An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 B

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse

 

*babhla, Soitheach cruinn, Fuair sé bamhal bainne reamhair.. 311 447.  d'óladh an uile dhuine aca bog-lán boul de sin.. 418 231.  

*babhstar, Adhairt, d'amharc sé ar an bhouster agus chonnaic sé go rabh beirt ins a' leabaidh. 1185 510.  Chuir sí an siosúr isteach faoi'n bhoustar ins 'a leabaidh.. 1343 485.  ..a cheann a leagaint ar an bhabhstar agus néall a chodladh. 1835 66.  

*bábhún, Falla ard daingin, Tá bádhbhdhún mór thart ar an chaisleán sin a bhfuil ródh spící ann .. 1185 238.  le a'n rúide amháin rachaidh mé glan thar an bhádhbhdhún. 1185 240.  tá seacht míle de bhádhbhdhún ar airde eadar thú fhéin agus í fhéin. 472 117.  Bhí baicle mhór fir aige ag obair a cur bádhbhdhúin ar an abhainn ag iarraidh a bhí a coinneáil na h-abhna ó bheith ag éirighe isteach ortha. 472 717.  ní rabh ordú acu a ghabhail ar dhúithche Stiúrd ná ní rabh cead acu a ghabháil trasna ar an bhádhdhún a chor ar bith. 1578 33.  

*bac(1), Cosc, Nuair nach mbíonn a dhath do do bhac, "when there is nothing preventing you". 420 217.

*bac, Iarta, D'imthigh An Siosanach  go Machaire Gáthlain agus shuigh sé ar chloch a bhac 'toigh Sheáin.. 472 308.  Bhí sé seo comh beag agus nach rabh oiread do dhoirn ann, agus nuair a bhíodh a mháthair ag gabhail amach a dhéanamh dhath ar bith chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll a' bhac.. 1170 477.  Chonnaic mise cuid dena gcuid larcáin.. Bhíod siad sin 'na suí astoigh i bpoll a' bhac—ins an pholl bheag a bhí dá leathtaoibh na tineadh ins na cisteanachaí. 1791 33.  

*bacachas, Déircínteacht, Cha rabh leithphínn in mo phóca ach a bacachas mo bhealaigh agus a luí amuigh san oíche.. 1791 362.  

*bacán, 1. Pionna ar an mballa chun rudaí a chrochadh as, d'fhanochad sé crochta thuas annsin comh maith agus dá bhfágad sé crochta thuas ar bacán é. 1185 483  copán a bhí crochta ar bhacán a bhí ar thaobh an bhalla.. 1170 394.  2. Pionna chun adhastar ainmhí a cheangailt air, Bhí aonach i gcúl a' toighe annseo. Bhí muid a' fágháil na mbacán annseo abhí ar na caoirigh. 311 23.  3.Ar bhacán na láimhe,( ar chuisle na láimhe), béidh tachrán leithe ar bhacán na láimhe.. 1184 374.  frock mór leis ar bhacán a láimhe agus dhá mhála leis. 472 427.  leanbh aige ar bhacán a láimhe agus é á chealgadh.. 472 483.  leanbh léithe ar bhacán a láimhe.. 1170 171.  

*bacadrú, Siúl bacach, Ag bacadrú, "walking with a halt". 420 267.  

*bachlóg, Gas úr fáis a sceitheann as planda, fiú na préataí a bhí amuigh ins na poill ins na cuibhrinn bhéadh bachlógaí a teacht rthu. 1835 268.

*bachta, 1. Port móna, Bhain muid an mhóin agus chá rabh ann ach fód agus cúfrán ar doimhne agus bhain muid é agus bhí an bachta bréagh fada. 1185 131.  thug sí léithe an gabhar agus chuir sí isteach ins a bhachta monadh é. 310 338.  2. Móin fhluich (mar a bheadh sa phort), nuair a bhainthea-sa do ghiota den bhrachán agus bhí sin go maram an dóigh chéanna a mbéadh bachta móna bhí sé comh righin sin.. 1791 213.  

*bachtú, Bachtú bocht, (ruaille buaille), bhéadh bachtiú bocht fríd a' teach ar maidin chionnus go rabh an doras dúnta ins a dóigh nach rabhthar ábalta é fhoscladh.. 1835 334.  

*bacóg, Ualach ar bhacán na láimhe, Fuaidh sé amach fa choinne bacóg mh'nú ag am luighe.. 311 133.  

*bacstaí, dheánfad siad rud a dtabharad siad boxty air.. Dheánfad sian an boxty agus mar deir siad héin le harán préataí.. 1835 202.  

*bagáiste, Beart, Rinn sé suas bagaiste bheag éadaigh.. 1184 213.  

*bagar, Bagairt, "Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.  

*baibhreacha, Fána baibhreacha, (fána bólaí..), mhothaigh mé go rabh sé thart fána baibhreacha agus fána háiteachaí fán teach seo go minic.. 1835 38.  

*baicstín, Bacstaí, Boxtín ins a' chórtha agus na cramhogaí in ár bpóca! .. " a tagairt do dhuine a mbéadh airgead aige agus a bhéadh a tabhairt anais dó fhéin. " 1184 88.  

*baigheán, Leaid, diúlach, tháinic an boyán anall a tabhairt iarraidh ar an doras.. 1835 60.  

*baignéad, Beaignit, Chuartaigh siad.. le n-a gcuid baignéidí.. 1538 90.  

*bail, Cuireann bail ar, sábhálann (barraí), .. ag gabháil do'n choirce gur bhain sé é, agus ansin bhí bail aige le cur air, bhí sé le cruachadh aige agus tuighe le cur orthu. 1791 432.  ..go gcuiread sé bail ar an fhéar. 1791 432.  

*bailc, Cith, fuaidh siad isteach faoi'n droichead nó bhí bailc a' teacht. 311 128.  

*baile, 1. Baile talaimh, (a) (baile fearann) tá baile talaimh annseo 'sa chomhursantacht agam ar b'ainm dó Leitir Fada. 1185 431.  tá fhios agam an baile talaimh a bhfuil sé 'na comhnaidhe ann.. 1185 274.  tá baile talaimh annsin agus sin an t-aimn atá air an Conn-léim. 472 567.  (b), Feirm talún, chonnaic sé go rabh baile talaimh le díol agus smaoitigh sé gur cheart dó an baile seo a cheannacht. 1185 437.  go mbfeárr domha ghabhail agus an baile talaimh seo a roinn. 1185 465.  2. (De dhéantús) baile, Chonnaic mé bearaid bhaile ar dhaoiní fosta. 1185 197. 3.Tagann chun an bhaile dó, (oireann dó), Thainic sin 'na bhaile do'n phort, "that suited the tune". 420 234.  4.An baile, (muintir an bhaile (ar fad)), tháinic an baile agus .. fuair siad ceann dena torannaí sin agus agus chuir siad poll ins an ucsoid  .. 1791 78.  

*baineann, 1. Beireann bua, "..Is olc an tríomhadh h-uair nach mbainfidh!". 1184 533.(Sfh: Bíonn an t-ádh leis an tríú hiarrachtde ghnáth.) Beath capaill a' bith a deánfaidhe dó é, bhuinfead sé'n rása. 311 83.  ..na gealltaí seo a bhaint. 1538 124.  2. Gnóthaíonn (mar nuachar), Béidh sí bainte annsin agat. 1185 254.  dhe thairbhe mo chuid dóigheamhlacht nach mbainnfinn mac Rí. 1185 525.  Tá tusa bainte agam.. ná mise an diabhal..1791 466.  3.Tógann amach (le dua) as fhoinse bhunaigh lena úsáid mar ábhar tairbheach. Ag buint cloch, "quarrying stones". 420 248.  Dá gcasfaidhe buinte í, "If only she (turf) were cut". 420 264.  4.Baineann ar, ((a),gearrann ar (fiacha), cuireann síos i gcoinne), tá dhá chios bainte ort, agus caithfidh tú an dá cíos a dhíol .. 472 207.  5.Baineann (as).. amach, (cromann, tosaíonn ar imeacht), Bhuin sí ar shiubhal amach, "she went away". 420 248.  Bhuin sé na ndéidh amach, "he followed them". 420 261.  A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49.  6. Baineann faoi, (a), (cuireann chun suaimhnis), Rug bean de na mrá a bhí i láthair air a' deánamh go mbainfead sé faoi ach níor chaoineadh ariamh é go d't sin. 1185 308.  cé bith bean í seo a bhain faoi an pháisde, gur mhaith leis dá bhfanad sé aige.. 1185 308. Buint faoi'n pháisde, "to pacify the child". 420 231.  (b), (cuireann faoi, áitíonn), ceárn coilleadh atá annseo.. agus níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554.  'sén áit a bhuin Diarmuid faoi nó thall i bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh Dhiarmuid agus Ghráinne air.. 311 324.  féadaimid baint fúinn anseo go maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach.. 1538 41.  , Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit amháin". 1184 95.  atá annseo.. agus níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554.  'sén áit a bhuin Diarmuid faoi nó thall i bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh Dhiarmuid agus Ghráinne air.. 311 324.  féadaimid baint fúinn anseo go maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach.. 1538 41.  , Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit amháin". 1184 95.  420 231.  (b), (cuireann faoi, áitíonn), ceárn coilleadh atá annseo.. agus níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554.  'sén áit a bhuin Diarmuid faoi nó thall i bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh Dhiarmuid agus Ghráinne air.. 311 324.  féadaimid baint fúinn anseo go maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach.. 1538 41.  , Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit amháin". 1184 95.  

*báinín, 1. Flainín, éadach olna fite fuair sí píosa báinín ..agus an chéad chumailt a thug sí do'n lamp.. 1184 565.  an gréasán báinín ghoirm a ba deise ar leag tú so shúil ariamh air.. 1185 480.  Cultacha báinín uilig is mó a bhí ar fhir agus ar mhrá.. 1791 253.  2.Báinín tíre, (báinín pléineáilte, gan dathú?), Ba ghráthach leis i gcomhnuidhe báinín tíre a fhágháil deánta fá dhéin culaith éadaigh. 1185 476.  

*bainis, Tionól pósta, áit mhillteanach a bhí ins an bainnseachaí  a deánamh na gcleamhnais. 1835 342.  

*baint, Ceart déileála, gnó, ní dheánfaidhe aon dath air.. ní rabh baint agat a dhul a chómhair. 310 363.  

*báire, 1.Cúl (san iomáint)., chuir sé isteach go béal an bháire í (sliotar) 1184 454.  2.Ceann de na cuaillí sa chúl, Bhíodh báirí sáidhte 'sa talamh mar na "goals" anois. 311 129.  3.Lár báire, (leath-bhealach, idir eatorthu) Nuair a bhí sé i lár báire eadar tír mór agus teach a'bháid.. 472 216.  níl fhios agum ceocú is neise do'n talamh íochtair nó do'n talamh uachtair mé.. nach bhfuil fhios agat go bhfuil tú i lár báire? 472 322.  Rachad sé (cróchar) isteach ar ghuailainn fir thall agus ar ghualainn fir thall agus ar ghualainn fir i bhfos agus bhéadh an corp i lár báire.. 472 397.  "Ná bí ar thús nó ar dheireadh caonaidheachta ach bí i lár báire má thig leat." 420 211.  4.Tá an báire liom.. (tá mé ar muin na muice, tá mé neamhspleách), ..in'inntinn fhéin, tá'n báire liom, is cuma liom a dhul casan ar bith.. 418 41.  

*bairéad, 1. Caipín, Chonnaic mé bearaid bhaile ar dhaoiní fosta. 1185 197.  Bhíod siad deánta cosamhail le bearad saighdiúra, agus cuid eile acú deánta cruinn, agus cuid mhaith achú a ba ghráthach leóbhtha a dheánamh as croiceann madadh uisce. 1185 198.  2.Bairéad an Rí, (cuid de bholg bó), Biadal, Bearrad a' Rí, Bréidín duilleógach, "Cow's three stomachs". 420 239.  *báiríocht,Ar thús báiríochta, (i dtosach, ar cheann na fóirne), chuaidh Fionn é héin ar thús báiridheacht' agus shiubhail siad caol díreach 'na h-áite a rabh an bheirt.. 1538 102.  

*bairneach,Sliogiasc cónach cladaigh a ghreamaíonn do charraigreacha, chan fhiú dhath báirní ag Féil Pádraig. Níl a báirneach maith go dtigidh an fomhar, ná d'iarr sé orthu gan a mholt a mharbha, "agus mise", adúirt sé, "go loinniúr ar an chreig"—sin racht an fhomhair. 1835 239.  

*baisteann, Cuireann faoi láimh (an easpaig), Char bhaist an t-easboc mé go fóill. 1185 119.  Nuair a tháinic an t-Easboc bhaist sé mé, agus ba dh-é an teach a rabh mé ar fastodh ann a d'fhág mé nuair a bhí mé ag gabhail go teach a' phobail. 1185 119.  

*bál, 1. Liathróid, Dheamhan greim de fhear an stópa nár bhuail cic ar chionn de na bálannaí.. 1185 307.  gheobhaidh mise camán agus bál duit.. 1170 173.  2. Cluiche liathróide, triúr fear uasal ann ag imirt bál.. 1184 461.  3.Bál poill,(cluiche 'na bhféachtaí leis an bál a chur síos i bpoll sa talamh), ag imirt bál poill agus ag caitheamh urchar cloiche.. 1185 350.  4.,Istigh 'na bhál, (cruinn, i gcruth liathróide), Fuair siad sin é (im) ach má fuair héin 'sé'n rud a fuair siad astoigh 'na bhál é. Cha rabh butt ar bith thart ar seo.. 1791 310.  5. Damhsa, cóisir, má bhí báltaí ar bith.. ag abháil b'fhéidir go siúlfadh daoine comh hárd le deich míl fhad le cionn acu sin. 1834 252.  

*balbhán, "Duine tostach nach mbéadh dúil mhór ag daoiní ann". 1184 105.  

*ball, 1. Cuid riachtanach; uirlis?, "Tá camadh 'san obair," adeir sé, "agus bhéidh sé ann, go bhfághaidh mise cupla ball atá 'sa bhaile i n-Éirinn agam fhéin.. 1184 373.  2.Ball bán, (maidneachan), comh luath is a tchídhfeas tú ball bán ar an lá.. 1185 19.  char lig siad daofa bogadh go bhfacaidh siad ball bán ar an lá. 1578 75.  Nuair a chonnaic Fionn Mac Cumhail ball bán ar an lá bhí sé 'léim 'na shuidhe.. 1538 120.  3. Ar ball, (tamall ó shin), goidé siúd a rabh tú a cainnt air ar ball? 472 65.  4.Ar a' bhall, (..ag an am, le gach iarracht), Cionn amháin ar a' bhall, "one at a time". 420 242.  5. Spota ar chraiceann, shiubhailfeá an déan  bhéadh mála leitheann leat.. de leitheannaí ballannaí dearga agus ballanaí dubha.. 472 415.  6.Ball odhráin, dearfa (ball dobhráin), bhí ball odhráin ar a taobh.. 311 114.  Bhí ball dearbhtha uirthí ar thaobh a muineáil.. 1538 125.  7. Chá nglacann an Deasghabhail ach ball de do bhallaibh! "Rud adeirtear i gCloich Cheannfhaola fá dhuine a bhriseas an t-saoire". 1184 90.  

*ballad, *ballán,Ceann de na baill cruinn a deirtí a bhí le feiceáil i gcóngar na gréine (comhartha aimsire) na ballaid a mhothaigh mis orthu. Tá siad sin cruinn.. mar bhéadh tóin an bhuideáil ann. Tá siad íontach comhgarach isteach uirthe ar fad. 1791 116.  má thíonn tusa na balláin sin.. Má tá siad ró-dheas daoithe tá an aimsir ag gabhail a bheith olc.. 1791 117.  

*ballán(2), Saghas éisc, "ballan wrasse"?, tá poll iascaireachta ar gach fuile thaobh duit ar ghrách leo cuid mhór ballán a mharbha ann. 1835 236.  

*ballaíocht, Tuairim, cuntas, d'innis sé dó fá dtaobh do'n ghiorrsach a bhí gaibhte acu, agus thug sé ballaíocht mhór dó cén áit a bhfuighead siad í. 1791 208.  

*ballaiste, Meáchan chun árthach a stuamú san uisce, giota miotail a chur isteach.. 'na bhallaiste.. agus é a leigean amach ar an t-snámh 'na fairrge. 1184 447. .

*ballán, 1. Sine, Ceithre slata boga geala a'tarraingt ar an pholl amháin maide. Balláin na bó. 1170 317.  2. "Ballan wrasse" fgb, Ní theárn sé a dhath ariamh ach ag iasgaireacht ballán agus deargógaí.. 472 390.  Bhí sé fá choinne tráth ballán ná deargóg a bheith marbh aige.. 1791 149.  

*ballóg, Fothrach tí,..ballóg mar adéarfá agus chruinneochad siad uilig ann antráthach san oíche.. 1579 198.  thug siad isteach ina sean-bhallóig é. 1579 211.  dóigheadh an teach agus fágadh é 'na bhallóg. 310 324.  Tá ballógaí anois ar lorg cuid dena toighthe a rabh siad sin 'na gcónaí ionntu.. 1791 86.  

*bambach, "Given to stumbling". 420 270.  

*bán, 1. Lá bán ná oídhche, (lá geal ná.. , am ar bith), níor smaoitigh sé ar an "lady" lá bán nó oidche.. 472 193.  2.Féar bán, (féar a bhaintear den mbán (murab ionann agus féar móinéir)), ceithre chéad de'n fhéar bhán a choinneáil domh-sa, agus dhá chéad de fhéar a' mhíodúin—bhéidh an féar bán níos cruaidh i mbolg an eallaigh .. nó féar a' mhíodúin. 1170 56.  3.Deoch bhán, (meascán do bheithígh, d'uisce,min etc.), Tháinic sé isteach.. agus stópa leis go ndeánad sé deoch bhán do ghamhain.. char shíl sé a dhath dá lámh a chur 'sa córtha agus dórnán de'n mhin a chur i ndeoch a' ghamhna. 1170 402.  4. Fionn, ..An bhean bhán mar an lán amach is isteach, "go bhfuil sé i gcomhnuidhe ar an dóigh amháin. 1184 20.  ceocú a bhí sé ag gabháil a bheith dubh ná bán, má bhí ceann bán ann bhí sé ag gabháil a bheith bán sa ghruaig.. 1835 431.  

*banaí, Mealltóir ban, Radaire nó radaidhe, "Banaidhe mór. Flirt." 1184 153.

*bánaíonn, Díthíonn, Ní h-é baile na Beáltaine a'n bhaile amháin ins an taobh seo de'n pharaiste a d'fhág bliadhanta an droch-shaoghail bánuighthe. 1074 16.  cuid eile acú a rabh luthgháir ortha gur bánuigheadh a raobh fá dtaobh daobhtha, gur thuit siad isteach ina gcuid áiteacha go bog. 1074 17.  

*banaltrach, Bean a thugann aire do pháistí, banaltra, Bhí bean 'n-a comhnuidhe ag Bun an Inbhear de bhanaltrach, agus nuair a d'fhág Féidhlimidh a mhac ins a' choláiste d'fhág sé chúram oirthí seo.. 472 403.  

*banbhán, Banbh beag, Char tharluig do'n mhuc a bheith astoigh ins an am ach bhí trí banbháin ann. 1185 290.  Chuir sé an mhuc ins a' mhála, agus bhí dhá bhanbhán ag ghéillstean do'n teach fosta.. 1170 53.  ní raibh a dhath fá'n uigh ach na banafáin.. 418 279.  

*bánaíonn, Folmhaíonn, díthíonn, bhí na madaidh ruadh a' deánamh scrios bocht ar uain óga. Bhí siad a' bánú an chruic agus chá rabh deánamh orthú go bhfágfad siad ceann beo. 1185 25.  Nuair a bhíthear a' bánú na Lochlannaigh as Éirinn, bhí siad uilig bánuiste ach athair agus a' mac. 311 433.  

*bang, Stopadh, staonadh, Chuirfeá bang air, " bheifeá ábalta é stapú". 420 215.  coinneochaidh mise bang ar an mhéid atá astoigh agus ní thiocfaidh aon dhath contráilte leatsa.. 1835 21.  

bánú, Bánú an lae, (breacadh an lae), Seól siad leó agus le bánughadh an lae .. bhuail siad a chreag.. 472 457.

*baoite,Tugann fios a bhaoite dó, (tugann fios a rúin dó, scéitheann ar féin), Snámhaí, "Duine sligheánta nach dtabharfadh fios a bhaoite do dhuine ar bith; Sneak; Duine fuar-bhruithte fosta". 1184 171.  

*bara, 1. Bara láimhe, bara rotha, (cairrín beag le roth(a), Thug siad leobhtha dhá bhara agus sleaghan agus sluasad fá choinne an fód íochtair a spréaghadh. 1185 420.  chuaidh fear eile 'sa poll a líonadh na mbaraí.. 1185 421.  agus iad i gcionn bara-láimhe agus iad a tarraingt clocha.. 472 232.  .. a rithint baraí ó'n mhixer isteach ins na footins.. 1791 369.  2.Tiún an bhara rotha air, (greithealán mór siúil faoi), Tá sé ar shiubhal anois agus tiúin an bhara rotha air! .."fuadach mór siubhail faoi; geatar mór siubhail faoi. 1184 49.  

*barántas, Cáipéis údaráis dlí, fuairtheas barrátas air agus beireadh air agus cuireadh thar sáile é. 1538 31.  

*bardal, Lacha fhirinneach, ó chrámh bárdail ná ó chrámh gé ná turcach .. 1835 317.  

*barr, 1. Teach barr, (stór uachtarach), Rith sé suas go teach bárr agus thóg sé an fhuinneóg.. agus chroch sé é fhéin amach ós coinne na sráide. 1185 629.  Cuirfidh sé a ceann amach thuas ar an teach barr.. 472 119.  tugadh an coruigheach seas agus cuireadh isteach thuas ins a teach bárr é ag an nighean. 472 471.  bhí sí thuas ar a'teach bárr nuair a chonnaic sí an gaisgidheach óg a tarraingt ar a teach.. 310 355.  2.Ar bharr na gaoithe, (aerach,spraoiúil, fiáin), an bhean a b'óige tháinig ann daoithe, bhí sí ar bhárr na gaoithe. Ní rabh comhairle ar bith ag an athair ná ag an mháthair uirthe. 1578 18.  3. Ar bharr amháin teineadh, "all ablaze". 420 243.  

*barrach, Snáithín, táth lín, bhí sí a sníomhadh barraigh.. 472 300.  

*barradh, Níor chuir sí barradh mór air. "Níor chuir sí chuige nó uadh; níor bhodhruigh sí a ceann mórán fá dtaobh dhe." 1184 23.  

*barraíocht, An iomarca, bhuin sé barraidheacht riaraiste dona teanóntaí.. 311 516.  

*barrghos , " Pailing (thart ar chruaich)", -ghas?.

*barúlach, Mórtasach, "Cluinim.. nach bhfuil aon ghaisgidheach ins an ríoghacht seo atá ionchurtha leat." "Níl," arsa mac an rí—bhí sé baramhlach go maith as héin. 1538 130.  

bás, 1. Le bás, (ag fáil bháis) Bhí bean ar an bhaile s'againne agus bhí sí le bás. 1185 253 . 2. Duine marbhánta, Bás, "duine marbhanta gan mhaith gan mhairg." 1184 105. Smúrthánach, "Bás de dhuine nach bhfuil olc ná mairg ann, agus ar b'annamh a tcídhthear i gcuideachta é. (Teilionn)". 1184 171.  

*baspairt, Snag sa chaint, Tá baspairt ar a chuid cainnte, " There is a stoppage in his speech". 420 212. spaspas fgb

*bata, 1. Go barr bata, (go hiomlán), Rinn sé é go bárr bata, " he did it in full". 240 215.  2.(Teanga amach) fad bata, (..chomh fada agus is féidir), .. agus a (madraí) gcuid teangacha amuigh fad bata ..(le neart saothair) 1184 532.  Theann na ribí a bhí fá mhuinéal an chú air ach gur chuir siad a theangaidh amach fad bata agus thacht siad é. 1185 42.  bhuail sé a shoc thíos ar an talamh agus chuir sé a theangaidh amach fad bata. 1185 576.  3.Ina lán an bhata, (ina iomlán nirt), Bhí sé 'na lán a bhata dhe thairbhe sláinte. 1184 26.  

*batáil, Roinnt féir, tuí ceangailte le chéile, Bhí an chruach buailte aige agus é 'na bhatallacha.. 1184 344.  caitheadh bataill de shean-cothán lobhtha chugam.. 1184 412.  chruinneochadh achan nduine chuicí le batail chotháin.. 1185 186.  a déanamh batalacha den chochán.. 1343 222.  

*bascóid, Ciseán, bascóid mhónadh 1184 345.  bhéadh rud ínteacht liom ins a' bhascóid. 1184 503.  

*badaíste, beadaithe, Lán d'éirí in airde, beadaí D'éirigh na páisdí.. comh beadaoiste agus mur bhfághaidh siad culaith amach ó láimh táilliúra den chuid is feárr.. chá gcaitheann siad í ar chor ar bith. 1185 165.  dar leóbhtha go rabh sé ró bheaduighthe ag an choimhthigheach seo a theacht isteach in a measg agus iad a bhuaileadh.. 418 17.  Bhí a bhríste lán gaoithe. "Tá sé bródamhail beaduighthe, asus sílidh sé móran de fhéin". 1184 40.  

*beag, 1. An bhomaite bheag, (an nóiméad díreach) Ar a' bhomaite bheag a'bhfacaidh an cú an geárrfhiadh d'imthigh sé 'sa tóir.. 1185 40.  Ar an bhomaite bheag ar dhall sé an doras thóg an fáthach a bholadh. 1538 132.  2.Tráthnóna beag, oíche bheag, déanach tráthnóna), is tráthnóna beag indiaidh luighe gréine a ba mhinice a bhíod siad le feiceáil. 1185 323.  a ceann a leigean léithe go rabh an oidhche bheag an tráthnóna ámarach. 1185 581.  tráthnóna beag ag gabháil ó sholas dó chonnaic siad.. 1578 75.  3.Chomh beag agus a thig.. (etc), (an rud is lú agus is gann..), fear beag ceart a bhí ann, agus tá sé comh beag agus a thig liom a dhéanamh aifrionn a léigheamh annseo d'á anam. 1185 282.  Tá sé beag go leor againn rud ínteacht a thabhairt duit ar shon an phíosa bhréagh sin .. 1185 412.  4.Na Daoine Beaga, an Dream Beag, na hUaisle Bheaga, (na síóga), d'áirmhigheadh an seanbhunadh ariamh anall go rabh sé uasal, agus go mbíodh na daoine beaga fá dtaobh de. 1170 59.  cuir gráinín de'n mhin sin ara n phota go bhfeicfidh mé caidé 'n lámh atá ag dream beag na binne buidhe ar chasadh na bróna. 1170 400.  Tá na h-uaisle bheaga ar a gcois anocht.. 1170 401.  5.An.. beag agus an..mór, (gach uile ceann, rud), gur cheannuigh sé an ceann beag agus an ceann mór acu. 418 98.  6.Beag dhe mhaith,(staid laigeacht, lagbhrí), Go beag a mhaith, "ailing, poorly". 420 249.  Ghlac sí beag a mhaith, "got into bad health". 420 268.  Bhí mé mar thuitfinn ó phréachán, "bhí mé 'mo bheag dhe mhaith.. briste brúighte, tuirseach.. " 1184 47.  7.Ar beag nach.. (nach mór go..), "Duine caol ard an-mheaithte; duine mar adeirtear ar beag nach bhfeicfeá an solas fríd." 1184 159.  

*beaguchtach, Lagmhisneach, Níor chuir seo lá beag uchtaigh

orthú. 1538 99.  

*béal, 1. Bruach, ciumhais, go deachaidh sé fhad le béal binne. Léim a'gruagach síos leis a' bhinn. 1184 269. Dheamhan i bhfad a bhí sé i mbéal na tuinne go bhfaca sé an bád.. 1185 309.  léim sé amach as a' bhád, tharraing sé aníos as béal a lán-mhara 'na dhéidh. 311 49.  chuaidh an bheirt síos go béal na trágha. 1538 87.  2.Taobh faobhrach, Chuir sé lann in áirde ina mullach (2 maidí) agus béal na lainne in áirde. 1538 104.  .. sé'n dóigh a rabh an iog seo deánta amach acu, bhí sí deánta amach acu mar tchífeá béal seágh ann. 1835 288.  3.Béal cruaiche, (taobh oscailte na cruaiche óna mbaintear anuas an féar),tá béal cruaiche amuigh ag taobh an toighe. 1835 315.  sheasaigh sé i mbéal na cruaiche.. 1835 316.  4. Ar bhéalaibh, (bean tí), bhí sí ar bhéalaibh ceann(páiste) eile a bheith aicí.. 1184 414.  Bhí a bhean ar bhéalaibh duine beag a bheith aicí.. 1185 59.  Tá bó againn fhéin atá ar bhéalaibh gamhain a bheith aicí.. 1185 329.  5. Costas aistir; pasáiste, Dhíol sé a bhéal agus tháinic 'na bhaile.. 1185 436.  6.Béal a chinn,(díreach roimhe, ceann ar aghaidh (gan treoir), caithfidh tú imtheacht leat béal do chinn amach as an áit seo. 1185 19.  D'imthigh na rubairí leobhtha béal a gcinn.. 1185 35.  cuireadh sr shiúl i mbéal mo chinn mé.. agus tá mé ar shiúl.. ag cuartú fastoidh.. 1791 392.  7.Béal in airde, (leathan oscailte) Tá an doras foscailte béal 'un áirde .i. Tá an doras foscailte siar (wide open) agus gan duine ar bith astoigh. 1184 64. 8. Pósadh annsin iad agus bhí siad mar ba mhian lena mbéal a iarraidh. 311 62. ..go sona sásta. 8.Béal na trua,(díol trua, carthanachta), ..go dtiocfadh leat gráinín beag de mhealldar na bliadhna anuraidh a chur annsin domh. Tá béal na truaighe a fanacht air go cruaidh. 1170 398.  9.Béal bán, (plámás), Ní a' deánamh béil bháin nó placaí siollaí atá mé. "Tá mé dá ríribh.." 1184 53.  "Duine plásanta a bhfuil a lán béil bháin ann, a flatterer". 1184 105.  "..duine blasta a bhéadh ag iarraidh rud ínteach a mhealladh ó dhuine le béal bán". 1184 133.  10. Sfh: Is minic a chuidigh béal na h-uaigh le béal na díoghbhala, "is minic a chuidigh an bás le daoiní—dá mbéadh airgead ag a'n t-é a gheobhadh bás.." 1184 68. cf. leag. Muimh. "..le béal na trua". 11., Sfh: An té a thiocfas 'un tsaoghail agus a bhéal faoi fágfaidh sé an saoghal agus a cheann faoi. "An t-é a thiocfas 'un t-saoghail mar seo(a aghaidh faoi,bunoscionn) is léar le bunadh Thoraigh go mbáidhfear é." 1184 90.  

*bealach, 1. Ar bealach a bheith.. (beagnach..), Bhí sí ar bhealach a bheith smúdailte aige nuair.. 1185 287.  2. Bealach na contae, (príomh-bhóthar, bóthar mór) cuireadh ceithre chóiste ar bhealach na conndae. 1185 425.  Bhí camhsa mór ó theach na cíosa go bealach na conndae.. 472 208.  3. Caidé 'n bealach a deachaidh sí (bó) ? 1185 498.  (..cécheannaigh í?) 4.Bealach an anró, (bealach an aimhleasa), N mhuintir sin atá ag ól.. cuirfidh sé (diabhal) ar bhealach an ánróigh iad. 1791 469.  5.Cudramán, "Fear nach bhfuil dhá bhealach ar bith ann". 1184 121. , i.e. duine ceanndána. 6.(Iol. bealtaigh, cf. *ualtach), Chá rabh na bealtaigh móra ró-mhaith san am.. 1185 384.  

 

*béaladán, Duine a imíonn béal a chinn, amadán, Hó! An béaladán bocht tá sé ag gabhail a chuartú uisce óir.. an béaladán bocht s'iomaidh sin duine a chuaidh a dh'iarraidh an rud cheádna agus nár phill ariamh! 1170 180.  

*béalastán, "Duine a chanas go graosta—fear nó buachaill". 1184 105.  

*bealú, Ungadh, caithfidh mise bior a dheargadh.. go gcumlaighidh mé ar an chneadh ("creith" an fhuaim—SóhE) é. Tá bealthadh annsin le cur ort.. agus beidh do sciathán comh maith is a bhí sé ariamh.. 1184 421.  Tá an bealthadh a breith air anois.. agus nuair a gheobhas sé greim i gceart gheobhaidh sé faoiseamh. 1184 421.  

*bean, (Go ceanúil), girseach), nuair a bhí an bhean bheag tuairim ar choctaoighis dhe aois.. 1184 415.  Ba ghráthach leis an bhean bheag a ghabhail amach a' marcaidheacht orm fríd an choillidh. 1184 417.  

*beanglán, 1. Beann foirc, An murú, "gleás marbhtha bradán.. ar dhéanamh forc ach gur trí beangláin atá ann.. Tá ruadhbhic ar na beangláin cosamhail le dubhán." 1184 94.  2.Runga, barra i ngreille bácála, Bfhéidir go rabh dhá órdlach ná órdlach go leith idir na beangláin.. agus bhí seo amuigh is astoigh ar naoi mbeanglán ar leithead. 1835 319.  

*beann, In éadan beann, (i gcoinne an chnoic, an fhána), chaithead sé sin a theacht aníos in éadan beann an dóigh chéann a mbeitheá-sa ag gabháil suas in éadan Thaobh a' Leitheáid ansin. 1791 161.  

*beannaíocht, Naofacht (a chleachtadh), Bhuail an bheirt tamallt ún cómhraidh le'chéile, agus 'na dhiaidh sin bhuail Colm Cille ar a bheannuigheacht. 472 52.  d'imthigh sé léithe a dheánamh cráibhthís agus a deánamh beannuigheacht. 472 87.  

*beannóg:binneog

*bearach 1. Bó óg Bhí dúithche mór.. agus bhí sé lán bollóg agus bearach a bhí ar féarach ann. 1184 518.  Casadh jabaire air agus chuaidh siad 'un margaidh fá'n bhearach.. 1184 304.  Bhí'n bearach ar bhéalaibh breith. 472 201.  bearach a béadh a breith a mbéadh ugh chruaidh aige  chuimileochad siad sin isteach ins an ugh.. 1791 313.  2. (Mar aid.), bhí bó bearach agus gamhain aca. 472 201.  

*bearád, 1. Ceannbheart, hata, achan rud eile ó'n bhróig go dtí an bearad .. 1184 558.  cionn dona sean-chailleachaí a rabh na bearráid dearga.. 311 264.  cóta mór dearg agus bearrád glas air. 311 265.  bhí cuid acu agus tchífeá crochta anuas orthu iad (seamróga) idir a duilleóg agus a'bearad é héin. 1835 250.  2.Bearad chac bó, (bairéad síoda fir), Bhí sé déanta sa dóigh go rabh sé síos cothrom leis a' ghruag, thart cruinn, agus ní rabh fhios agat ceocu bearad ná caidé a bhí ann, agus 'sé an t-ainm a bhaist na seandaoine ar an bhearad sin .. bearad chac bó. 1791 260.  3.Bearad an tsonais, (cuid de mhála an bheireatais a fhágtar amannaí ina chaipín ar cheann linbh), mhothaigh mé fá dtaobh de dhaoine a tháinic ar a' tsaol agus bearad sonais orthu, agus sé 'n dóigh a bhfuil bearad an tsonais sin dó, is ceart daofa sin léastaí a bheith acu. 1791 172.  Ba ghrách leofa roimhe seo léas fiabhras béil a bheith acu. 1791 172.  4. Ceann, buaic; díonúórnáideach tuí thart fá bhuaic shimléir?, Nuair a bhí achan seórt réidh go dtí'n bearad a chur ar an simileáir, dubhairt an Gobán go gcaithfead sé bearad a chur air nár cuireadh a leithéid ar a'n chaisleán ariamh cheana. 1170 450.  chá dtig liom-sa an dlaoidheog mhullaigh a chur air mur fhághaidh mé an gléas sin. Tá rún agam bearad a chur ar do shimileáir nár chuireadh a leithéad ar theach ar bith ariamh 1170 450.  

*bearnach, Déadmhantach, Tá mise annsin ag an t-sean-ghabha bhearnach.. 's mé mo bhean bhréugh go fóill.. 311 359.  Cabhaideóg, "Duine beárnach.. " 1184 111.  "Seanbhean mhór bheárnach gan fiacla". 1184 119.  

*bearradóir, "Duine géar 'sa teangaidh (censorous person)". 1184 105.  

*bearrbhach, Foireann leabtha, "na cláraí ins a' leabaidh a luightear ortha. Bearrbhach i dTeilionn. 1184 94.  

*bearrbadóir, Bearrabóir, Chuaidh sí isteach chuig

barbadóir go bhfuair sí an ghruag daoithe féin.. 1184 335.  

*bearrtha,Bearrtha ina theanga, (géartheangach, tugtha do bháirseoireacht), Scalladóir, scallaire, "Duine bearrtha ina theanga". 1184 159.  

*beartaíocht, Gliocas, Cha rabh fhios aige caidé a dhéanfadh sé ach bhí an bheartaíocht ann.. 1578 51.  cf. *drochbheartaíocht

*beath, 1. Ainmhí, beithíoch qv., Chonnaic daoini caiple dubha, glanceáilte, amuigh ag loch.. Bhíod siad a'siubhal ar bhruach na locha. Da mbeitheá marcuigheacht i loch ar bheath a thainic uatha, bháithead siad thú. 311 23.  (glanceáilte,"sighted"??) bhí sé amuigh lá amhaín leis na baha.. 311 55.  d'imthigh beath beag amach as faoi a' reathaidh a dtugann sinn an easóg uirthí. 311 81.  2. Beath chapaill, (capall), Bhí lorgacha ginieacha ar bhó.. agus lorg na nginieacha ar bheath-chapaill.. Luighe siad ar ór. 311 32.  Beath capaill a' bith a deanfaidhe dó é, bhuinfead sé'n rása. 311 83.  

*beáthach, *beathadhach, 1. Capall, seo dhuith mo bheathach agus mo shraon.. 311 140.  cha rabh an dá bheathach dhubh ábalta an hearse a bhógú.. 311 142.  cóiste ceithre mbeathach 311 204.  cóisde ceithre mbeathadhach.. 1184 286.  D'iarr sí air annsin a bheathadhach a cheangal do'n doras.. 1184 296.  bhí an dá bheáthadhach réidh fá n-a gcoinne—dhá bheádhadhach rása. 1184 472.  Luigh Seórsa anonn le béathadhach Sir Reamonn agus léim sé isteach sa diallaid.. 472 361.  ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307.  2.Beáthach eallaigh, (bó,tarbh, bullán etc.), Luigh beathach eallaigh ar an ór. 311 169.  Bhí beathach eallaigh dá cuid in eabair. 311 177.  go rabh beáthadhach eallaigh aige a bhí indiaidh stiugadh agus gur mhaith leis á cur i bpoll.. 1170 33.  3.Ainmhí,

beo, dúil ar bith, An bhfuil tú a' díol a bheathadhaigh (bó) sin? 1184 307  nach gearrfhiadh saoghalta a bhí ins a' bheáthadhach seo ar chor ar bith… 1184 534.  ar shiubhal le gunna a scaoileadh beathadhaigh beaga.. 472 4.  ar an phláta roimhe sin bhí na trí bheáthadhach bheaga éisc a ba deise a chonnaic duine ar bith ariamh. 1184 588.  níl a'n bheáthadhach éanlaith ar a' dómhan.. 472 106.  an rabh an bheáthadhach éanlaith ar a' dómhan beó.. 310 373.  dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann ariamh beathadhach éanlaithe ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine saolta, gan gléas a thabhairt dó a bheo a chosaint agus gheobhaidh Diarmaid agus Gráinne gléas mar a gcéanna. 1538 102.  

*beathaiste, Beathaithe, Tá sé coithte go maith, " tá sé beathuiste go maith". 420 216.  

*béim1, Bíoma, bhí béim mór amach .. ós cionn na binne..

chuaidh sé amach ar chionn an bhéim.. 1185 582.  

*béim2, Béim leataobh, (leathmhaig?), Cailín.. Scailliogánta fada buidhe / Cuislí ina súile, béim leathtaoibh ar a ladhra / Agus geárradh bróige ar a gurrún.. 1170 21.  

*beireann, 1.Beireann chuig, (tugann do na bonnaí é, imíonn 'na rith), bheir sé chuicí an méid a bhí ina corp gur bhain sé an baile amach.. 472 99.  2. Ba dheacair, dhoiligh breith air..gan..(a),(is annamh a bhéadh.. gan..), Ba dheacair breith ar theach ar bith gan gráinín mine a bheith ann.. 1170 394.  (b), (ba dheacair é thuiscint), ach gur dhoiligh breith ar a gcuid teangachaí. Bhí corr fhocal acu ar dhoiligh breith air. 1791 46.  3.,Ag breith air, (ag dul i bhfeidhm air), Tá an bealthadh a breith air anois.. agus nuair a gheobhas sé greim i gceart gheobhaidh sé faoiseamh. 1184 421.  4.,Ag breith as, (ag imeacht), Bí a breith as anois.. comh tapaidh 's is féidir leat é.. 1343 254.  

*beirt, Dhá cheann (rud), Fear a dhíolfadh pighinn, 's fear a dhíolfadh beirt agus fear a dhíolfadh triúr agus fear a dhíolfadh seisear.. 472 398.  Bhí súiste ná beirt crochta i n-áirde ar phionna ann. 1343 221.  

*beitheach,Beo beitheach, (treisiú: beo (murab ionann agus marbh), Bhí Seán annsin beo beitheach agus é a bualadh. 1184 501. d'éirigh an clibistín beo beitheach mar bhí sé ariamh. 1185 252.  Cha rabh sé i bhfad a séidiú gur thóisigh an bhogadach aicí-se, agus cha rabh sé i bhfad gur éirí sí aniar beo beitheach. 1578 57.  

*beo1, 1. Maireachtáil, Tháinic Seán bocht isteach agus 'na dhiaidh sin ní rabh beo ar bith air 'sa teach léithe-se. Ní tháinic leis a bhéal a fhoscal nach rabh sise anuas 'sa mhullach air agus ag éagaoin air. 1184 515.  2.Dóigh, cineál beo, (bealach maireachtála, cineál iompair) Bhí fhios acú.. fá an dóigh bheo a bhí ar dhaoiní. 1185 319.  (an bealach maireachtála). an é sin an cineál beo atá ort.. indiaidh mise do thógáil go cúramach muirneach.. ? 1343 253.  3. Beo gaoithe, (cóir gaoithe, puth?), Nníl a'n bheó gaoithe ann. 420 246.  4.Beothaí tine, (aibhleoga, aithinní), Cha rabh Sábha le fáil. Chuaidh na haibhleógaí amach á cuartú—na beodhaí tineadh mar deir siad héin. Ní rabh leithéid na lasán seo eile ann—na flashannaí na leithéid sin le fáil.. 1791 186.  5.Ag iarraidh an beo a choinneáil ós cionn anmhairbh, (ag iarraidh ar an gcaol chuid), ..ag iarraidh an beo a choinneáil ós cionn an mhuirbh. Fear a mbéidh muirighín mhór aige agus streachailt an t-saoghail aige ag iarraidh greim bidh .. a sholatar daobhtha.1184 91.  6.Beo air, (ag brath air mar bhia), Féadaim a rá go rabh daoine beo air (iasc) rith an Chorgais.. 1835 367.  

*beo2, 1. Bíonn beo.. (a), (maireann), d'íosfadh sé an sleabhac agus a' brachán agus nár dhoiligh a bheith beo ar sin héin.. 1791 64.  chaithead siad a bheith beo agus chaithead siad scilling a dheánamh.. 1791 81.  (b), (riarann beatha, iompar), mar dtig libh a bheith beo mar is cóir, fágfaidh mise sibh ar fad. 1185 295. (..sibh féin a iompar mar is cóir.. ) 2.Beo ann féin, (ag maireachtain as a acmhainn féin, "self-sufficient"), roimhe an droch-shaoghal bhí na daoine beó ionnta fhéin agus ní rabh dadaidh a teacht isteach a chor a' bith. 310 369.  Ní rabh bláth ar bit ar an tír seo ó shoin, ach roimhe sin bhí 'ach uile sheórt ins a' tír agus iad fhéin beó ionnta fhéin. 310 370.  3. Spleodrach, bhí sé laghach, beó, agus dóigheamhail. 418 39.  4. Ar fad, le cuimhne bheo, Bfhéidir go dtiocfadh an iomghaoitheach seo agus a' lá a ba chiúine beo a bhí ann.. 1791 339.  5.,Beo beitheach, (i mbeatha agus i sláinte), Tá sé beo beitheach agus tá mac óg aicí.. 1343 252.  

*beoú, Adhaint, lasadh suas, Chrom sé ar an teallach a bheodhadh suas na teineadh.. 1170 396.  

*bheir-, bhéarf- :tugann

*bia, 1., Béile, cha bhéadh acu ar a trosgadh tréidhinistrí lá den tseachtain.. agus bhí sé deánta acu sin a dhéanamh le dhá bhia. 1835 354.  2.Bia trá, (soláthar cladaigh, cnuasach trá), Tá bia trá atá íontach maith ag an Fhéil Pádraig. Tá an slabhac mar deir siad héin le slabhac sleamhain.. 1835 239.  

*bídeach, An-bheag, bhí sé cam crotach, fear beag baoideach.. 311 264.  ach go bhfuil cuimhne agamsa mé héin rud beag baoideach  air.. 1791 51.  

*bildeálann, Tógann (foirgneamh etc. ), Bhí sé a "buildáil" caisleáin.. 310 83.  d'iarr sé air cúirt agus cathair a bhuildáil.. 311 299.  bhí'n teach seo buildáilte agus a' chúirt is galanta a chonnaic a'n duine ariamh.. 311 299.  

*binn, 1. Aill, bhris a' bata léihi agus thuit sí síos a' bhinn. 311 205.  bhuail sí buille do'n t-slat draoidheachta ar a' bhinn agus d'fhosgail doras isteach. 311 274.  2. Ciumhais, imeall, bhéarthaí sin (cáithleach) isteach .. agus chuirthí sin le binn na tineadh, agus bfhéidir go mbéad sin agu binn na tineadh thuas i gcúl bhinn a tseamra.. tá sé an -te go dtí go n-éireochadh sin comh cruaidh chóir a bheith le clocha beaga.. 1835 323.  

*binneog, Píosa (gearrtha as rud), chuirthí isteach giota eile í (eag) ins a dóigh a mbainthí an bheannóg seo amach as cluas an ghamhna.. 1835 288.  

*biocán, Coimeádán adhmaid (sic biocóid?), Fheil Pádraig ba ghrách leo rud a dtabharad siad na biocáin orthu.. an seórt a bhí ins na biocáin bhí siad deánta de ádhmad, agus ba ghrách leo pota mór brachain choirce a dhéanamh agus dhortaí isteach ins an bhiocáid  seo é, agus dheánthaí poll i gcroí na biocóide  agus bhéarfadh gach fuile dhuine leis spáin agus shuífead siad thart ar a bhiocóid seo. 1835 247.  

*biocóid, b., Buicéad dheánthaí poll astoigh i lár·na biocóide.. 1791 213.  

*bíonn, 1. (Foirm na haimsire caite mar mhodh choinníollach), dá mbeitheá ábalta sin a mharcáil síos ins a leabhar, bhí sé i gcónaí i bprionta.. 1791 70 . bhí ball amuigh agatsa agus bhí ball amuigh agamsa chuirfeá sin ort.. 1835 409.  2.(Foirm na haimsire láithrí mar aim. fháis.), " Béidh mise a teach 'un toighe seo.. fad agus tá an bhean seo ann.." " Bhail cha bhíonn tú.." 1791 229.  3.A bhí ar an.. (bíodh sé ar an..), má chuireann tusa do chroí agus do staidear  ins an éadach seo a bhí ar a bhóthar, bhí ar a ród ná bhí ar a bhealach mhór is cuma caidé tá leat tá sé ag gabháil a do shábháil. 1835 193.  

*bior, Bior siocáin, (coinneal reo), Bhí sé 'na bhior siocáin go dtáinic nádúir an lae agus go dtáinic nádúir casgartha. 1185 641.  (bhí sé préachta leis an bhfuacht.. )

*bis, Bís?, Corr ribe a bhí air bhí siad cómh láidir le bis. ("used by shoemaker for sewing"). 311 116.  

*bisíonn, Feabhsaíonn, goidé rinn ach an fear biseadh ó sin amach.. 472 507.  in áit a bheith meath 'sé'n rud abhí Jack a' biseadh.. 311 369.  ..go rabh spéarthaí geala an lae isteach ar an fhuinneóig, agus gan an scéal ach a' bisiú. 1170 192.  

*bith, 1. Cá bith, ((Is cuma) pé, cad é..), cá bith dóigh a bhfuair siad amach.. 1184 286.  Thug sé do cá bith a d'iarr sé .. 1184 497.  Cá bith adeir tusa.. tá mo chroidhe ag innse domh.. 1185 267.  cá bith eile fá na Sasanaigh tá an múnadh ortha.. 1170 453.  Mhairfeadh ceann dena scuaba sin go dtí go mbéad sé comh garbh agus go sílfeá gur giotaí "weair" a bhí ann. Chaithfead sé comh maith sin cá bith cineál fraoich a bhí acu. 1791 42. cá bith caidé mar bhí an créatúr ar a sheachnú a chéad-uair, bhí sé dhá uair 'n dhiaidh seo ar a sheachnú ní ba mheasa. 1791 241.  2.Má bith chomh.. (pé ar bith chomh..), má bith comh gasta agus chuir sí Oscar agus Oisín a chúl a gcinn, chuir sí Fionn ar chúl a chinn lán ní ba ghaiste. 1538 119.  

*bladaire, "Duine plásanta a bhfuil a lán béil bháin ann, a flatterer". 1184 105.  

*bladhaire, Lasair, chuir sé teinidh sa chárnán agus rinn sé blaighre millteanach. 1184 558.  a bhárr a sháthú isteach 'sa teinidh go dtáinic blaighre air. 1185 23.  d'imigh sé in áirde sa spéir, agus mar bhéadh blaighre tineadh ann d'fhág sé é. 1791 168.  

*bladhrach, An-lasrach, Nuair abhí'n teine bladharach, "when the fire was ablaze." 420 246.  

*bláfar, 1. Néata, críochnúil, ba mhaith liom go ndeánfá obair mhaith, agus obair bhláthmhar. 1184 343.  an áit a mbéadh bean bláthmhar a dtiocfadh léithe fhéin éadach a dhéánamh.. 1185 195.  "Bean shalach, nó duine nach dtiocfadh leis rud ar bith a dhéanamh go bláthmhar." 1184 121.  duine nach gcuir slacht nó gné bhláthmhar ar a ghroithe cosamhail le dhaoiní eile.". 1184 185.  2. bhí bean 'a toighe ag éileamh agus bhí mrá láthmhara ins a' room an áit a rabh siad a' dréim leis an darna duine cloinne. 1185 432.  (mná cabharthacha?)

*blagadán, 1. " Duine a mbéadh blagóid air.." 1184 105.  2. "fear óg sean-aimseardha.." 1184 105.  3. "Fear leath-aosta a bhéadh a brath ar chailín óg (term of contempt)". 1184 105.  

*blagóid, Ceann maol, blagaid, bhí sé 'n-a sheanduine agus bhí blagóid mhór air. 418 223.  Blagadán, "duine a mbéadh blagóid air.. 1184 105.  

*blainsneog, "Bogberry" fgb, Fil: Baint crotha 's caora-sréana 's blainsneógai sa fhraoich.. 472 345.  

*bláith, Bláthach, Fuair sé dornán do scidíní fuara agus braon do bhláith lóbhtha.. 311 354.  

*blandar, 1. Plámás, eadar bhagairt agus bhlanndar thug Brian an coinín dó. 1578 54.  2. (Mar a.bhr.) Bhí sí 'á bhlanndar ar 'ach uile dhóigh.. 418 256.  Diúgaire, "Duine a bhéas ag gabhail duit ar fad ag iarraidh do bhlanndar agus tabhairt ort rud ínteacht a dheánamh nó a rádh, a coaxer." 1184 123.  

*blasta, Plámásach, "..duine blasta a bhéadh ag iarraidh rud ínteach a mhealladh ó dhuine le béal bán". 1184 133.  

*blastacht, Plámás, chuaidh sé a bhlastacht leis agus bhí sé an-deas ar fad leis agus.. shílfeá gur leat fhéin uilig é. 1185 444.  

*bláth, 1. Blas, dea-insint, .. ag innse an scéil sin chuir sé aoibhneas.. ar do chroidhe a' croiceann agus a bláth a chuiread sé air. 472 412.  2. Rath, toradh, Ní rabh bláth ar bit ar an tír seo ó shoin, ach roimhe sin bhí 'ach uile sheórt ins a' tír agus iad fhéin beó ionnta fhéin. 310 370.  bhí siad a deánamh go rabh sonas, go rabh bláth go rabh rath agus go rabh tróicaire agus farrsaingeacht ag gabháil fríd a' teach.. 1835 382.  3.,Bláth beag fearthainne, (beagán fearthainne), Rinn sé bláth beag fearthanna indiú, "Chuir sé fearthainn bheag nár mhair i bhfad" 1184 15.  

*bléascann, 1. Bladhmann, lasann suas, Bhí'n teinidh a bléascadh san am sin. 472 704.  2. Brúchtaíonn (as faoi thalamh), thriomuigh an tobar agus bhléasg sé aníos i n-áit úr. 418 259 .

*bleid, "An impertinent fellow, a flatterer, a wheedler" (Teilionn). 1184 105.  

*blióg, "Fear a chanas agus a oibrigheas mar bhéadh bean".1184 107.  

*blíonn, Crúnn, Ní rabh an sáspán an bhainne blighte aicí.. 1185 472.  Bhí umh bhréagh bhainne fúiche, agus bhí sé mar bhéadh bó nach mblighfí ar chor ar bith ar maidin.. 1170 170.  Éirigheadh bean agaibh.. agus blighigidh an gabhar seo.

1538 42.  ..na butaí a bhí acu fá choinne blighe blighe an bhainne fadó shin. 1791 100.  

*bliota, Cúr?, an tara tonna tháinic sise anuas orthu 'na cineál de bhliota bhán, agus chuir siad an curach thaire na chorp. 1791 154.  

*blitín, Sort bata, Ach bhuailfinn-se buille de'n sticín, de'n bhlitín / De'n steafóig chaol chróin/ Nó de'n bhonnsóig fada mhór.. 1170 21 .

*blocálann, Téann i bhfostú, greamaíonn, bhlocáil a casúr a bhí ag cur ar shiúl na n-urchar. 1791 198.  

*blocán, Gallán? bheiread sé leis blocán mór thíos ag bun a' chruic agus iomcharochad sé é suas go dtigidh na bhárr.. 311 234.  

*blosc, Fuaim ard, nuair a shuidh sé síos ar an chathaoir rinn sí trí bhlosc, agus shíl sé gur thuit sé síos go talamh. 1184 401.  

*blús, Gáirméad coirp mná, Bhí blousannaí  déanta dó,agus bhí scarafaí cinn deánta dó.. 1791 260.  

1, Díol na Bó, (cluiche tórraimh), .. go rabh an t-am toisiú ar na cleasannaí—bfhéidir cur thart a' chnaipe. Bhí cleas eile acú a dtugad siad Díol na Bó air.. 1185 178.  

*bó2, Ó bó bó!, (intriacht uafáis), "Ó bó! bó!", arsa seisean, "goidé 'tá deánta.. ?" 472 152.  "Ó bó! bó!" adeir a' fear bocht, "ní dheánfaidh muid sin.." 472 159.  

*bob, Cleas, shíl tú gur bhuail mé bab ort, ach chá deárn.. 1184 379.  thosuigh na gáiridhe acu fá'n bhab a bhuail siad ar an comhursanaigh.. 1170 408.  bhéarfaidh mé lom lán mála óir duit má bhuaileann tú bab maith ar an mhinistir.. 1170 416.  

*bobáil, Caochadh tapa (na súl), Caidé is guiste nó na ghaoth? Babáil na súl. 1170 309.  

*bobaireacht, Cleasaíocht, caidé a bhí a' teacht orthú cá cé a bhí a' babaireacht orthú. 1185 375.  tá tú a babaireacht ormsa fada go leor ach cuirfidh mise deireadh leat inniu. 1578 59.  bhí siad a babaireacht air agus á chaitheamh ó thaobh go taobh an bhealaigh mhóir.. 1835 27.  

*bóblachas, Bóblachas, "mórtas". 420 221.  

*boc, 1. Rud, diúlach (neamhshaolta), Bhí árdán uasal 'san áit a dtáinic siad air-san agus bhí sé a smaoitiú .. gur cóisde sidhe a bhí 'sa bhoc. 1185 63.  Bhíodh eagla orthú go mbéadh na boic dhubha (diabhail) ag fanacht leis.. 1185 67.  Achan steall a gcaitheadh sé.. ligeadh an boc a bhí thuas béic as. 1791 433.  2.Buaileann boc air, (a), ( buaileann barr air, sáraíonn, chá rabh gníomh gaiscí dá deárn a'n fhear ariamh nach rabh sé ábalta boc a bhualadh air. 1185 562.  Chá rabh ceird ar a t-saoghal nach rabh fear ar a' Bheáltaine an uair sin a bhí ábalta boc a bhuaileadh uirthe.. 1074 16.  (b),(buaileann bob, cleas air), cá bith boc a bhuail sé oraibh-se bhuail sé a sheacht n-oiread orm-sa. 472 480.  Bhuail cleasaidhe ínteacht boc ar Pheigí Néill anocht. 1170 400.  Gealtán, "fear atá tugtha do bhualadh boc ar a chomhursa". 1184 131.  3.Buaileann boc thall agus boc abhus air, (áitíonn air), Bhuail siad boc thall agus boc i bhfos ar an ghasúr a deánamh nach rabh maith do'n ghasúr ann. 472 127.  4. Boc gabhair, (pocán), ..go rabh sé comh crosta leis a bhoc gabhair.. 418 79.  

*bocht, 1. Dona, uafásach, .. go bhfeicthear domh gur bocht an t-ármach atá tú a dheánamh annseo.. 1184 455.  bhí na madaidh ruadh a' deánamh scrios bocht ar uain óga. Bhí siad a' bánú an chruic agus chá rabh deánamh orthú go bhfágfad siad ceann beo. 1185 25.  tá sé bocht á thionntogh amach. 1185 457.  bhí 'n tormán leis a bhí bocht agus na "tins" a greadughadh thiar air.. 472 247.  Bhí sgaithteacha bochta faoi'n dream a bhí astoigh nuair a chonnaic siad an marbhánach ag éirghe aniar 'sa leabaidh. 1170 408.  Ba bhocht leis é dheánú, "he thought it a pity to do it."420 243.  2. bhochta Dé, (i ndrochstaid), Cha dtiocfadh le fear fuinneóg úr a chur isteach ina theach gan cead a fháil ó fhear a' gheárrtha, agus mar dúirt mé bhí siad fá bhochta Dé acu. 1578 77.  

*bochtán, Na bochtáin, "the poor". 420 262.  

*bocsa, Ina bhocsaí, (ina chaidhtí chrua), thuit an scruth anuas 'na bhocsaí dó'n pháiste, agus ó'n lá sin .. ní tháinic a'n dath scruth air. 418 257.  

*bocsáil, Dornálaíocht, " An bhfiacha tú cor?".. "Is cuma liom coruigheacht nó bocsáil" 311 35.  bocsáil agus troid láimhe a bhí ag gabháil an t-am sin agus chan sleaghacha.. 1791 249.  

*bodach, Duine uasal, boc mór, Bhí sé 'na bhodach mhór agus achan chumadh air go rabh dóigh mhaith air. 1184 554.  go deárn a gcuid óir bodach de Mhac Caisleáin.. 1185 370.  bhí sé i dteach mhór a'n oíche amháin agus chonnaic a' bodach mór abhí ann.. 311 420.  

*bodalán, 1. "Duine gan mórán fios groithe, Churl" 1184 107.  2. Budalán, "Fear beag íseal daingean, corpulent man". 1184 109.

*bodhmán, "Fear uascanta". 1184 107.  

*bodhrann, Badrálann, Níor chuir sí barradh mór air. "Níor chuir sí chuige nó uadh; níor bhodhruigh sí a ceann mórán fá dtaobh dhe." 1184 23.  

*bodhránacht, Bodhránacht an lae, (breacadh an lae), nuair a bhí bódhránacht a' lae teacht.. 311 230.  Nuair a bhí an obair seo uilig críochnuigh acú bhí bodhránacht an lae ann. 1538 88.  

*bodóg, Bodóg (mhara, leathaigh), (slat ghairid feamainne), an leathach uilig go leir cruinnigh' isteach aige agus na budógaí mara uilig go léir cruinnigh isteach aige.. 1835 436.  a chaitheamh isteach a chuid leathaigh agus a chuid budógaí i mullach na tineadh. 1835 437.  Bhíodh na fir a tógail na mbudóg rith a' Gheimhridh agus á n-iompar aníos go bárr an dóirlinne. 1074 5.  cruacha budóg leithigh tirm le dóghadh.. 1074 5.  

*bog, 1. Go bog agus go crua, (ar ais nó ar a éigin), D'fhéach siad go bog is go cruaidh go gcoinneochad siad mé ach ní fhanochainn a chor ar bith. 1184 366.  D'fhéach siad go bog agus go cruaidh go bpógfad siad é.. 1185 618.  2.Bog te, (gan rigour mortis) bhí an bheirt bog te agus ní rabh fhios aige caidé a tháinic orthu. 1538 46.  go rabh siad bog te ar fad—gur chuir sé isteach i gcórtha iad agus go rabh siad astoigh thuas ins an tseamra seo. 1538 47.  

*bogadach, 1. Bogadh, corraí, Cha rabh sé i bhfad a séidiú gur thóisigh an bhogadach aicí-se, agus cha rabh sé i bhfad gur éirí sí aniar beo beitheach. 1578 57.  2.Mar bh., Níor chóir creath (aspen) a bhuint. Bhíonn sé i gcómhnuí a' bogadaigh. 311 27.  

*bogaint, Bogadh, imeacht, ag iarraidh air a ghraithe a dheánamh do héin agus bogaint leis. 1791 191.  

*bogallasach, Lag, Bog-allusach, "weak". 420 232.  

*bogán, Áit bhog,(Cóiriú catha sa scéalaíocht): Throid an bheirt go deárn siad creagán de'n bhogán agus bogán den chreagán.. 1184 466.  Throid an bheirt go deárn siad bogán de'n chriogán agus criogán de'n bhogán agus toibreacha fíor-uisce i lár na gcloch nglas.. 1185 291.  

*bogann, (Cuireann duine ar bhogmheisce (ar mhaithe le rud a mhealladh uaidh), Fuair sé jar uisce bheatha agus fuaidh sé isteach agus bhog sé'n t-athair agus an mháthair agus d'iarr sé í agus fuair.. 311 113.  

*boglach, 1. Talamh bog, thóg sé'n mhuirleóg agus d'iompair sé leis ina lámh í agus chaith sé síos in a' bhoglach í.. 472 707.  Ba ghrách liom héin iad (luibheanna) a fheiceáil ins na boglachaí..1835 121.  2.Taise, aimsir fhliuch, Deirtear go slíocann éanlaithe a gcuid cluimhrigh roimh bhoglach le n-a ngob 'sa dóigh a silfidh an t-uisce agus an fhearthainn díobhtha. 1184 21.  gur cheart don aimsir bisiú.. agus ansin ní rabh ina gcionn uilig go léir ach boglach na Féil Eoin..1835 126.  má tá an bhliain ins a' dóigh a mbéadh drúchta ná go mbeadh boglach ins a spéir cá cineál de aimsir bhrúite ceo báisteach a bheith ann.. 1835 447.  

*boglán, 1. Beagnach lán, go dtáinic na comhursannaí isteach agus.. bhí an chisteanach bog-lán. 1185 282.  Chuir sé a lámh siar faoi'n leabaidh agus thug sé leis an soitheach beag seo, agus bhí sé bog-lán. 1185 509.  an teach bog-lán ag éisteacht leis.. 1170 191.  2. Boglán.. (lán .. beagnach), d'óladh an uile dhuine aca bog-lán boul de sin.. 418 231.  

*bogluchtú, Last maith, lochtú sásúil, bhí siad ag iasgaireacht go dtí go dtug siad bog lochtadh ar a' churrach. 472 395.  

*boglus,(cf. Boglas fgb, "Archusa arvensis" cfat), go bhfághaimist lán ar gcráige de bhog lus. Luibh bheag dheas bhog an bog lus a fhásas a n-áiteacha boga. 1185 384.  Is minic a chonnaic mé í i n-áit a mbéadh sugh cárn-aoileadh 'na rith agus i bportaigh bhoga.. ach bheárfaimist linn an bog-lus agus chuirfimist ar an teinidh é i mbraon uisce go mbruithimist go maith í ar ghráinín mine buidhe. .. bhrúightí sin an an bhonn bhualadh .. 1185 385.  

*bogmharú, Fíor dhrochíde, rinn siad bog-mharbhadh ar Agent Mhr Charley anseo.. 1579 229.  

*bog-ólta, Leath ar meisce, gheibhead siad oireadh ar phunta amháin agus a chuireadh bog-ólta ar t-iomlán acu. 1839 267.  

*bogreathaí, Bogrith, sodar, brostú, Sodaire, "Duine a bhfuil deifre air i dtólamh i gcionn rud ar bith dá rachaidh sé a dheánamh, agus é a bog-rathaidh  i n-áit ar bith a mbéadh sé ag gabhail." 1184 171.  

*bogsheanduine, Fear scothaosta, Diabhal i bhfad go dtáinic bog-sheanduine aníos.. 472 40.  

*boichtíneacht, Bochtanas, ..scarann an bhoichtíneacht cuideachta mhaith ó n-a chéile. 1538 94.  ní aon dhath aige sin ach an bhoichtíneacht.. 1791 266.  

*boicín, Buicín, "A rakish fellow". 1184 109.  

*boigearán, Buigearán, "Duine bog inntinneach, a cry-baby". 1184 109.  

*boilgeog, Spuaic, clog, Nuair a chuaidh a' bradán ar a teinidh bhí na boilgeógaí ar a' bhradán. 310 377.  

*boiseog, Lán boise, bheir sé ar a' léinidh agus chaith sí boiseóg uisce oirthí agus d'imthigh an fhuil.. 472 94.  

*bóitheach, 1. Cró na mbó, nuair a bhí tú amuigh 'sa bhóitheach a' ceangal an eallaigh. 1184 514.  2.Cró beag (ar bith), chuir sé uibh chirce amach as bóitheach na gcearc.. 1537 81.  

*boitseachán, "Fear íseal daingean" 1184 109.  

*bólacht, Bia le haghaidh ba, Bhí cuid mhór bólacht fá 'n teach aige, eadar eorna siogal agus préataí. 472 303.  Chualaidh Seán go rabh a chuid bólacht ag éirighe gann.. go bhfachthas dó go rabh a chuid eórna agus préataí ag imtheacht. 472 304.  

*boladh, Ag cur boladh air, "smelling him, as animals do on discovering a body" 420 265.  chuir sé malairt air, "he put a play on him to swop". 420 266.  chuirinn cáir uirthí, "I used to make faces at her". 420 266.  

*bolg, 1. Na Boilg Bhuí, (Aondachtóirí, óráistigh), Bhí na Builg Bhuidhe láidir go maith agus bhí na Finíní comh láidir an 472 426.  bhí fear thall i nGlascow .. agus ba de dhream na mbuilg bhuidhe é. 472 420.  2.Bríste bun boilg, (ball éadaigh traidisiúnta), Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian. 1170 433.  3. Tonn mhór farraige, Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172.  

*bolgadán, 1. Fear bolgmhór, "Fear, duine íseal daingean toirteach.." 1184 107.  2. I mbolgadán.. (i lár..), I mbolgadán a' mheadhon lae, "right at noon." 420 223.  

*bolgam,..a bhéarfadh bolgam do chuiteoig, (..gur ionann é i méid agus rud a íosfadh cuiteog, an-bhídeach), chonnaic sí gur tarc beag mrá a bhí inntí, a rabh soc caol cabanach uirthí a bhéarfadh bolgam dó cuiteoig.. 1170 397.  

*bollscaire, "A brawler, a boaster". 1184 107.  

*bolta, Barra a dhaingníonn glas, ..an bolta a tharraingt as an ghráta seo, agus mise a leigean amach.. 418 43.  

*bomaite, Ar an bomaite, (láithreach, ar an bpointe), chumail lé an lamp arís, agus tháinic an sclábuidhe chuige ar a' bomaite. 1184 572.  

*bóna, Cufa (léine), thug sí anuas a léinidh agus d'fhuaigh sé na bónaí aicí agus d'fhuaigh sé an coileár.. 472 521.  Chuir sé a lámh isteach ins na muinchillí agus bhí na bónaí fuaighte agus ní bhfuighead sé a lámh isteach ionnta. 472 563.  

*bonara, (<Bow and arrow), bhí bonara aige.. go rachad seisean amach .. leis an bhonara agus go scaoilfeadh sé an gaduidhe. 1184 425.  chuaidh sé a dheánamh bonárannaí.. 310 16.  chaith sé an bhliadhain go h-iomlán a deánamh bonaras agus ag cóiriú bróg. 1170 40.  chocáil an fear eile bónara léithe agus rinn sé céad giota daoithe. 418 4.  

*bonn, 1. Baineann na bonnaí as, (ritheann ar chos in airde), bhí siadsan a baint na mbonnaí as go tuigh. 1185 241. a tabhairt seans dona daoine a bhí ag gabhail don téaghadh na bonnaí a bhaint as. 1791 78.  2. An chuid den bhróg faoi íochtar na coise, Sfh:, Is feárr duit péire bonn nó dhá phéire uachtar. "an rud adeirtear ag cur síos ar rásaidheacht". 1184 32.  3.(Agall.), Mo bhoinn is mo dhorn!), Mo bhoinn agus mo dhorn.. níl mé ag gabháil a mharbha mo shé shearraigh déag duit-se.. 1791 396.  

*bonnachán, 1. Féasta beag (príobháideach), bhí sí a' déanú réidh bonnachán ar dóigh feóil, cearca agus buideál uisce-bheatha acu agus achan seórt do'n t-seórt sin abhí 'sa teach.. 311 251.  2. Stór bia, is deacair do'n bhonnachán mairstean nuair a bíthear a tarraingt as ar fad agus gan ag cur a dhath ann. 1170 395.  

*bonnbhualadh,Tinneas, cloig ar bhonn na coise de bharr siúil cos nochta, Bhíodh bonn-bhualadh orainn darna achan lá agus sin an áit a mbíodh an phian.. 1185 384.  chá bhéad sé i bhfad uilig go mbéadh an bonn bhualadh léigheasta. 1185 385.  

*bonnóg, Císte, rinn sí bonnóg aráin choirce agus chuir sí ginidh isteach in achan órdlach daoithe.. 1184 363.  .. a' tarraingt air na bonnóige agus dhá síneadh chuige. 1185 594.  rinn sé tuairim ar dhuisín bonnógaí arán min-chruaidhghil. 310 333.  chuir sé ceist ar Fheidhlimidh Cham caidé rud sin."Tá", ar'seisean, "sin bonnóg aráin choirce." 1538 74.  

*bonsach, Stócach glas simplí, Bonnsach, "Duine uascanta gan mórán titeamais" 1184 107.  

*boránaí, Breacadh an lae, Leis a' bhoránaí, "at dawn". 420 235.  

*bord, Tarbh boird, (..beathuithe, oiriúnach don bhord??), bhí 'ach fuil fhear acú a' cur séideóige as agus ní thiocfadh leat comórtas ar bith a thabhairt dhó ach go díreach mar bhéadh tarbh bóird! 1185 572.  Féach bordaí.

*bordaí, 1. Thart faoi, Nuair a shiubhail mé bórdaí fiche slat ar an bhealach mór mhothuigh mé an tuaragán íontach arais.. 1170 34.  Tháinic an fear seo isteach chuige bórdaí an ama a mbéadh an t-Aifreann dá léigheamh. 1170 48.  2. Ar bhordaí, ar bhord, (ar tí), nuair a bhí Mícheál Ó Maoilchiaráin ar bhórdaí a ghabháil a luighe.. 1579 210.  Leig sí amach go rabh sí ar bhurd duine beag a bheith aici, leis an fhear. 311 459.  Ar bhurd  duine beag a bheith aici. 420 260.  

*bordáil, Ag bordáil, (ar lóistín), cailín a bhí ins a teach a rabh sé a bórdáil ann.. 310 84.  

*bordaithe, Bordaithe is ar, (thart faoi, beagnach), nuair abhí'n choinneal dóighte ach bordaigh 'sar órdlach. 311 180.  

*borrphéist, Bora-phéist, "Ringworm ar eallach—Tá borra phéist ag daoine fosta." 1184 96.  

*bos, Na Bosa Teo, (cluiche caitheamh aimsire), Sé'n dóigh a rabh na Bosa Teodha deánta chuirfinn-se mo lámh síos ar an tábla, chuirfeá-sa do lámh i mullach mo cheann-sa. Bfhéidir go mbéadh dhá chloigeann déag astoigh agus bhéadh a gcuid bosa uilig go léir astoigh i mullach a chéile agus bhí cineál de "rhyme" acu an t-am sin agus cé bith cé hair a gcríochnochadh an rhyme a bhí deántaí acusan, chaitheadh sé sin éirigh agus a dhroim a chur leis a' bhalla, agus chaithead sé seasamh leis a' bhalla agus bhí acara ag an fhear sin ina láimh—cineál de chloch ná rud ínteacht—agus bhí líne deánta ar a' bhalla acu agus chaitheá-sa an chloch a choinneáilt in áirde ca bith fhad agus a bhí dúil ag an fhear a bhí ag amharc indiaidh a ghame mar deir siad héin. Á dtiocfá-sa anuas faoi'n stríoc a bhí deánta ar a' bhalla acu chaitheá-sa an oiread seo buillí a fáil fosta. Bhí sin íontach tréan agus íontach trom ar fad ar chuid acu 1835 363 .. Sé'n bhrí a bhí acu leis an Bosa Teodha thoiseochadh an cunntas agus bhí an oiread seo uimhreacha deánta amach, agus cé bith cé'n bhos a bhéadh thíos ar íochtar ar fad bhí tusa a athrach leat 'áréir mar bhéadh na huimhreach ag gabháil—tharraineochtha do cheann agus chuirfeá ar uachtar arais í agus tharraineochadh an darna fear, déarfa mé nuair a thiocfadh an uimhir a dó amach tharraineochad seisean a cheann agus chuirfead sé ar uachtar araist í. Agus déarfa mé dá mbéadh dhá fhichead uimhir le scairtí ná deich n-uimhir is fiche le scairtí, nuair a bhéad sin raite cé bith cé'n bhos a bhí thíos ar íochtar an t-am sin chaithead sé sin tionntó thart agus an acara seo a thabhairt leis agus é chur in áirde ar a bhalla. Bhí cuid acu a tharraineochadh amach a gcuid lámha ar fad, bfhéidir a bhí suas trí nó ceathair ar airde ar eagla is go bhfúigthí thíos ar íochtar ar fad iad. Bhéadh giota gáirí ansin—gach fuile dhuine ag iarraidh a bheith ar shiúl ón íochtar. 1835 364.  

*bothóg, Bothán (sealadach), Thógad siad bothógaí.. Tá lorgacha bothógaí le fágháil sna cruic sin.. 311 195.  Bhí daoine ar buailteachas.. bhí siad indéidh an bhothóg seo a fhágáil.. 311 435.  cha rabh dhath déanta aigesean ach bothóg fód. 1791 60.  

*brachán, 1. Praiseach, Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep! 1184 70. Bidh nuaidheacht ins na h-athruigheacha mur bhfághtha ach dearnad 'sa bhrachán! 1184 66. nuair a bhainthea-sa do ghiota den bhrachán agus bhí sin go maram an dóigh chéanna a mbéadh bachta móna bhí sé comh righin sin.. 1791 213.  2.Brachán buí, (praiseach déanta as min bhuí, bhéarthaí síos canna bracháin bhuí chuige.. 1835 344.  

*bradán, Sfh:, Sláinte an bhradáin: béal fluich agus croidhe tirm! 1184 69.  

*bradarsach, Ag bradarsaigh, (Ag brádán, ag bogbháisteach), Chuaidh sé a bhradarsaí fearthanna agus spréigh sé amach an scathán fearthanna. 1538 96.  

*braich,Arbhar a bhfuil brachadh déanta air trína fhliuchadh a eascairt agus a thirmiú (roimh stiléireacht), Nuair a bhéadh an bhraith astoigh aca spréighte agus é triomuighe bhéarfad siad leó 'n mhuilinn é.. 472 687.  thainic a' fear leis a' bhraich chuca agus fuaidh sé síos agus sean-tin leis agus aibhleógaí ann le teinidh a chur 'sa chró.. 311 527.  

*braichlís, Braithlís, "wash poitín". 1184 94.  

*braiscín, 1.Praiscín, aprún le pócaí chun rudaí a iompar thart, na mrá ba ghrách leo é (crosóg) a chur isteach ina mbraiscín agus é iompar.. 1835 142.  2.I do bhraiscín agat, (in a phaisinéir, comrádaí taistil agat), Tá an diabhal .. in do bhraiscín agat-sa.. agus tá smaoitigheacha agus droch-smaoitigheach in do chionn.. 1791 413.  

*braitheann, Ag brath, (ag beartú, ag súil le), ó tharla go bhfuil tú a brath mo chur abhaile.. 472 242.  go rabh sé a brath an fear bocht a chur 'un báis. 472 242.  

*braotóg, "Fear dúrúnta gan sásamh" (Teilionn). 1184 107.  

*brascaoil, Aprún le pócaí, cf. braiscín, D'imigh sé·agus an litir leis ina bhrascaoil.. 1791 384

*brat, Anraith, Nuair a chuir an fear óg an sponóg ins a' bhrot dubhairt sé nach dtiocfadh leis an brot sin ól.. 472 318.  

*brath, A brath ar, (ag súil i ndiaidh), Blagadán.. "fear leath-aosta a bhéadh a brath ar chailín óg (term of contempt).. " 1184 105.  

*bráthar, A bhráthair, (a chara etc.), Bhí go bréugh, a bhráthair. 420 245.  A bhráthair na n-anam déug. 420 246.  A bhráthair na n-anam. 420 268.  

*brathladh, Scairt, bagairt fheargach, chuir sé a'n bhrothladh amháin orthu. Caidé 'n cat mara atá sib a dheánamh anseo.. 1538 3.  

*bratóg, 1. Balcais, thug sé leis cibe bratógaí beaga éadaigh a bhí aige.. 1185 226.  cheannaigh sé bratógaí éadaigh dóna páisdí.. 1579 212. 2. Stiall, leadhb, bhí na cosa ag imtheacht na mbratógaí fríd a' teinidh.. 472 37O.  bhí'n ceann ag imtheacht 'na bhratogái fríd an uisce.. 472 381.  3.Bratóg Bhríde, (píosa éadaigh a úsáidtí timpeall naFéile Bríde a mbíodh comhachtaí speisialta ag baint léithi dar le daoine), an dóigh chéanna a dtéigheann siad amach le bratóg Bhríde—má mhothaigh tú iomrá ariamh ar Bhratóg Bhríde. Oíche Fhéil Bríde rachad siad amach.. 1835 54.  dá dtiocfad sí isteach agus giota de bhratóg Bhríde a fháil as do theach-sa bhí an bhrí ag gabháil a bheith léithe héin. 1835 204.  

*bratógach, Gioballach, bhí an coitéir granda i gcomhnuidhe í ba bratógaighe  ná an maighistir nuair a bheithá ag a dtaobh.. 1170 5.  "Duine bratógach cifleógach atá i dtólamh i ngéibheann agus i dtrioblóid.." 1184 103.  

*breá, 1. an buachaill.. a ba bhréaghaichte ar leag sé súil ariamh air.. 1185 256.  bhí an oidhche acú a ba bhréaghaichte agus a ba phléisiúrdha a bhí acú ariamh.. 1185 450.  ní bhfuightheá cailín níos bréaghaichte ná í.. 1185 504.  2. ..go bréa, (an-..), Bhí sé tursach go bréagh agus chodluigh sé go maith go maidin. 1185 595.  

*breabhsóg, "Cailín lán croidhe a's aignidh, a lively girl". 1184 107.  

*breáichte, Breáthacht, áilleacht, thoisigh an deallramh a theacht isteach.. agus goidé bhí ann ach deallramh ó bhréaghaichte Mhary Anne. 472 145.  

*breac, Mar a bheadh breac, (go breá aibí), D'éirigh mé ar maidin mar bhéadh breac.. 1185 361.  

*breacadh,Breacadh na Circe, (cómhartha, gealadh?, sa spéir a chiallaíonn athrú, biseach?, san aimsir), nuair a tcidhfeá sonas a ghabhair ins a spéir tráthnóna go bhféadtha a bheith ag amharc amach lá thar na bhárach fá choinne lá fearthanna; agus a bhfeictheá breacadh na circe tá athrughadh air. 472 696.  

*bréagach, Bréagach thú, (thug tú éitheach). Ní rabh mé i dteach na mbocht.. Bréagach thú. Bhí tú i dteach na mbocht.. 472 40.  Ó bréagach tú!.. ní mise a rinn é.. 472 233.  

*breacadh, Breacadh an tréadaí, (breacán éigin, de éadach garbh?), chuir ortha.. dhá scarf de bhreacadh an tréadaidhe agus d'imthigh leó treasna an chaorthain.. 472 482.  bhain achan bhean aca díobhtha scarf bhreacadh an tréadaidhe.. 472 483.  

*breallaire, "A clown". 1184 107.  

*breallán, "Duine amaideach". 1184 107.  

*bréidín, Bréidín duilleogach, (cuid de bholg bó), Biadal, Bearrad a' Rí, Bréidín duilleógach, "Cow's three stomachs". 420 239.  ("tripe?")

*breithiúnas, Breith, cinneadh (breithimh), Cuireadh féacháil air ansin, agus ba dh-é an breitheamhnas a tugadh air.. 1538 8.  

*brí, 1. Cúis, fáth, D'innis sé an rud céadna annseo—bríogh a shiubhail.. 1185 486.  innseochaidh mé duit-se caidé bríogh mo shiubhail-sa..1185 500.  d'innis sé dó'n t-seanduine goidé brigh shiubhail. 310 352.  fiafruigheadh daofa caidé bríogh a siubhail. 1538 7  Chuaidh siad chuig caisleán Chormaic Mhic Airt, agus chuir siad bríogh a siubhail ina láthair. 1538 99.  2. Neart (biotáille), nár mhillteanach an bhrigh a bhí sa rud a bhí ann nuair a d'imigh an tor sa spéir agus ní fhachthas ó shin é. 1791 78.  3. Saintréith, pabhar speisialta, dá dtiocfad sé isteach agus giota de bhratóg Bhríde a fháil as do theach-sa bhí an bhrí ag gabháil a bheith leithe héin. 1835 204.  Chuiread siad síos na neanntógaí fá choinne an bhrí a bhaint as dón mhuinntir seo a bhí ag tabhairt leo an uisce. 1835 395.  Dá mbainead siad goil as bhí an bhrí acu agus ní tharlochadh aon ina láthair. 1538 99.

*briathrach, Dealabhartha, ní rabh a dhath ar a theangaidh, nó bhí sé ar fhear comh déagh-chainnteach, briarthach.. 1170 48.  

*bricín, ? Sfh: Oidche Fhéil Brighde bricín / Bain a' mhaoil de'n phaiteoig / Agus tabhair a sháith do'n dailtín. 1184 19.  

*briolscaire, Briollscaire, "Busybody, a meddler in other people's affairs". 1184 109.  

*brillín, "Fear a bhíos a cainnt ar nós na mban, (an effeminate dribbler)." 1184 107.  

*brilseach, Briollsach, "Bean a mbíonn tuile liag de chainnt gan stuaim aistí ar fad, a contemptious prattler." 1184 109.  

*brionglóideach1 1. Taibhreamh, tá tú cómh críonna leis an fhear nár iomaduigh a'n scéal ariamh agus nár innis aon bhrionglóideach. 311 139.  bhí a'n fhear amháin ann agus rinn sé seo brionglóideach agus rinn sé seo brionglóideach an -ghéar ar fad. 1835 257.  2.Ag brionglóidaigh, (ag taibhreamh), Caidé a rabh mé a brionglóidí fá dtaobh de? 1538 9.  

*brionglóideach2, Lán de thaibhrimh, is millteanach an oidhche bhrionglóideach a rinn tú aréir.. 1538 10.  

*briseadh, 1. Briseadh (airgead), (roinnt airgid), bhí briseadh airgead acú má fágadh go lag fhéin iad.. 1185 557.  díolfaidh mé í (bó).. agus bfhéidir go bhfuighinn briseadh oirthí a chuideochadh mo thabhairt 'un siubhail. 472 256.  fuair sé briseadh beag airgid oirthí. 472 256.  chruinnigh siad briseadh maith airgid. 1170 407.  Ní bhfuair sé díolachán ar bith fhaid is a bhí sé ann, ach am ar bith a rabh briseadh ná airgead póca a dhíoghbhail air. 1538 35.  2. Cath, chruinnigh sé suas a chuid bonaras, agus chuir ar a dhruim iad agus bhain an briseadh amach. Nuair a bhain sé amach iad bhí an fear mór agus a chuid cuidigh chóir a bheith buailte. 1170 40.  bhuail an briseadh annsin eadar é fhéin agus an mhuc.. 418 28O.  

*briseann, Ag briseadh litreacha, "breaking open letters", 420 241.  

*briste, Soinseáil, briseadh (airgead), cibé briste a bhí aige thug sé 'na bhaile 'soir bhean a' toighe é. 1579 212.  ..cibé (airgead) briste..?

*briste, 1. Cráite, diomách, bhí seisean comh briste léithe fhéin fá'n rud a tharluigh.. 1170 404.  2. (madraí).. agus a n-anáil briste (le teann reatha) 1184 532.  3.Briste isteach,(tugtha chun míneadais), Béidh sí briste isteach ansin agus béidh a sáith luthghaire uirthí suaimhneas a fháil le luighe síon ar a leabaidh. 1538 12.  

*bríste, Bhí a bhríste lán gaoithe. "Tá sé bródamhail beaduighthe, asus sílidh sé móran de fhéin". 1184 40.  

*broc, 1. Broc de dhuine, (duine gan sásamh), 1184 27.  2. Brus, brocamas, Bhí móran de bhroc thirm ins a bhóitheach agus thug sé "match" dó.. 472 21.  

*brocach, 1. Glas, (bán-liath, ar dhath an bhroic), Chuaidh mé i n-áit a rabh leár de chaoirigh brocacha.. 1184 413.  2. Glas caorach, Ba ghráthach leis an táilliúr brístí brocach a chaitheamh agus bhí mo dálta fhéin air bhí ceann bán liath air.. 1185 54.  Bhí an ceann bán air agus na brístí brocach. 1185 55.  Chan fheictheá ach cultacha brocacha uilig go léir dá dheánamh baile. 1185 197.  chuir siad culaith deas de bháinín bhrocach orm.. 472 39.  

*brocaigh, Nead, poll mhadra uisce; brocach, Rachadh cupla fear le forcannaí 'san áit a measfad siad a rabh an bhrocaigh.. 1185 193.  

*brocaire, Duine beag ramhar?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21.  

*bródúil, Treallúsach, Bhí a bhríste lán gaoithe. "Tá sé bródamhail beaduighthe, asus sílidh sé móran de fhéin". 1184 40.  

*brógaire, "A shuffling tramp". 1184 109.  

*broideann, Brostaíonn, gríosaíonn (go híseal), Bhruid sé amach a' mac, "he nudged the son to come out". 420 242.  

*broideadh, Piocadh éisc ar dhuán, .. leig siad ag builg Phádraic 'Ic Aodha agus ní bhfuair siad bruideadh nó dhath eile… 472 393.  

*brollach, Ag fáil an bhrollaigh, (ag fáil bainne cíche), tachrán a bhéas a fáil a' bhrollaigh óna mháthair—mar deir siad héin le bainne cíoch..1791 323.  

*bromaistín, "Duine gan sásamh—boor". 1184 109.  

*brosna, 1. Brus, cipíní, (ábhar tine, nead etc)., bhain sé uallach brosnaí.. 418 54.  B'fhéidir go bhfeictheá a suirighe iad (préacháin), .. ach rachaidh siad a chruinniú na mbrosna ar an chéad lá de'n mhí. 1835 270.  2.Fios bua ná brosnaidh, (fios dearfach faoi chúrsaí), Go mbéidh fios buaidh ná brosnaidh agum, "until I find out whether or which". 420 225.  

*brot, Anraith, sé 'n rud a bhí ag gabháil ar chroí an cháil seo slámán de mhin choirce, agus dheánfad siad an pota brot a ba deise a mhothaigh tusa ariamh.. 1835 307.  

*bruach:braoch, 1. Chruinnigh siad na clocha síos na bhraoich.. agus nuair a bhí siad ag 'ul isteach ins a' phort leag siad ortha leis na clocha. 472 408. (cf. Dinn, braoch "bruach") 2. Ar bruach, (in uachtar, i ndea-staid), Tá cuid de'n t-saoghal agus is cuma leo ach iad fhéin a bheith ar bruach. 1184 48.  

*brúid, 1. Ainmhí, cloigean duine a bhí ar a' t-Siolpaigh, agus ní cloigean brúid. 472 565.  2. "Duine tostach gan sásamh. A contemptous term for a person". 1184 109.  

*brúidiúil, Ainmhíoch, Ba dh-í an cú nimhe an beáthadhach brúideamhail deirionnach a d'fhág an t-oileán.. 1538 30.  dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann ariamh beathadhach éanlaithe ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine saolta.. 1538 102.  

*bruíon, 1. Troid, caismirt, an bhruighinn dheireannach a bhí aca fágadh creach mhór ar na Cúigeadh Ulaidh.. 472 309.  bhí siad a teacht aniar a chur na bruighne ar na Cúigeadh Ulaidh. 472 309.  2. Lios, goidé mar tógadh isteach ins a' bhruighinn í agus a' t-seanbhean a fuair seisean.. 311 207.  

*bruíonachas, Aighneas leanúnach idir dhá threibh, Níor chuir sin deireadh leis an bhruigheanachas ach oiread de bhrigh dó  go raibh an nimh san fheóil ag Cloinn tSuibhne agus ag na Baoghallaigh dá chéile..1538 76.  

*bruith, 1. Bácáil, Ba ghrách leofa iarannacha a dheánamh fá choinne rósadh éisc orthu agus ba ghrách leofa iarannacha a dheánamh fá choinne bruith aráin. 1791 42.  2.Loscadh, (Mallacht), Bruith theinteacha orraibh. 420 249.  

*bruitheann, 1. Beiríonn, bhainfead sé cupa sleabhaic agus bhriuthead sé cupa an tsleabhaic ar aíche  na ceilpe.. 1791 64.  2. Loisceann, Ba ghrách leo a bheith a bruith ceilpe faoi Chroc.. 1791 159.  Bhruithead siad an cheilp seo agus ansin nuair a bhíodh an cheilp seo bruite acu bhí an rud ann a dtabharad siad an aíche  air. 1791 160.  bhí siad a dréim leis an tinidh seo a chur ar obair fá choinne an cheilp seo a fháil bruite.. 1185 135.  

*bruithleadh, Broideadh, gríosadh?, "Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.  

*brúitín, 1.Meascán de phrátaí (agus d'anlann eile) brúite ar a chéile), fágann siad mias bhrúightín amuigh ag an bhinn, spiunógaí agus deireadh fa choinne na daoiní beaga Oíche Shamhna. 311 18.  .. a dtuigeann tú ludáin fá choinne ladracha (den bhrúitín a thógáil amach as an phota). ..ludáin a bheárad siad orthu sin a bhíodh acu ag ithe na mbrúitín.. 1835 96.  2.Brúitíní, (miasa de 1., cístí déanta as 1?), dórnán préataí a thabhairt isteach as an sgiobal agus dheánfaidh mé tráth maith brúitíní. 1170 396.  

*bruth, Grís, teas (ar chraicinn), .. tiocfaidh sin (ionglaid) amach mar bhéadh bruth ann—Tiocfaidh sé amach ina scraith .. má mhothaigh tú iomrá ariamh ar an scraith dhearg.. 1835 161.  dá mbéadh cineál ar bith de bhruth ar bith briste amach ar pháisdí.. chumaileochaidh ar sin é.. 1835 423.  

*bua, Fios bua ná brosnaidh, (fios dearfach faoi chúrsaí), Go mbéidh fios buaidh ná brosnaidh agum, "until I find out whether or which". 420 225.  

*buachaill, 1. Ógánach, stócach, bhíodh gasraí chóir a bheith 'na mbuachaillí sula dtéighead siad 'un Aifrinn. 418 261.  2. Buachaill bó, (aoire bó), bhí buachaill bó a dh'fheidhm air.. 311 367.  

*buachailleacht, 1. Aoireacht eallaigh, Bhí sí lá amháin amuigh a buachailleacht i bpáirc—a buachailleacht caorach.. 472 96.  Bean abhí buachailleacht i gcois srutháin roimhe'n eadrú.. 311 419.  sháith sé an bata a rabh sé a' buachailleacht leis ins an túrtóig.. 1538 29.  Bhí sé amuigh a' buachailleacht an lá seo, agus d'imthigh ceann de'n eallach.. 1184 448.  2. Aireachas (linbh), an naoidheanán a fhágáil.. agus go bhféachfaid seisean le n-a bhuachailleacht go maidin dó, agus a choimhead go maith. 1343 260.  fágadh an naoidheanán.. agus fágadh Neart Mhac Neart dá bhuachailleacht. 1343 260.  

*buaileann, 1. Cuireann suas i ngeall, "Buailfidh mé mo shiopa i n-éadan le loinge nach ndeánfaidh tú.. " 1184 334. Bhí oiread seo céadta punnta buailte aca. 472 278.  buailfidh mé soitheach agus lasta leat.. go mbéidh mé ábalta í 'mhealladh. 1538 124.  2. Seinneann, bhíodh cuid mhaith acú a rabh lámh acú ar an fhidil a bhualadh fosta.. 1170 191.  Bhí siad ábalta buaileadh ar an fhideal.. agus buaileadh ar na píobaí agus buaileadh ar 'ach fuile  ghléas. 1791 49.  3. Sáraíonn Cha dtiocfadh leat iad a bhuaileadh ag an tseanchas, ná bhí na sean-scéaltaí acu.. 1791 49.  4. Tosaíonn a bheith.., éiríonn, Bhuail a' beathach tinn, "the animal became ill". 420 262.  5.Buaileann (ag, ar, chuig), (a), tosaíonn ar, Chá dtug sise freagar ar bith air, ach bhuail an fheadalach aicí achan am dá labhairfead seisean. 1184 312.  Bhuail an bheirt tamallt ún cómhraidh le chéile, agus 'na dhiaidh sin bhuail Colm Cille ar a bheannuigheacht. 472 51/2.  Bhuail sé air agus d'innis sé.. 1185 640. leag sé a cheann ina h-ucht agus bhuail sé a shuathadh a chinn agus thuit sé 'n-a chodlad.. 472 191.  bhuail an briseadh annsin eadar é fhéin agus an mhuc.. 418 8O.  (b), tagann go dtí, Bhuail oirthí an bás agus fuair bás. 472 96.  6.Buaileann talamh, (tagann i dtír), Talamh a bhuaileadh " teacht i dtír". 420 216.  7.Suaitheann, meascann (bainne chun im a dhéanamh, nuair a bhéas an maistriú buailte agam.. cha bhíonn oiread ime ins a teach agus a dheánfas ceapaire dúinn. 1835 205.  ..agus meascán a bheith agam nuair a bhéas an bainne buailte. 1835 206.  

*buailibh, Collaid bhuailibh, <buaile?, "Bó nach mbíonn a'n ghamhain a choidhche aicí". 1184 96.  

*buailteachas, Féarach Samhraidh le eallaigh, Chonnaic mé fhín daoine as Mín a' Dubháin ag gul ar buailteachas 'na Rosa. 311 194.  Bhí daoine ar buailteachas le h-eallach ins a' t-Samhraidh.. 311 435.  

*buailtín, Maide buailte an tsúiste, gheárr sé buailtín agus lámh-chrann. 1184 344. rud a mheas sé a dheánfadh lámh-chrann agus buailtín maith. 1184 500. bhuin sé fa choinne lámh-súiste é agus a' cionn nach rabh cómh reamhar le sin bhuin sé fa choinne buailtín é.. 311 397.  ..acaraí leofa a dtabharad siad buailtíní orthú. Cheannochthaí na buailtíní seo uatha ar thrí pighne ná ar thuistiún, agus bhí cuid eile acu a bhéarfadh bataí duit fá choinne siúil. 1791 39.  bhíod siad ar shiúl fríd na coillte a baint na mbataí seo a dtabarad siad na buailtíní orthu. 1791 40.  thoiseochadh an dá shúiste go dtí go mbéadh an chruach buailte agus sin an úsáid a bhí leis an bátaí seo a dtugad siad na buailtínaí orthú. 1791 41.  

*buailteoir, Súisteoir, (arbhair), gur mharbh sé na trí buailteoirí.. 472 326.  Buailteoir maith arbhair a bhí ann.. 1343 221.  

*buaireadh, Imní, buairt, thosuigh an buaidhreadh beag agus 'a buaidhreadh mór air fhéin agus air a bhean. 472 495.  béidh a buaidhreadh ann nuair a thiocfas siad a d'iarradh an t-sagairt.. 310 337.  

*bualadh, Bualadh teanga, (scalladóireacht), Scollaid, "Bean atá tugtha do bhualadh teangtha agus fosta a scapegrace girl". 1184 161.  

*buanann, Baineann le speal, corrán etc., Iad a' buain an airbhir. 420 234.  

*buarach Téad faoi mhuinéal na bó, de luachair, d'fhéar gharbh nó tuí; ceangailte le gad do stáca 1184 52, Má tcí seisean nach bhfuil siad ag gabhail a theacht le chéile go maram go ngeárrfaidh an gad is neise do'n bhuaraigh. 1184 52.  

*buarann, Ná buair do cheann leis, (ná bac leis), Na buaidhir do cheann le do chuid pisreog.. 1170 400.  

*buartha, 1. Aiféalach, b'fhéidir go ndéanfad siad rud a mbéad siad buaidheartha fá dtaobh de. 1185 185.  Ná gabh isteach..ná má théid b'fhéidir go mbeitheá buaidheartha.. 1185 213.  "Comh buadhartha le clár a phota". 420 209.  2.Tá mé buartha.. (is oth liom a rá..), Tá mé buaidheartha go gcaithfidh tú imtheacht. 1185 152. (i.e. tá mé a rá go béasach leat imeacht). Bhail tá mé buaidheartha.. Nuair a d'imthigh mo mhaighistir amach d'fhág sé órdu agam gan déirce a thabhairt do dhuine ar bith.

*bucóid, Buicéad, go dtí go dtigidh tú go bárr na bucóide.. 1835 241.  Gráinín salainn a chur ar thóin na bucóide agus leár den dulamán seo.. a chuir ann.. 1835 241.  

*buí, (Ba bhuí bocht leis, (bhí sé thar a bheith buíoch), ghread leis amach a' cruc agus ba bhuidhe bocht leis a fághail ar shiubhal ar eagla go muirfidhe é. 311 261.  Ba bhuidhe bocht leis sin a fhághail. 420 229.  Ba bhuidhe bocht leófa an chance fhághail. 420 243.  

*builbhín, Builín, bhí builbhín leis faoi n-eascaill.. 310 314.  ..comh mór leis an bhuilbhín atá thíos annsin ar a'dreisiúr. 310 317.  ..le builbhín aráin héin a fháil. 1791 67.  Dheánthaí ceithre chuid den bhuilbhín, ach bhí na builbhíní go maram, giota níos mó ná na builbhíní atá ag gabháil anois—maram go mbfhéidir go mbéadh siad dhá phunnta ná bfhéidir ceithre phunnta.. 1791 214.  

*buimbileáir, Bimbileáir, "duine gan titeamas gan mórán céille". 1184 105.  

*buinneán, 1. Duine breá, Buinneán fir, "fear bréagh i gcosmhalacht. Cailín feiceálach fosta, Sí an buinneán aerach ar aonach í. " 1184 109.  2.Mála an bhuinneáin, (mála crochta ar mhaide ar bhacach?), is iomaidh mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin, / Mála na h-ioscaide agus mála na h-eascóide .. Gob na Déirce agus an Butterbox. 1170 22.  

*buíocán,An chuid istigh san uibh a bhfuil dath buí uirthi, .. an bhlaosc a chathú den uibh agus gan a buidheagán ná an dealagán a bhriseadh. 1538 82.  

*buíoch, Buíoch do, (sásta leis), Goidé mar bhí sé buidheach duithi? How was he pleased with her? 420 236.  

*buinse, Batáil, gabháil beag, tug isteach buinnse cótháin agus caith ins a' chlúdaigh annsin é.. 1185 460.  

*búirfí, Búireach, sé 'n bhrí atá leis an ghimneá dó mar

racha-sa a bhúirfí.. ag géimní chóir a bheith.. 1791 97.  

*búisteoir, Búistéar, béidh an buisteoir  ann agus béidh siad uilig mo dhéidh agus béidh mise (tarbh) ag cur i dtírthe agus abair thusa go dtórfa tú isteach 'na yard mé fhéin thú. 311 374.  

*búithre, Scread, glam, nuair a rinn an t-asal an búirthe.. 1185 34.  ní rabh a'n bhúrithe dá leigeadh an Fearghamhain nach gcluinfeá ins a domhan thoir. 1185 292.  Beáthadhach fiadhanta a bhí annsin.. agus achan bhúirthe dearg aige. 472 272.  nuair a bhí na trí bhúirthe deánta ag an tarbh.. 1791 303.  

*bulaí, Scoth, togha, "An bhfuil tae maith leat a John?" "Tá bolaidh," adeir sé, "an chuid is fearr do'n tae.." 1170 45.  

*bullóg, 1. Bullán, go dtáinic an búistfhear a'n lá amháin, agus an fear a bhí a amharc indiaidh na h-áite leis a cheannacht trifle de bhullógaí reamhara. 1184 356.  Bhí dúithche mór.. agus bhí sé lán bollóg agus bearach a bhí ar féarach ann. 1184 518.  bhuail sé an bhollóg agus mharbh sé í. 472 558.  2.Léim na Bullóige, ((ainm ar) chluiche tórraimh)Bhí cleas beag eile acú annsin a dtugad siad léim na bollóige air. Rachadh cúig cloigne déag 'na ródh ón teinidh amach go dtí 'n doras ná go minic amach 'na chabhsa. Chuirfeá-sa do cheann le mo thóin-sa agus do dhá láimh ar mo dhruim. An t-é a bhéadh ar chionn an ródh chaithfead sé léimnigh isteach ós cionn an iomláin—duine ar dhuine. Bhéadh fear a mbéadh beilt aige 'na sheasamh ar a chúl seo agu é á bhuaileadh in 'druim comh tuigh agus a bhí sé ábalta. Rachad seisean ar chionn an ródh annsin agus bfhéidir tóin te aige. Leanfad siad leóbhtha mar sin go dtéighead siad thart ar an iomlán. 1185 180/1.  

*bun, 1. An chuid is sia síos ón mbarr, ceann (a), préamh, rúta, Bhí cuid mhór i gceart a bhruitheadh buna dreasóg agus a d'óladh an súgh mar léigheas ar chasachtach. 1185 407.  (b), bior (táirne), clocha beaga géara.. agus buna táirní.. 1791 385.  2.Achar chun tosaigh (i rás etc. Bl. "lead"), Bhí bun maith deánta acú-san 'san am seo ach mar sin fhéin mheas sise go rabh an t-am aige-san a bheith 'sa tóir orthú. 1185 613.  3. I mbun, (le haghaidh), D'éirigh siad go leór a luathas ar mhaidin agus ghléas siad orthu i mbun an t-siubhail. 1538 41.  4. Ina bhun, (ina fheighil), D'fhan a' saghart aicí ansin ina bun go dtí go bhfuair sé aníos go lár a' toighe í. 1791 485.  5.Bun na spéire, (íor na spéire), é chur amach go bun na spéire ná oileán ar bith a rabh dúil acu áe chur ann. 1791 441.  5. Bhí mo bhun is mo chíoradh agam fhéin, "Bhí barraidheacht de mo ghroithe fhéin ag cur bhuaidheartha orm." 1184 33.  fhéin mheas sise go rabh an t-am aige-san a bheith 'sa tóir orthú. 1185 613 6. Bun na spéire, (íor na spéire), é chur amach go bun na spéire ná oileán ar bith a rabh dúil acu áe chur ann. 1791 441.

bunantas, An bunantas mór, (an t-iomlán), leoga cha rabh an bunantas mór a bhí cruinnigh' ar a' doras ach oiread ná cha rabh a dhath ann ach sé pighne.. 1835 252.  

bunastán, "Cailín stubrúnta dána dolba." 1184 109.  

bunbhó, "a fairly good cow". 420 230.  

bundail, Beart beag,(<bundle), go rabh bundle eochracha ina leihéid seo áit.. 311 385.  chas fear orthu annsin agus bundle eabharthaí leis. 311 584.  

bundlálann, Bundlálann suas, (pacálann suas), bhundleáil sé suas agus ghread leis a' bealach mór.. 311 395.  

bundún, "Duine a mbéadh a sháith dhe locht air. Barraidheacht a bheith le rádh ag duine." 1184 111.  

bung, Stopaide, corc, chuaidh sé fhad leis a cheig "Jin" agus tharraing sé 'n bung as.. 310 334.  

bunrí, Ceann na rí, leibhéal na huillinne, thrustáil sé suas a léinidh go dtí n-a bhunrigheadh. 472 556.  

bunadh, 1. Muintir, a' smaoitiú go rabh an bunadh a bhí a teacht 'n ndiaidh.. 1180 194.  2. An Bunadh Aosta, (na seandaoine), Is léar leis an bhunadh aosta nuair a deir siad na h-uanuighthe atá órduighthe ag an tobar.. 418 260.  3. Bunadh na gCnoc, an Bunadh Beag, (Na Daoine Maithe), taidhbhse a bhí inntí sin a tháinic ó bhunadh na gcruc.. 1185 190.  Bhí m'athair cinnte dearbhtha de .. gur bh'iad bunadh na gcroc a bhí ag iarraidh an fear seo a thabhairt leóbhtha.. 1170 31.  Bhí siad a leagaint amach gur bh'iad an bunadh beag a bhí ann, agus tá to dtí an lá indiú.. 1170 60.  Bunadh na gCruc a bhí a caoineadh. 418 264.  

bunrúta, Tús, bunús, dubhairt sé .. go gcaithfead sé a ghabhail go bun rúta na h-oibre a chéad uair. 1538 54.  

bunús, (Geall le) formhór, Char chodluigh sé an néall ar chor ar bith bunadhas na h-oidhche.. 1184 378.  shuidh siad bunadhas na h-oidhche go maidin.. 1185 450.  a baint de a chuid éadaigh—a mbunadhas de amach ó na brístí.. 1185 533.  Srothaidhe, "Duine siúbhalach a bhios a gcuid mhór áiteacha, ná cheart dó a bheith, agus a thig i dtír bunadhas an ama ar dhaoiní eile." 1184 177.  

búrach, Babhta, dreas, Bheir sé ar an chailín agus thug sé póg daoithe agus cuachadh maith agus chumail sé a chuid féasoige uirthí, agus bhí búrach mór acú sul mar fhág siad an bóitheach. 1184 506.  

burdún, "Páiste ó 3 -- 6 bliadhna (Gort a' Choirce)" 1184

111.  

búrthach, Screadaíl, caoineadh, Níor chualaidh tú a leithéid a bhúrthach ariamh agus a rinn sí. 1185 269.  

buta Sórt fircín, bairrle beag, Bhí siad ábalta cuinneógaí a dheánamh agus bhí siad ábalta stópaí a dheánamh, agus bhí siad ábalta butaí a dheánamh. 1791 43.  ..na butaí a bhí acu fá choinne blighe blighe an bhainne fadó shin. 1791 100.  bhí cineál—mar deir siad héin leis na buttannaí—butt ádhmaid thart ar an im agus bhí lámh amach as an bhutt seo fosta.. 1791 311.  

búta, (Ainm ar) cluiche tórraimh, Bhéad siad ag gabhail d'on bhúta agus thart a'cnaipe agus cleasannaí beaga mar sin.. 1185 179