sí amach go formhothuighthe agus chuaidh sí síos go dtí teach an ghárrantóir.. 1538 97. 

*forn, Turn fórn na fóinte, (stróc ar bith), bhí seisean a' cuidiú léithe achan rud a dhéanamh agus ní rabh fiachadh uirthí turn fórn na fóinte a dhéanamh a chor ar bith. 1538 19. 

*fóscéal, Scéal greannmhar, bhí sé ábalta mórán fó-scéalta a innse do'n mhaighistir. Bhí an maighistir a' briseadh a chroidhe agu gáiridhe faoi. 1184 351.  (fáth-, fo- ?).

*fórsálann, Fórsálann air, (cuireann iachall air glacadh le rudaí gcoinne a thoile, Bhail ní a fhorsáil ort atá mise, ach ag innse luach mo chuid earraidh duit. 418 223. 

*fostú, 1. Tréimhse socraithe fostaíochta, D'fhan an buachaill acú annsin ó fhastodh go fastodh agus ó bhliadhain go bliadhain.. 1184 362.  2. Cailín fostoidh, (cailín aimsire), Chuir sé ceist ar a' chailín fastoidh a bhí ann.. 472 287.  3.I bhfostú, (i ngreim barróige), Chuaidh an bheirt i bhfastó ina chéile agus an chéad fhásgadh a thug an fear.. 1538 130. 

*fraigh, Fá na fraigheacha, (faoi dhíon an tí, sa teach), Bhí seanbhean fá na fritheacha  ar ghráthach léithe fios a dhéanamh.. 1184 247. 

*fraochóg, Fraochán, fríd an fhraoch a chuartú fraochógaí - rudái beaga dubha atá deas milis.. 1185 351. 

*freagrach, 1. Oiriúnach, torthúil, an dubh-leathach seo a chruinniú .. bhí an ghaoth freagrach le é chur isteach chucu. 1835 125.  2. Stuama staidéartha, chaitheamh cineál de fhir freagrach a' bheith fríd a' scoil seo le h-amharc indiaidh rudaí ar eagla is go rachadh a dhath cearr.. 1835 252. 

*fríd, 1. Tríd, caidé 'n fáth a bhfuil tú fríd a chéile mar mhaithe le sin. 1185 10.  indiaidh a dtáinic tú fríd.. 1185 11.  ba é mac Fheidhlimidh an cleasaidhe a ba mhó a bhí fríotha uilig. 472 403.  2. Fríobhtha, (ina measc, eatorthu), ba mhaith liom.. a bheith astoigh fríbh.. níl a'n fhear ionnraice astoigh fríbh.. 1791 463.  3. Fríobhtha fhéin, (eatorthu féin, laistigh de ghaol gairid), bhí siad uilig a pósadh rompú fríobhtha fhéin agus creidim nach rabh sin maith deánta. 1185 204.  4. Fríd dheireadh, (críochnaithe (le páirtíocht), Dubhairt sé leat 'sa deireadh go rabh sibh fríd dheireadh agus choinnigh sé iomlán do chuid airgid agus thionntoigh sé thusa amach. 1185 443.  thig linn a ghabhail níos fuide. Tá muid fríd dheireadh. 1185 436.  5. Fríd an.. (áit), (san.. (áit), ar fud (na háite), d'éirigh an fear fríd a' teach 'na bhuachaill óg ghalanta.. 472 379.  léim an fear fríd an teach.. 472 382.  Thosuigh Seáinín a dhamhsa leis fríd an urlár. 472 382.  bhí na gárdaí astoigh fríd a' chró. 472 391.  6. Fríd an (bealach), (ar feadh an..), Ná gabh fríd aithghiorra ar bith, gabh fríd an bóthar. 472 700  7. Tagann.. fríd, ritheann (smaoineamh) chuige, Tháinic sé fríd a smaichtín fhághail agus a mharbha, ach smaoitigh sé ar a chomhairle. 472 704.  frithir ,

*frithir1, Tinneas, nimhneacht, chuimil sé braon de íocshláinte seo ar an bhall a bhí frithir aicí agus léigheas sé í i n-áit na mbonn. 1538 5. 

 

*frithir2, Aid., Tá cnámh frithir i ngaoith anoir, "Ta nimheadas polltach fuar 'sa ghaoith anoir". 1184 13.  Frithir, "an focal atá ar na Cruacha ar nimhneach agus níl nimhneach acú." 1184 94. 

*froc, Cóta, gheárr mé giota amach as córneál a froc - cluasóg bheag agus chuir mé in mo phóca í. 1184 367.  bhí "frock" mór air agus ghreamuigh sí cláraí sean-sáspain thiar ar a "frock". 472 247.  frock mór leis ar bhacán a láimhe agus dhá mhála leis. 472 427. 

*fuad, Gadaí, Sfh: An bhean ruadh mar bhéad fuad ar chapall chluimh.. "go bhfuil sí éadtrom 'san nádúir". 1184 20. 

*fuadach,Fuadach mór siúil faoi, (imeacht greithealánach faoi), Tá sé ar shiubhal anois agus tiúin an bhara rotha air! .."fuadach mór siubhail faoi; geatar mór siubhail faoi. 1184 49. 

*fuagar, Fógairt?, a fuagar air, (ag éileamh air), níor chualaidh seisean iomrádh ar bith ariamh ar an t-sagart a bheith acú le bheith a fuagar tuarasdail ar bith ortha.. 1170 63. 

*fuaidh, *fuair, (Go minic *chuaigh ), fuair cailín óg suas leis.. 1184 378.  "Fuaidh" is pronounced "fuair". 420 241. 

*fuaisneachán, "Duine atá furast a sgannradh agus a chur fríd a chéile". 1184 185. 

*fuann,Ceanglaíonn le chéile le greamanna snáithín agus snáthaide, thug sí anuas a léinidh agus d'fhuaigh sé na bónaí (cufaí) aicí agus d'fhuaigh sé an coileár.. 472 521. 

*fuar, 1. Neamhbhruite, ..ar ghráthach leobhtha an fliodh a chur fuar isteach as an chuibhreann leis an at.. 1185 396.  Bruithte na fuar í ba dh-í deireadh ach léighis ar an at í 1185 397.  2. Gan mhoirtéal,dheánfad siad suas balla fuar mar bhéadh claidhe gan liadhan aoil a bhuaileadh leis.. 1170 445.  3. Fuar ná falsa, (mall na leisciúil), ní bhéad seisean fuar ná fallsa ag gabhail i gcionn an scéil.. 1185 177.  scéala leis gur thuit a mháthair as a seasamh.. Chá rabh Peigí fuar nó fallsa ariamh a' tarraingt ar a leithéid. 1170 402.  cuideadh ar bith a dtiocfadh leis an chat ghlas a thabhairt daoithe, ní rabh sé fuar ná fallsa á dhéanamh sin. 1538 45.  4. Gan mhothúchán, .. á sílead sé héin go leór domh thiocfad sí agus shuidhfeadh sé ag mo thaobh. Tchíthear domh go bhfuil sí fuar i gceart. 1538 12. 

*fuarbhruite, 1. Tar éis fuaradh (i ndiaidh bheirithe), smaoitigh siad ar dhiocán do phréataí fuar-bhruithte.. a thóirt do Jack.. 311 369.  2. Duine fuarbhruite, (duine lag), "Duine fuar-bhruithte, a weakling". 1184 121.  Snámhaí, ".. Sneak; Duine fuar-bhruithte fosta". 1184 171. 

*fud *fad, Fud fad a chéile, (go léir, measctha le chéile), Cothán eorna iad uilig! "Is ionann iad (tincéirí) fud fad a chéile." 1184 42.  fud fud *,(Scéalaíocht: Fud fud féasóg..(beannú an fhathaigh,cf. Hey ho hum an Bhéarla), Fud fud féasóg.. mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh fá mó chúirt anocht! 1538 133. 

*fuil, 1. Éiríonn, tógann fuil, (ardaíonn fearg), Nuair a tcídhfeas tusa strainseáir éireochaidh do chuid fola, agus char mhaith liom-sa do chuid fola a thógáil a' chor ar bith. 1184 421.  2. Fuil ann.. (nádúr daonna ann), ach go bé go rabh fuil ionnat.. sin rud nach ndeánfá.. 1184 32O. 

*fuile, Uile, d'iosfadh 'ach fuile dhuine a sháith.. 1791 55.  le é shábháil ar gach fuile nidh agus ar gach fuile urchóid agus ar gach fuile thaisme.. 1835 289. 

*fuileatach, Fuildhearg, dearg sa chraicinn, Shílfeá gur coileach turcach é! "go magamhail.. dhuine a bhfuil aghaidh fhuileatach dhearg air - fear anonn go measardha i n-aois.". 1184 41. 

*fuilstean, Fulaingt, bhí sé rud beag deacair a fhuilstean.. 1185 392. 

*fuinteoir, Fear fuinte taos le haghaidh aráin, báicéir, Rinn a' fuinnteóir an rud ceádna. Rinn an cócaire an rud ceádna.. 1184 482.  tháinic an teachtaire arais, agus an scéal leis nach rabh arán ar bith ag na fuinteóirí seo.. 1170 11. 

*fuíoll, 1. Fearasbarr, roinnt fágtha sa bhreis, nuair a bhí ádhbhar na culaith geárrtha aige de'n ghréasán bhí fuigheall ann. 1185 482.  mo mhór-bharamhail go bhfuil oireadh fuigheallach annseo agus a dheánfadh cota mór.. 1185 482.  2. I bhfuíoll, (fágtha (tar éis béile)) ní rabh aon phréata i bhfuigheall nár bhrúigh sé.. 1185 460.  3. Iarsma, rian, Bhéarfaidh mé Claidheamh Solusta duit nár fhag ariamh fuigheall buille.. 1184 298.  (nar cheil ar a buille sa chiall gur fágadh an duine beo leis an bhfuíoll a thaispeaint?)

*fuip, .. bhí sé (súiste) mar bhéadh fip ina láimh. 1184 500.

*fuireachas, 1. Fuireach, Nuair a tháinic Dónall.. anall 'na bhaile bhí a bhean 'na suidhe a fuireachas  leis.. 1538 88.  bhí an bhean 'na seasamh amuigh a fuireachas leis.. 1538 125.  2.Lena fhuireachas, (ag faire amach dó), Bigí lena bhfuireachas, "Be on the look-out for them". 420 226. 

*fuiríonn, 1. Fanann, An bhfanad siad ansin go bhfághad siad bás? D'fhuireochad siad ná chaithead siad fuireacht.. 1791 53.  Fuir indiú."Tá an fhuirm seo coitchiannta ag seandaoiní ar na Cruacha". 1184 96.  2.Stadann, déanann cónaí thar oíche., gheobhaidh tusa lóistín ar an bhaile seo anocht, agus fuireochaidh tú.. 472 380. 

*fuirsíonn, Briseann suas cré le cliath, bráca tar éis treafa, chuir fear amháin cuibhreann coirce agus ní bhfuair sé foirsithe é.. 1791 105.  ..gan é ábalta é fhorsú. 1791 105. 

*fuist, (Agall. rabhaidh), Ciúnas!, "Fuist, fuist!" adeir sé.. 1343 261. 

*fulaingíonn, Ligeann, Bhí seacht ndorsa .. a d'fhulaingfeadh seacht gcatha na féinne isteach ar.. agus níl air anois ach prochóg bheag amháin.. 310 23.

furadh, Foradh tí, (troscán), .. go bhfaghad sé an teach cóirigh' suas aol leis, agus furadh toighe ann.. 310 325.  Churinnigh sé isteach furadh toighe annsin ann.. 310 325.